Fainic i meamram in 2016 faoi na ‘ceannlínte’ a spreagfadh conspóid faoi thástálacha ailse

Chuir an tSeirbhís Náisiúnta Scagthástála in iúl d’Ardstiúrthóir an HSE i Márta 2016 go raibh an baol ann go ndéarfadh mná leis na meáin nár aimsigh an scagthástáil an ailse a bhí orthu

Fainic i meamram in 2016 faoi na ‘ceannlínte’ a spreagfadh conspóid faoi thástálacha ailse

Cuireadh fainic i meamraim a ullmhaíodh d’Ardstiúrthóir an HSE i Márta 2016 faoina bhféadfadh tarlú nuair a gheobhadh mná scéal óna ndochtúirí faoin iniúchadh a bhí déanta ar chásanna scagthástála ailse.

Deirtear i gceann de na meamraim a chonaic Ardstiúrthóir an HSE, Tony O’Brien, i Márta 2016, nach mbíonn aon tástáil cheirbheacsach 100% cruinn agus fiú sa chás go bhfaigheadh bean toradh a léireodh nach raibh baol ailse i mbéal na broinne uirthi nárbh aon bharántas é nach mbuailfeadh ailse í ina dhiaidh sin.

Deirtear sa mheamram gur chuir CervicalCheck tús le próiseas iniúchta faoi thástálacha ailse in 2010 agus go raibh siad beagnach réidh an uair sin – i Márta 2016 – le dul i dteagmháil leis na mná a fuair torthaí agus ar tháinig ailse i mbéal na broinne orthu ina dhiaidh sin.

Cuirtear fainic sa mheamram ar a bhféadfadh tarlú nuair a gheobhadh na mná an scéal óna ndochtúirí: “Bíonn an baol ann i gcónaí go bhféadfadh na hothair a dtabharfadh a ndochtúir an drochscéal seo dóibh an scéal a thabhairt do na meáin agus iad ag rá ‘níor aimsigh an scagthástáil an ailse a bhí ormsa’.”

Sna meamraim leagtar amach na céimeanna cuí ba chóir don HSE a ghlacadh:

  • ‘Ná seol aon litir eile go fóill’
  • ‘Fan le comhairle na ndlíodóirí’
  • ‘Déan cinneadh faoi ord agus líon na litreacha chun aon riosca a laghdú’
  • ‘Lean ar aghaidh ag ullmhú ráitis a thabharfaí mar fhreagra ar cheannlínte sna meáin a deir ‘níor aimsigh an scagthástáil an ailse a bhí ormsa’’

Dúirt Ardstiúrthóir an HSE, Tony O’Brien, go bhfaca sé na meamraim in 2016 ach nár taibhsíodh dó ag an am gur údar imní mór a bhí ann.

Fág freagra ar 'Fainic i meamram in 2016 faoi na ‘ceannlínte’ a spreagfadh conspóid faoi thástálacha ailse'