Fair play do Leo Varadkar a bhí sásta dul in adharca le Ursula von der Leyen

Ní haon leigheas ar aon rud Hamas ach is fiú an cheist a chur, cá as ar tháinig siad?

Fair play do Leo Varadkar a bhí sásta dul in adharca le Ursula von der Leyen

Bhuel, tá fíor-uafás an chogaidh léirithe anois os comhair ár gcuid súl. Ospidéal buailte ag buama is na céadta maraithe – os cionn 500 deirtear linn – dochtúirí, altraí, lucht leighis, othair, daoine a gortaíodh ag buamaí eile, páistí nuabheirthe: iad go léir sciobtha uainn ar nós nach rabhadar ann riamh.

Agus, mar bharr ar an donas, ar dtús an t-uafás mór, ansin an bhréag mhór.

Dúirt Deoise Easpagóideach Iarúsailéim, a ritheann ospidéal Ahli, go bhfuair lucht riaracháin an ospidéil ar a laghad trí rabhadh ó arm Iosrael a gcuid othar a thabhairt amach as na bardaí ansin Dé Sathairn, Dé Domhnaigh agus Dé Luain seo caite.

Níl cuntas cheachtar taobh ar an bpléasc dearbhaithe go fóill ag saineolaithe neamhspleácha ach gan dabht dúirt Iosrael nach iad féin a dhein an t-ionsaí ach na barbaraigh Phalaistíneacha.

Tá a fhios agat, ar ndóigh, nach bhfuil siadsan róchumasach. Tar éis an tsaoil nach fophobal iad nó – mar a dúirt ginearál Iosraelach – ainmhithe daonna.

Tá daoine ann atá sásta glacadh leis an leagan seo den scéal, Uachtarán Mheiriceá ina measc, ach taobh amuigh de dhomhan an iarthair, níl éinne eile ag glacadh leis, go háirithe na stáit Arabacha atá taobh leis.

Ní dhéanfaidh sé sin aon difear do dhearcadh oifigiúil an Iarthair. Sheasfadh siad le hIosrael, is cuma cén t-uafás a dhéafadh siad. Tabharfaidh siad na buamaí dóibh le go scriosfaidh siad tuilleadh ospidéal, go ndíbreoidh siad tuilleadh daoine as a dtailte is as a dtithe, go gcuirfidh siad deireadh le tuilleadh teaghlach.

Sea, tá an oiread sin teaghlach anois atá scriosta ar fad – 48 duine ar fad i gceann amháin, seantuistí, tuismitheoirí, páistí is garpháistí. Tá an oiread daoine ar lár nach bhfuil iontu ach figiúirí, ach ba dhaoine daonna iad – ní ainmhithe – agus shil daoine deora goirte nuair a cailleadh iad Ach i muir sin na ndeor, cén leigheas atá ann?

Tá moladh, de chineál, tuillte ag rialtas na tíre seo, go bhfuil siad ag iarraidh an bhéim a leagan ar riachtanais dhaonna. Agus fair play do Leo Varadkar, bhí sé sásta dul in adharca le Ursula von der Leyen is í a cháineadh toisc nár dhúirt sí tada faoi na riachtanais chéanna.

Ach an gá a rá go seasaimid le hIosrael, go bhfuil ceart féinchosanta acu, amhail is nach iad a spreag an t-uafás seo. Ach tá sé feicthe againn, na lonnaitheoirí Iosraelacha neamhdhleathacha ar an mBruach Thiar, ag dul le báiní le Palaistínigh a mharú is a dhíbirt amach as a gcuid tailte is a gcuid tithe.

Céard tá le déanamh ag na Palaistínigh agus an éagóir seo ag tarlú os a gcomhair amach? Glacadh leis go síochánta, leis an dóchas go dtiocfaidh an t-iarthar i gcabhair orthu?

Céard a dhéanfá-sa?

Ní ag cosaint Hamas atá mé – an gá dom é sin a rá – mar ní leigheas ar bith do mhuintir na Palaistíne an leigheas atá acusan.

Ach cá as ar tháinig siad?

Ar feadh na mblianta bhí Eagraíocht Shaoirse na Palaistíne [PLO] i gceannas ar an bpobal Palaistíneach. Moladh don PLO arís is arís eile nach bhféadfaidís a gcearta a bhaint amach le foréigean is gur chóir aitheantas a thabhairt don stát Iosraelach ar mhaithe le stát dá gcuid féin a fháil, agus stop a chur leis an tsíorghabháil talún a chleachtann na Síónaigh.

In Osló i 1993 agus i 1995, d’aontaigh siad conradh le hIosrael, conradh a cháin Benjamin Netanyahu agus Hamas araon. Thug an PLO aitheantas don stát Iosraelach, agus thug Iosrael aitheantas don PLO mar ionadaí an Phobail Phalaistínigh.

Mhol Netanyahu do pháirtí na heite deise, Likud, gur chóir cabhrú le dul chun cinn Hamas ar mhaithe le scoilt a chothú i measc na bPalaistíneach. Rinne siad sin agus rinneadh scoilt.

Cé go raibh an PLO sásta comhoibriú le hIosrael níor éirigh Netanyahu riamh as a bheith ag gabháil talún, ag séanadh ceart is ag déanamh ionsaithe leanúnacha ar an mBruach Thiar.

Ach fós deir an tIarthar gur ar na Palaistínigh atá an milleán.

Cosaint láidir ar Iosrael nó ionannú a dhéanamh idir an frithGhiúdachas a chríochnaigh sna campaí díothaithe san Uileloisceadh agus frith-Iosraelachas? Ar ndóigh ní hionann iad.

Cinnte tá an ceart ag Giúdaigh, sa Mheánoirthear agus aon áit eile, a bheith saor ó bhagairt ach tá an ceart céanna ag Palaistínigh, Moslamaigh is Críostaithe. Ach níl aon cheart ag stát ar bith feidhmiú sa gcaoi go bhfeidhmíonn an stát Iosraelach.

Céard tá le déanamh?

Tá leid den treo ceart ag Varadkar.

Seasaimid le síocháin, le hiarracht fhírinneach le cearta na bPalaistíneach a bhaint amach gan sibhialtaigh Iosraelacha a mharú, más sibhialtaigh iad is nach lonnaitheoirí iad atá ag iarraidh Palaistínigh a dhíbirt.

San idirlinn, níl romhainn ach an t-uafás. Titfidh buamaí eile ar ospidéil eile, agus cloisfimid na bréaga céanna arís. Ach ar a laghad ar bith bíodh an guth s’againne le clos ar son na síochána is ar son an chirt.

Fág freagra ar 'Fair play do Leo Varadkar a bhí sásta dul in adharca le Ursula von der Leyen'

  • jpmorley0@gmail.com

    ‘Lebensunwertes’, ‘untermensch’, ‘ainmhithe daonna’…an téarmaíocht cheanann chéanna a d’úsáid na Naitsithe i leith na nGiúdach á húsáid anois acu sin i leith na bPailistíneach. Ach a’ mbíonn an dí-dhaonnú seo daingnithe id aigne agat is ribín réidh leat ansin ‘an t-ainmhí’ …’an eile sin’…idir leanaí, sheandaoine, mhná, easláin is ‘eile’ a dhíothú. Níl aon choir á dhéanamh agat id aigne féin mar ní lú ná sleaidí iad, ní daoine ‘cearta’ iad ach fo-dhaoine agus is fuirist ‘fo’ a dhíothú óir is rud bréan lofa is ea é/í. Díreach glan mar a rinne na Naitsithe. Ní baol go dtiocfaidh sé idir thú agus codladh na hoíche, mar ní marú le ceart atá déanta agat ach ‘glanadh’. Tharraing Hitler clabhta sa phus ar ghinearál a chuir fearg air uair amháin toisc nár ‘speáin sé an umhlaíocht chaoi dó. Bhuail an ginearál sin clabhta ar ais ina dhia’ sin ar an gcéad oifigeach eile féna bhun agus leanadh di uaidh sin ar aghaidh síos tríd an slabhra údaráis ar fad…nó gur buaileadh an clabhta céanna ar na ‘lebensunwertes’ a bhí ag foghlaim an bháis sna campaí uafáis in Auschwich. Tá an chlabhtáil sin á hiompar leo i gcónaí go fo-choinsiasach ag na Giúdaigh gus an lá inniu féin agus an íde chéanna á himirt ar ‘fo-dhaoine eile’ acu féin ar ais anois. Cothaíonn ainmhíochas a mhacasamhail féin sa duine agus, chomh cinnte le bás, leanfar den chor in aghaidh an chaim siar amach go deireadh an domhain.