1.1% de dhaoine os cionn 18 bliain sa stát a tógadh le Gaeilge

Tugtar éachtaint ar staid na Gaeilge sa Stát i dtuarascáil nua de chuid na Príomh-Oifige Staidrimh

1.1% de dhaoine os cionn 18 bliain sa stát a tógadh le Gaeilge

Tá léargas úr ar chás na Gaeilge sa stát ar fáil i dtuarascáil nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh.

De réir na tuarascála nua is beag athrú atá tagtha ar chás na teanga ó Dhaonáireamh 2016, a léirigh go raibh laghdú tagtha ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais.

Chomh maith leis sin, tá figiúr curtha ag an CSO den chéad uair ar líon na ndaoine fásta sa stát a tógadh i dteaghlaigh a labhair Gaeilge. De réir na tuarascála 1.1% de dhaoine os cionn 18 bliain sa stát a tógadh le Gaeilge. Is ionann sin agus beagán sa bhreis ar 50,000 duine.

Tá an t-eolas nua seo ar fáil sa tuarascáil atá curtha amach ag an CSO faoin suirbhé daonáirimh píolótach a rinne siad in 2018.

Rinneadh an mórshuirbhé sin ar mhaithe le tástáil a dhéanamh ar roinnt ceisteanna nua a d’fhéadfaí a chur i nDaonáireamh 2021, ceisteanna faoin nGaeilge ina measc.

Cé nach mbeadh an seasamh céanna ag an suirbhé a rinneadh i bhfómhar 2018 is a bheadh ag an daonáireamh féin, ghlac os cionn 10,312 teaghlach páirt ann, sampla mór d’aon suirbhé.

Lena chois sin, mar gheall go raibh ceisteanna á gcur faoi labhairt na Gaeilge, cinntíodh sa suirbhé go roghnófaí ceantair a thabharfadh sampla ionadaíoch de chainteoirí Gaeilge ó Dhaonáireamh 2016.

Maidir leis an gceist a bhí á tástáil faoi líon na ndaoine os cionn 18 bliain d’aois a tógadh i dteaghlaigh a labhair Gaeilge socraíodh gan an cheist sin a chur sa chéad daonáireamh eile.

Léiríonn an chúis a tugadh leis an gcinneadh sin a laghad daoine os cionn 18 bliain a tógadh le Gaeilge.

Bhí líon na ndaoine a dúirt gurb í an Ghaeilge teanga a dteaghlaigh agus iad ag fás aníos, 1.1% , níos lú ná an 2.5% nár bhac leis an gceist a fhreagairt.

Deirtear sa tuarascáil dá mbeadh na figiúirí amhlaidh i ndaonáireamh iomlán, nach bhféadfaí figiúirí fiúntacha a chur ar fáil ar bhonn áitiúil gan rialacha a shárú maidir le nochtadh faisnéise i staitisticí.

Is ionann sin agus a rá go bhfuil a laghad sin daoine fásta sa stát a tógadh le Gaeilge go mbeadh sé ina imní go n-aithneofaí iad dá ndéanfaí anailís daonáirimh orthu.

Cúis eile a tugadh gan an cheist áirithe sin a chur ná nach mbeadh sé ‘cuí’ ceist a chur sa daonáireamh a mbeadh an freagra céanna ag beagnach 99% den phobal uirthi, is é sin nár tógadh le Gaeilge iad.

De réir thorthaí an tsuirbhé daonáirimh phíolótaigh, níl aon athrú mór tagtha ar labhairt na Gaeilge i measc an phobail ó 2016, cé go bhfuil méadú beag tagtha ar líon na ndaoine a mhaíonn go bhfuil labhairt na Gaeilge acu. 41% de lucht freagartha an tsuirbhé a mhaígh amhlaidh i gcomparáid le 39% den phobal i nDaonáireamh 2016.

Maidir leis na figiúirí i dtaobh a mhinice agus a labhraíonn daoine Gaeilge – go laethúil, go seachtainiúil srl – deirtear sa tuarascáil go raibh an scéal i bhfómhar 2018 a bheag nó a mhór mar a bhí i nDaonáireamh 2016. Deirtear áfach go raibh ardú ar líon na ndaoine sa suirbhé nár bhac leis an gceist sin a fhreagairt, 2.3% in 2018 le hais 0.6% in 2016.

Níor glacadh ach oiread le ceist eile faoin nGaeilge a cuireadh sa suirbhé daonáirimh píolótach. Cuireadh ceist faoi labhairt na Gaeilge ar gach duine i dteaghlaigh a mhaígh gurbh í an Ghaeilge a bpríomhtheanga.

Thug 59% de na daoine sa teaghlaigh sin a mhaígh gurbh í an Ghaeilge teanga an teaghlaigh nach raibh aon Ghaeilge acu agus bhí ar a laghad duine amháin nach raibh Gaeilge acu i 76% de na teaghlaigh sin. Cinneadh go raibh neamhréir idir na torthaí sin agus torthaí na gceisteanna eile faoin nGaeilge agus nár chóir an cheist  a chur sa daonáireamh féin dá bharr.

Beidh ceann amháin de na ceisteanna nua faoin nGaeilge a cuireadh sa suirbhé á cur i nDaonáireamh 2021 – focheist nua faoi líofacht na Gaeilge.

Sa daonáireamh mar atá, cuirtear ceist ar dhaoine an bhfuil Gaeilge acu agus cuirtear ceist eile faoi cé chomh minic is a labhraíonn siad í.

Sa chéad daonáireamh eile beidh focheist eile ann faoi labhairt na Gaeilge – “cé chomh maith is a labhraíonn tú í?”. Beidh trí rogha ag duine mar fhreagra ar an gceist sin ‘an-mhaith’, ‘go maith’ nó ‘ar éigean’.

Tá an CSO ag súil go gcuideoidh an cheist seo le tuiscint níos fearr a fháil “ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an daonra”. 

De réir na tuarascála bhí na freagraí ar an gceist nua faoi chumas Gaeilge féinmheasta ag teacht leis na freagraí ar na ceisteanna faoin nGaeilge a bhí ar an daonáireamh cheana.

De na daoine a mheas go raibh Gaeilge mhaith acu, thug 73% acu le fios go mbíonn Gaeilge á labhairt acu gach lá lasmuigh den chóras oideachais. Díobh siúd a dúirt nach raibh Gaeilge mhaith acu, thug 74% acu le fios gur go hannamh a labhair siad Gaeilge taobh amuigh den chóras oideachais má rinne siad amhlaidh riamh.

Dhiúltaigh 4.4% de chainteoirí Gaeilge caighdeán a gcuid Gaeilge a mheas don suirbhé. 

Drochscéal amach is amach don Ghaeilge a bhí i nDaonáireamh 2016. Idir 2011-2016 tháinig laghdú suntasach ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht,.

Le linn na tréimhse sin, thit líon na gcainteoirí laethúla sa Ghaeltacht ó 23,175 go dtí 20,586, laghdú 2,589 duine.

Laghdú 11% a bhí i gceist i gceantair Ghaeltachta idir 2011-2016. Fágann an méid sin go raibh an titim ar líon na gcainteoirí laethúla lasmuigh den chóras oideachais i bhfad níos mó sa Ghaeltacht ná mar a bhí sa chuid eile den Stát. Laghdú 1% a bhí i gceist lasmuigh den Ghaeltacht, mar ar thit líon na gcainteoirí laethúla ó 54,010 in 2011 go dtí 53,217 duine in 2016, glanlaghdú de 793 duine.

Bhí laghdú i gceist i ngach ceantar Gaeltachta, ach amháin Port Láirge.

Ba i Maigh Eo (-23.6%), Ciarraí (-18%) agus Dún na nGall (-15.8%) a bhí an laghdú is mó i gceist.

Fág freagra ar '1.1% de dhaoine os cionn 18 bliain sa stát a tógadh le Gaeilge'

  • Lillis Ó Laoire

    Is leor go raibh laghdú cainteoirí i ngach ceantar Gaeltachta, agus b’fhiú na figiúirí ar fad a thabhairt.

  • Aodán Ó Sé

    Tá gné den athrú daonra soiléir sa chás seo. Bogann daoine óga ó cheantracha tuaithe (An Ghaeltacht san áireamh) chuig cathracha, le oideachas tríú leibhéal, fostaíocht agus taithí saoil a bhaint amach.
    Sin an fáth go bhfuil líon na nGaeilgeoirí ag treisiú ins na pobail iolmhóra.