Fáilte curtha ag Gaelscoileanna Teo roimh an mBille Iontrála Scoile

Fáilte curtha ag Gaelscoileanna Teo roimh an mBille Iontrála Scoile a foilsíodh inné. Deir príomhchigire na Roinne Oideachais go mbeidh cead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge

Bláthnaid Ní Ghreacháin i láthair ag cruinniú an Chomhchoiste um Oideachas an tseachtain seo caite
Bláthnaid Ní Ghreacháin i láthair ag cruinniú an Chomhchoiste um Oideachas an tseachtain seo caite

Tá fáilte curtha ag Gaelscoileanna Teo roimh an mBille Iontrála Scoile a d’fhoilsigh an Roinn Oideachais inné. Ní luaitear aon chosc sonrach ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do pháistí atá á dtógáil le Gaeilge, ach ní bheidh aon chinnteacht faoin scéal go dtí go mbeidh an Bille achtaithe agus rialacháin déanta ag an Aire Oideachais faoi

Thug príomhchigire na Roinne Oideachais le fios ar an gclár Cormac ag a Cúig ar RTÉ RnaG inné, áfach, go mbeidh cead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do dhaoine a bhfuil an Ghaeilge mar theanga baile acu.

Dúirt an príomhchigire go gcaithfí a bheithcúramach go mbeidh cur i bhfeidhm an pholasaí féaráilte do gach tuismitheoir, tuismitheoirí le Gaeilge agus tuismitheoirí nach mbeadh Gaeilge acu”, ach thug sé le fios go mbeadh cead ann critéir teanga ar leith a leagan síos.

“Beidh na Gaelscoileanna in ann polasaí a leagan sios: ‘Bhuel, ba mhaith linn tús áite a thabhairt do dhaltaí a bhfuil na tuismitheoirí fabharach don Ghaeilge agus ag iarraidh teaghlach a bheith ag gníomhú trí mheán na Gaeilge. Ba cheart dóibh a bheith an-chúramach i gcur i bhfeidhm an pholasaí sin go mbeidh siad féaráilte do na tuismitheoiri uile a chuireann isteach ar áit,” a dúirt príomhchigire na Roinne Oideachais.

Chuir Bláthanid Ní Ghréacháin, príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo fáilte roimh fhoilsiú an Bhille.

“Tógann an Bille an-chuid ar na moltaí a chuir an Comhchoiste um Oideachas chun cinn agus bhíomar an-lárnach sa chomhchoiste ag an am. De réir mar a thuigim ón méid atá ráite agus nach bhfuil ráite sa dréachtbhille, ní bheidh aon bhac ar scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt do theaghlaigh lán-Ghaeilge agus teaghlaigh atá gníomhach i gcur chun cinn na teanga.

“Ar ndóigh, cruthaíonn sé deacrachtaí nuair nach bhfuil scoileanna in ann freastal ar dhaltaí. Bíonn orthu critéir iontrála a leagan amach agus is é nádúr an ruda go ngearrtar daoine amach agus go gcothaíonn sé míshástacht agus díomá agus é sin ar fad. Ní bheadh gá leis an rialachán dá mbeadh muid in ann freastal ar an éileamh ar fad,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Dúirt sí freisin go bhfuil rudaí áirithe sa Bhille a chuirfeadh isteach ar aon scoil, bíodh sí ina scoil lán-Ghaeilge nó ná bíodh.

“Tá ceist ann go fóill maidir le céatadán na ndaltaí ar páistí de chuid iardhaltaí na scoile iad. Chomh maith leis sin, titfidh an fhreagracht faoi chur i bhfeidhm na bpolasaithe seo ar an bpríomhoide,” a dúirt sí.

Bhí Ní Ghreacháin i láthair ag cruinniú an Chomhchoiste um Oideachas an tseachtain seo caite, áit a raibh plé teasaí idir ionadaithe na n-eagras Gaeilge agus an Teachta Dála Catherine Byrne (FG) ón gCloigín Gorm i mBaile Átha Cliath.

Dúirt an Teachta Dála go raibh sí den tuairim go raibh leatrom á dhéanamh ag na scoileanna lán-Ghaeilge ar dhaltaí agus tuismitheoirí nach raibh Gaeilge acu.

“There are schools out there who cherrypick children. I think it’s sad that parents have to sit an interview in Irish to get the child into a Gaelscoil. It’s not fair on people who can’t speak Irish,” a dúirt an Teachta Dála.

Dúirt Bláthnaid Ní Ghréacháin le Tuairisc.ie go ndéanann a leithéid de ráiteas dochar don Ghaelscolaíocht.

“Tá baol ag baint le ráiteas den chineál a dhein sí mar go bunúsach tá sí ag bunú a tuairimí, agus ag iarraidh polasaí a bhrú chun cinn bunaithe ar chomhrá amháin, a bhí aici le duine amháin.

“An rud a bhí sí ag iarraidh a chur inár leith ná go mbíonn muid ag déanamh leithcheal ar pháistí ach an áit a bhfuil leithcheal á dhéanamh ná ar pháistí nach bhfuil spás ann dóibh, agus níl spás ann dóibh toisc nach bhfuil scoileanna sách mór le déileáil leo.”

Dúirt príomhfheidhmeannach Gaelscoileanna Teo go raibh míthuiscint ar an Teachta Dála:

“Is dóigh liom gur phioc sí suas mícheart é freisin, an pointe a bhí mé ag iarraidh a dhéanamh ná gur mionlach fíorbheag iad na teaghlaigh lán-Ghaeilge agus tá sé de cheart agus de chead ag scoileanna lán-Ghaeilge tús áite a thabhairt don teanga sa scoil.

“An t-aon rud a bhí sí ag moladh ná go mbeadh cur chuige randamach ann agus go mbeadh ainmneacha á dtógáil ó hataí da mbeadh róéileamh ann, ach níl sé sin réadúil. Bheadh leithcheal á dhéanamh ar theaghlaigh atá ag tógáil a bpáistí le Gaeilge atá ag iarraidh oideachas a fháil ina dteanga dhúchais,” a dúirt sí.

Fág freagra ar 'Fáilte curtha ag Gaelscoileanna Teo roimh an mBille Iontrála Scoile'