Faisnéis nua faoin nGaeilge sa teaghlach le fáil ó Dhaonáireamh 2021

Deir Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta go bhfuil siad féin agus an próiseas pleanála teanga ag obair ‘i bhfolús’ cheal fianaise faoi líon na dteaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge

Faisnéis nua faoin nGaeilge sa teaghlach le fáil ó Dhaonáireamh 2021

Tá plé á dhéanamh ag Tuismitheoirí na Gaeltachta leis an CSO faoi bhealach úr le heolas a fháil faoi líon na dteaghlach ina bhfuil an Ghaeilge ina príomhtheanga.

Beidh cruinniú ag an eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta le hionadaithe ón bPríomh-Oifig Staidrimh an mhí seo chugainn le plé a dhéanamh faoi conas eolas a fháil faoi líon na dteaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge agus na háiteanna ina bhfuil na teaghlaigh sin lonnaithe.

Deimhnigh an CSO go mbainfear as an daonáireamh a reáchtálfar sa bhliain 2021 faisnéis nua faoi theaghlaigh atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Cé gur fhógair an CSO i mí Iúil nach mbeadh ceist shonrach faoin nGaeilge mar phríomhtheanga bhaile san áireamh sa daonáireamh sin, tá bealach faoi conas an t-eolas sin a bhailiú ó na ceisteanna a chuirfear in 2021 á phlé acu le Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Rinneadh tástáil ar cheist ar leith faoin nGaeilge mar phríomhtheanga an teaghlaigh i suirbhé píolótach a reáchtáil an Phríomh-Oifig Staidrimh anuraidh ach cinneadh nach mbeadh sé cuí an cheist a chur san áireamh sa daonáireamh féin de bharr a laghad daoine a dúirt gurbh í an Ghaeilge teanga an tí acu.

Rinne Tuismitheoirí na Gaeltachta teagmháil leis an Phríomh-Oifig Staidrimh lena ‘díomá’ a léiriú faoin scéala nach mbeadh ceist faoin nGaeilge sa teaghlach

san áireamh sa chéad daonáireamh eile. Dúirt an eagraíocht Ghaeltachta go raibh ‘imní’ orthu faoin bpróiseas tástála a bhain leis an gceist.

Ní raibh ach ceantar amháin atá aitheanta mar Ghaeltacht san áireamh sa suirbhé píolótach – Baile Chláir i gCo na Gaillimhe. 

Thug an Phríomh-Oifig Staidrimh le fios go mbeidís “breá sásta oibriú as lámh a chéile le Tuismitheoirí na Gaeltachta” chun sonraí nua a chur ar fáil faoi theaghlaigh “ina dtugann idir thuismitheoirí agus pháistí le fios ar a bhfoirmeacha daonáirimh go labhraíonn siad Gaeilge”. 

Beidh an t-eolas seo ar fáil mar thoradh ar cheist bhreise faoi chumas Gaeilge a chuirfear i nDaonáireamh 2021. Deir an Phríomh-Oifig Staidrimh gur “féidir na sonraí seo a chur ar fáil de réir ceantair gheografacha freisin, ceantair Ghaeltachta mar shampla, dá mbeadh gá leis”.

Agus í ag cur fáilte roimh an scéala dúirt Sorcha Ní Chéilleachair, Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta, go gcabhróidh an t-eolas go mór leo ina gcuid oibre cé “go mb’fhearr go mór” dá mbeadh an cheist a bhí beartaithe ar dtús faoi theanga an teaghlaigh san áireamh sa daonáireamh. 

Deir Sorcha Ní Chéilleachair go bhfuil Tuismitheoirí na Gaeltachta agus an próiseas pleanála teanga i gcoitinne “ag obair i bhfolús” mar nach bhfuil aon “bhonnlíne” ann ó thaobh líon na dteaghlach atá ag tógáil a gclann le Gaeilge.

“Níl aon fhoinse eolais uile-Ghaeltachta nó náisiúnta ar fáil faoi líon na dteaghlach arbh í an Ghaeilge a dteanga baile agus nuair nach bhfuil sin ar fáil cá bhfios dúinn cé chomh maith nó chomh olc atá cúrsaí nó cén tionchar atá agus a bheidh ag obair na heagraíochta nó obair na pleanála teanga ar theaghlaigh?” a dúirt sí.

Mhol Sorcha Ní Chéilleachair an Phríomh-Oifig Staidrimh agus a dearcadh i leith na ceiste seo. “Thuig siad an imní agus díomá a bhí orainn agus tá iarrachtaí ar bun acu dá stuaim féin an t-eolas a chur ar fáil. Ní minic a léirítear an meas seo ar cheist na Gaeilge agus na Gaeltachta,” a dúirt sí.

Bhí amhras ar Thuismitheoirí na Gaeltachta faoi Bhaile Chláir a bheith ar an aon cheantar sa Ghaeltacht a bhí curtha san áireamh san suirbhé píolótach.

“Le tástáil cheart a dhéanamh ar cheist dá leithéid, táimidne den dtuairim go gcaithfí é a dhéanamh i gceantar a mbeadh líon ard go maith de chainteoirí laethúla Gaeilge ann. Baile Chláir an t-aon cheantar Gaeltachta a bhí san áireamh sa suirbhé píolótach agus cé go dtuigimid go bhfuil an-obair ar siúl sa cheantar sin, ní féidir a rá go bhfuil líon ard de chainteoirí laethúla Gaeilge ann faoi láthair,” a deir Ceannasaí Thuismitheoirí na Gaeltachta.

Mhínigh an Phríomh-Oifig Staidrimh gurb é “a bpríomhchuspóir” teacht “ar shamplaí atá ionadaíoch ar an daonra iomlán”. Míníodh go raibh nithe eile san áireamh chomh maith leis an nGaeilge agus ceantair á roghnú acu don suirbhé samplach.

Beidh ceist nua amháin faoin nGaeilge á cur i nDaonáireamh 2021 – focheist nua faoi líofacht na Gaeilge.

Sa daonáireamh mar atá, cuirtear ceist ar dhaoine an bhfuil Gaeilge acu agus cuirtear ceist eile faoi cé chomh minic is a labhraíonn siad í.

Sa chéad daonáireamh eile beidh focheist eile ann faoi labhairt na Gaeilge – ‘cé chomh maith is a labhraíonn tú í?’. Beidh trí rogha ag duine mar fhreagra ar an gceist sin ‘an-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘ar éigean’.

Tá an CSO ag súil go gcuideoidh an cheist seo le tuiscint níos fearr a fháil “ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an daonra”. 

Fág freagra ar 'Faisnéis nua faoin nGaeilge sa teaghlach le fáil ó Dhaonáireamh 2021'