Cuireadh trí cheist nua faoin nGaeilge ar 15,000 teaghlach mar chuid de Shuirbhé Píolótach Daonáirimh a reáchtáil an Phríomh-Oifig Staidrimh.
Cuireadh an fhoirm shamplach daonáirimh faoi bhráid 15,000 teaghlach i seacht gcontae ag an deireadh seachtaine agus déanfar anailís anois ar na freagraí.
I measc na gceisteanna a cuireadh, agus a bhfuiltear á dtástáil do Dhaonáireamh 2021, bhí trí cheist nua faoin nGaeilge, focheist a bhain le líofacht na teanga agus dhá cheist eile a bhain le labhairt na Gaeilge ag baile.
Sa daonáireamh mar atá, cuirtear ceist ar dhaoine an bhfuil Gaeilge acu agus cuirtear ceist eile faoi cé chomh minic is a labhraíonn siad í.
Sa suirbhé píolótach, áfach, bhí ceist eile ann faoi labhairt na Gaeilge – “cé chomh maith is a labhraíonn tú í?”.
Dúirt urlabhraí ón CSO go bhfuiltear ag súil go gcuideoidh an cheist seo le tuiscint níos fearr a fháil “ar úsáid na teanga agus líofacht na teanga i measc an daonra”.
“Is í an tríú páirt, ‘cé chomh maith is a labhraíonn tú í’ an chuid nua den cheist seo agus tá na catagóirí sa dara páirt maidir le minicíocht labhartha á gcoinneáil mar a bhí i nDaonáireamh 2016 agus 2011,” a dúirt an t-urlabhraí.
Baineann na ceisteanna nua eile faoin nGaeilge le labhairt na teanga ag an mbaile.
Ba í Ceist 13 sa suirbhé píolótach ná ‘An Líon Tí: An í an Ghaeilge príomhtheanga labhartha an teaghlaigh/líon tí?’.
Is féidir a fháil amach ón daonáireamh cén líon teaghlach ina bhfuil an Pholainnis agus teangacha eachtrannacha eile á n-úsáid, ach níor cuireadh a leithéid de cheist faoin nGaeilge roimhe seo.
Ba í Ceist 15 ná ‘Ar éirigh tú aníos i líon tí inarbh í an Ghaeilge an phríomhtheanga labhartha?’.
Táthar ag súil go gcuideodh na freagraí ar an gceist sin le hanailís a dhéanamh “ar an tionchar a bhain le héirí aníos i dteach inar labhraíodh Gaeilge ar úsáid na teanga agus líofacht inti níos déanaí sa saol”.
Baintear úsáid as an Suirbhé Píolótach Daonáirimh chun ceisteanna nua agus ceisteanna leasaithe a thástáil roimh an gcéad daonáireamh eile, Daonáireamh 2021 sa chás seo.
Dúirt urlabhraí an CSO go mbainfí leas as an staidreamh a dhéanfar faoin Suirbhé Píolótach Daonáirimh chun cinntí a dhéanamh faoi ábhar na foirme sa chéad daonáireamh eile in 2021.
I measc na n-ábhar eile a raibh ceisteanna fúthu sa Suirbhé Píolótach Daonáirimh bhí cúram leanaí, caitheamh tobac, obair dheonach agus fuinneamh inathnuaite.
De thoradh ar phróisis comhairliúchán poiblí a roghnaíodh na ceisteanna nua don suirbhé.
Deasún Ó Riain
An-mhaith agus ar mo thoil agam!
Magaoidh
Cad faoi chlann ina mbíonn tuismitheoir amháin ag labhairt i nGaeilge leis na páistí agus duine eile ag labhairt i dteanga eile (Gearmáinis, Fraincis, Spáinnis, Béarla) leis na páistí? Sin rud atá i bhfad níos coitianta anois agus go háirithe sna Gaeltachtaí.
Tash
Má ‘Tá’, cé chomh maith is a labhraíonn tú í?
Mmm. Deacair a rá. Tá a fhios agam go bhfuil mo chuid Gaelainn níos fearr ná chuid maith daoine, ach ní dhéarfainn go bhfuil sí ‘An-mhaith’ agam.
Ach ag an am céanna, seans maith go bhfuil daoine le Gaeilge níos laige na mé agus cheapfaidís go bhfuil Gaeilge den scoth acu féin.
Ceist saghas suibiachtúil is ea i.
Pádraig
Táim ar aon intinn leat a Tash ach táim sásta na ceisteanna nua a fheiceáil. Léiríonn sé go bhfuil suim ag an rialtas i líon na ndaoine a labhraíonn an teanga gleoite.
Tash
Seans mhaith go mbeidh torthaí nach deas do na ceisteanna siúd.
Fan go bhfeicimid.