Faoi dheireadh taibhsítear d’Fhianna Fáil gur mar a chéile le Fine Gael iad

Nach aisteach ar bhealach go bhfuil Fianna Fáil anois ag tuiscint an méid atá ag tarlú le fada do mhionpháirtithe comhrialtais?

Faoi dheireadh taibhsítear d’Fhianna Fáil gur mar a chéile le Fine Gael iad

Is mar a chéile uilig iad. Nach minic a deirtear é faoi pholaiteoirí? Faoi Fhianna Fáil agus Fine Gael go háirithe a deirtear é sa tír seo.

Ach shílfeá, ag léamh na dtuairiscí faoin scrúdú inmheánach atá déanta ag Seán Fleming faoi chúrsaí i bhFianna Fáil, nár rith sé leo go dtí le gairid go mbeadh a leithéid dá rá. Níl aon difríocht idir Fianna Fáil agus Fine Gael anois i súile an phobail agus cuirtear go leor den mhilleán ar an gcomhaontú muiníne agus soláthair a bhí i bhfeidhm le linn shaolré an rialtais dheiridh.

Nach aisteach ar bhealach go bhfuil Fianna Fáil anois ag tuiscint an méid atá ag tarlú le fada do mhionpháirtithe comhrialtais? Is ar an bpáirtí is lú a imríonn an pobal a ndíoltas agus a gcuid feirge. Níl againn ach breathnú ar an scrios a rinneadh ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ar an gComhaontas Glas tar éis dóibh tréimhsí a chaitheamh i gcomhrialtas.

Ní dheachaigh Fianna Fáil isteach i rialtas le Fine Gael in 2016 ach bhí siad sásta iad a choinneáil sa rialtas. Go deimhin chuir siad síneadh dhá bhliain leis an socrú in 2018. Déarfadh Fianna Fáil leat gur ar mhaithe le cuidiú leis an téarnamh tar éis na géarchéime polaitiúla a chinn siad fanacht sa rialtas. Ach meas tú nach raibh beagán den chompord ann freisin? Bhí siad idir dhá stól go cinnte – ní raibh siad sa rialtas ach is beag a d’éistfeadh lena gcáineadh ar an rialtas nuair a bhí deis acu féin cúrsaí a thabhairt chun críche lá ar bith.

Tá siad faoi bhrú anois ag an gcomhrialtas reatha mar go bhfeictear do go leor sa bpáirtí féin, agus go deimhin do go leor i measc an phobail, go bhfuil Fine Gael ag siúl orthu agus ag fonóid fúthu. Tá scéal cheapachán Katherine Zappone fós dá gcrá. Tá siad síoraí seasta ag maíomh as oidhreacht Fhianna Fáil i soláthar tithíochta ach ní léir go bhfuil an plean uaillmhianach a foilsíodh coicís ó shin ag dul i gcion ar dhaoine mar a bhí súil acu a dhéanfadh.

Tá siad faoi bhrú ón dá eite ansin. Tá Fine Gael ar thaobh amháin agus Fianna Fáil faoi bhrú acu lena gcur chuige i leith fiontraíochta, na fostaíochta agus an oideachais a thaithíonn leis na vótóir rachmasach. Tá Sinn Féin ar an taobh eile ag cur crú ar a bpolasaithe sóisialta agus náisiúnta.

An dá phríomhaidhm a bhí ag Fianna Fáil nuair a bunaíodh iad ná athaontú na tíre agus athbheochan na Gaeilge. An féidir a rá go macánta go bhfuil ceachtar acu tábhachtach dóibh faoin tráth seo? Nó aon phíosa níos tábhachtaí ná mar atá do na páirtithe eile?

Traidisiún, stair agus oidhreacht an chogaidh chathartha. Tháinig sin chun críche anuraidh nuair a chuaigh Fianna Fáil agus Fine Gael chun boird le chéile.

Fág freagra ar 'Faoi dheireadh taibhsítear d’Fhianna Fáil gur mar a chéile le Fine Gael iad'

  • Des O Murchu

    Ta na la, nil na la ta FF, FF Boxxxd!

  • An Teanga Bheo

    Mar an chéile muid………. ar scáth a chéile a mhaireann muid a deir an Taoiseach go minic linn.!