Ceist nua faoi ‘líofacht’ na Gaeilge le cur i nDaonáireamh 2021

Sa chéad daonáireamh eile beidh ceist nua ann faoi labhairt na Gaeilge agus beidh ‘taisceadán todhchaí’ mar chuid d’fhoirmeacha 2021 chomh maith

Ceist nua faoi ‘líofacht’ na Gaeilge le cur i nDaonáireamh 2021

Cuirfear ceist nua faoi líofacht na Gaeilge sa chéad daonáireamh eile.

Ghlac an Rialtas inniu le hocht gceist nua a chuirfear sa chéad daonáireamh eile, a bheidh á reáchtáil ar an 18 Aibreáin 2021, ceist nua faoin nGaeilge ina measc.

An bhliain seo caite, cuireadh trí cheist nua faoin nGaeilge ar 15,000 teaghlach mar chuid de Shuirbhé Píolótach Daonáirimh a reáchtáil an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Shocraigh an CSO dul ar aghaidh le ceann de na ceisteanna sin, ceist a bhaineann le líofacht na teanga.

Cuireadh an fhoirm shamplach daonáirimh faoi bhráid 15,000 teaghlach i seacht gcontae agus rinneadh anailís ar na freagraí a fuarthas ó bhreis is 10,000 teaghlach.

I measc na gceisteanna a cuireadh, bhí trí cheist nua faoin nGaeilge, an cheist a bhfuil glactha anois léi agus dhá cheist eile a bhain le labhairt na Gaeilge ag baile.

Sa daonáireamh mar atá, cuirtear ceist ar dhaoine an bhfuil Gaeilge acu agus cuirtear ceist eile faoi cé chomh minic is a labhraíonn siad í.

Sa chéad daonáireamh eile beidh focheist eile ann faoi labhairt na Gaeilge – “cé chomh maith is a labhraíonn tú í?”. Beidh trí rogha ag duine mar fhreagra ar an gceist sin ‘an-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘ar éigean’.

Tá an CSO ag súil go gcuideoidh an cheist seo le tuiscint níos fearr a fháil “ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an daonra”. 

Bhain na ceisteanna nua eile faoin nGaeilge nár glacadh leo le labhairt na teanga ag baile.

Ba í Ceist 13 sa suirbhé píolótach ná ‘An Líon Tí: An í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an teaghlaigh/líon tí?’.

Is féidir a fháil amach ón daonáireamh cén líon teaghlach ina bhfuil an Pholainnis agus teangacha eachtrannacha eile á n-úsáid, ach ní chuirtear a leithéid de cheist faoin nGaeilge.

Ba í Ceist 15 ná ‘Ar éirigh tú aníos i líon tí inarbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga labhartha?’.

I measc na n-ábhar eile a mbeidh ceisteanna nua fúthu sa chéad daonáireamh eile beidh cúram leanaí, caitheamh tobac, obair dheonach, cúrsaí idirlín agus fuinneamh inathnuaite.

Beidh ‘taisceadán todhchaí’ mar chuid den chéad daonáireamh eile. Beidh cead ag daoine teachtaireacht rúnda a scríobh ar an bhfoirm agus cuirfear ar chaoi shábháilte í go ceann 100 bliain.

Drochscéal amach is amach don Ghaeilge a bhí i nDaonáireamh 2016. Idir 2011-2016 tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht,.

Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.

Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht, mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.

Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.

Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (-18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist.

Fág freagra ar 'Ceist nua faoi ‘líofacht’ na Gaeilge le cur i nDaonáireamh 2021'

  • Joey Joe Joe Junior Shabadoo

    Tá deis ollmhór caillte anseo gan ceist faoi úsáid na Gaeilge sa mbaile a bheith ar an daonáireamh. Seachas an t-eolas luachmhar sin a lorg, tá ceist sheafóideach bunaithe ar bhraistint phearsanta nach fiú cac an asail í. Na bunfhíricí a bhaineann le méid na ndaoine atá ag labhairt na teanga atá ag teastáil le gur féidir dul i ngleic leis an ngéarchéim atá ann. Ní thugann na ceisteanna atá ann faoi láthair léargas cruinn ar an scéal, agus go deimhin, úsáidtear na sonraí sin chun casadh dearfach a chur ar an scéal in amanntaí (‘tá breis agus milliún duine in ann Gaeilge a labhairt’). An baol atá an don Rialtas, is dóigh, dá mbeadh ceist faoi úsáid na Gaeilge sa mbaile ann, bheadh an ghéarchéim doshéanta, agus bheadh orthu rud eicínt a dhéanamh faoi. Maidir leis an gceist seo, bheadh sé chomh maith acub ‘cén dath is fearr leat?’ a iarraidh orainn. Tá na gealta i bhfeighil ar theach na ngealt.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Tugam fé ndeara go bhfuil cóip den Daonáireamh sa léaráid a théann leis an alt seo i mBéarla – an bosca cuí ar dheis i nGaeilge. B’amhlaidh a bhí ar Nuacht TG4 aréir chomh maith.
    Muna bhfuil na meáin Gaeilge aireach agus dílis don teanga sna pointí seo, cad eile atáimid ag súil leis ón CSO nó aon eagras stáit mar é?