Tuairisc Bheo: An Coiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach

Beidh eagraíochtaí Gaeilge ag déanamh cur i láthair os comhair an Chomhchoiste Oireachtais um Oideachas ar maidin. Is féidir imeachtaí an choiste a leanúint 'beo' i dteannta Mhaitiú Uí Choimín

30/1/2014. Dail Scenes

10.26 – Tús curtha leis an gcruinniú

10.30 – Tá an tseirbhís ateangaireachta ag obair.

10.31 – Bláthnaid Ní Ghréacháin ag caint thar ceann Ghaelscoileanna Teo.

10.35 – Bláthnaid Ní Ghréacháin ag cur síos ar na deacrachtaí a bhíonn ag tuismitheoirí daltaí ar mhaith leo Gaeloideachas a fháil ón naíonra go dtí an ollscoil.

10.37 – “40% de bhunscoileanna agus 25% de mheánscoileanna nach bhfuil in ann freastal ar an éileamh don Ghaeloideachas” – Bláthnaid Ní Ghréachain.

10.39 – “Is cúis imní don eagraíocht nach bhfuil polasaí ag an Roinn maidir le bunú aonaid Ghaeilge. Braitheann aonaid an iomarca ar dheá-mhéin” – Bláthnaid Ní Ghréacháin.

10.40 Iarrtha ar Bhláthnaid Ní Ghréacháin, Gaelscoileanna Teo, deireadh a chur lena cur i láthair mar gheall ar chúrsaí ama.

10.42 – “Níl an cumas, meon, tuiscint, ná feasacht ag go leor de na múinteoirí a léiríonn spéis i múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge,” – Bláthnaid Ní Ghréachain. Moltar go mbeadh painéal ar leith ann do mhúinteoirí do scoileanna lánGhaeilge.

10.44 – “An-imní ag míshástacht orainn faoi ionadaíocht ar bhord COGG, ba mhaith linn é sin a chur ar an taifead” – Bláthnaid Ní Ghréachain.

10.45 – Muireann Ní Mhóráin ag caint anois thar ceann COGG.

10.49 – “Tá réimse mór leathan seirbhísí ann in earnáil an Ghaeloideachais ach an pobal a bheith ar eolas fúthu” – Muireann Ní Mhóráin.

10.50 – “Níl curaclam in Éirinn don chainteoir dúchais. Ní dea-chleachtas é seo agus tá sé an-aisteach i gcomparáid leis an domhan mór” – Muireann Ní Mhóráin.

10.52 – Tá dhá rud ag teastáil a deir Muireann Ní Mhóráin – 1) céim ar leith trí mheán na Gaeilge a mhúinfidh cén chaoi déileáil le cainteoirí dúchais agus le foghlaimeoirí sa chóras Gaelscolaíochta araon. 2) – Tuilleadh spáis ar an gcúrsa Gaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

10.54 – Áine Uí Neachtain ag caint anois thar ceann Thuismitheoirí na Gaeltachta.

10.56  – “Tá athrú ó bhun tagtha ar úsáid na Gaeilge sa phobal Gaeltachta le blianta beaga.Ba é an dúshlán ba mhó a bhí ann don chóras oideachais Gaeltachta san am a caitheadh, an Ghaeilge a mhúineadh do na gasúir arbh é an Béarla a dteanga baile. Ach tá an Ghaeltacht athraithe ó bhun. Is pobal dhátheangach atá saGhaeltacht anois. Níl baol d’fhoghlaim an Bhéarla i measc cainteoirí dúchais, níl an Ghaeilge chomh forleathan agus a bhí agus níl sé chomh éasca an teanga a mhúineadh don fhoghlaimeoir” – Áine Uí Neachtain.

10.58  – “Tá tacaíocht bhreise ag teastáil go práinneach ón gcainteoir dúchais sa chóras oideachais. Mar thuismitheoirí, is fúinne atá sé cinneadh a dhéanamh faoin teanga a bhíonn in úsáid sa mbaile agus is fúinne atá sé sna blianta tosaigh sealbhú na teanga seo a chinntiú. Ach ina dhiaidh sin táimid ag brath go mór ar an gcóras oideachais le go gcinnteofar go sealbhóidh ár ngasúir teanga go leibhéal cumais an chainteora dhúchais” – Áine Uí Neachtain.

11.00 – Cuid de na héilimh atá ag Thuismitheoirí na Gaeltachta: 1) Aitheantas ón Roinn Oideachais go bhfuil cainteoirí dúchais ann agus go bhfuil sainriachtanais bunúsacha acu. 2) An luath tumoideachas iomlán a bheith i bhfeidhm go héigeantach agus go críochnaitheach i ngach aon scoil Ghaeltachta 3) An Roinn Oideachais ag cur polasaí i bhfeidhm a thabharfadh cosaint do scoileanna Gaeltachta. 4) Curaclam a thabharfadh tús áite don teanga, a mbeadh dúshláin ann don chainteoir dúchais. 5) Córas a chur i bhfeidhm lena chinntiú go mbeidh soláthar múinteoirí ann a mbeadh ardchaighdeán Gaeilge. 6) Go gcoimeádfar na tagairtí do thábhacht na Gaeilge san Acht Oideachais agus go ndéanfaí na tagairtí sin a láidriú.

11.03 – Tony Gaynor ón Roinn Oideachais ag caint anois (i mBéarla).

11.05 – Tá Tony Gaynor ag díriú ar oideachas sa Ghaeltacht faoi láthair. Athbhreithniú déanta ag an Roinn ar a bpolasaí oideachais Gaeltachta agus beidh próiseas comhairliúcháin faoi na dréachtpholasaithe go luath. Beidh Fóram Náisiúnta ann níos deireanaí i mbliana, a deir sé.

11.08 – Tá sé ag cur síos anois ar na beartais atá i bhfeidhm cheana féin a thacaíonn leis an nGaeloideachas.

11.10 – Tá an Roinn ag súil go gcuirfear an t-athbhreithniú faoi dhíolúine na Gaeilge faoi bhráid an Aire Oideachais faoi dheireadh na bliana 2015.

11.11 – Deireadh leis an gcur i láthair. Ceisteanna anois ó bhaill an Choiste…

11.12 – Imní ar Charlie McConalogue (FF) faoi chaighdeán na Gaeilge ag cainteoirí dúchais (i bhfianaise na tuarascála ar an ábhar seo). Tuilleadh eolais iarrtha aige.

11.14 – Ciarán Cannon (FG) ag caint faoi dhea-thionchar na gColáistí Samhraidh. “An féidir an cur chuige a chur i bhfeidhm i scoileanna?” a fhiafraíonn sé. Ceist curtha aige ar Mhuireann Ní Mhóráin, cén fáth nach maith an rud é go leagtar 40% den Ardteist ar an scrúdú cainte. Ceist eile aige ar Aine Ní Neachtain  – cén chaoi a chinntíonn muid nach “tearmann Gaeilge” a bheas sa Ghaeltacht agus go mbeidh deis ag óige na Gaeilge a dteanga a úsáid sa domhan mór?

11.17 – An Seanadóir Trevor O Clochartaigh (SF) ag caint anois.

11.18 – “Níl na héilimh atá cloiste againn ó Thuismitheoirí na Gaeltachta cloiste againn roimhe seo i dTithe an Oireachtais go bhfios dom. Ba mhaith liom dá bhfreagródh ionadaí na Roinne na héilimh sin inniu,” – Trevor O Clochartaigh.

11.21 – Freagraí ó na heagraíochtaí ar cheisteanna na mball anois…

11.22 “Nuair a chaitheann páistí nach bhfuil meon dearfach acu seal sa Ghaeltacht, ní féidir a chruthú go dtagann feabhas ar a gcumas teanga agus tagann feabhas ar an meon atá acu ina leith. Céard é an bunús leis sin? Tá siad in ann sóisialú le chéile agus tá comhthéacs ag an teanga” – Bláthnaid Ní Ghréachain. Fiafraíonn An Teachta McConalogue an féidir an taithí sin a chruthú taobh amuigh den Ghaeltacht.

11.26 – Muireann Ní Mhóráin ag freagairt na gceisteanna anois. “Glacann a lán daoine leis gur maith an rud an 40% sa scrúdú béil. Tá go leor cúiseanna leis sin. Tá taighde déanta ag COGG a léirítear go bhfuil an 40% ró-ard, go háirithe do chainteoirí cumasacha, mar ba cheart go mbeadh an gné sin den scrúdú níos ísle ná sin. Faoi láthair is féidir leat 10 líne filíochta a léamh sa scrúdú cainte agus níos mó marcanna a fháil ná mar a bhfaighfeá ar cheist scríofa faoin bhfilíocht. Níl an scrúdú seo bailí, táthar ag foghlaim an ábhair de ghlanmheabhair.”

11.29 – Sorcha Ní Cheilleachair ó Thuismitheoirí na Gaeltachta ag caint anois faoin taighde ar chainteoirí dúchais a rinne Conchúr O Giollagáin.

11..34 – Tony Gaynor ón Roinn Oideachais: “Beidh gach foilseachán agus gach comórtas a rithfidh an Roinn do Chomóradh Céad Bliain 1916-2016 curtha ar fáil go huile is go hiomlán go dátheangach.”

11.38 – An Seanadóir Gerard Craughwell: “Tá múinteoirí Gaelscoile faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar a laghad leabhair atá ar fáil dóibh.” Ceist curtha aige ar COGG faoi seo. Ceist eile uaidh faoin mbac atá ar ghasúir ar bheagán airgid dul go dtí an Ghaeltacht. “Ba cheart dúinn na turais sin a mhaoiniú,” a mhaíonn sé.

11.43 – Catherine Byrne (FG) ag caint faoina taithí féin ar an nGaeilge ón scoil. Scéal á aithris aige faoin gcóras iontrála i nGaelscoil ina dáilcheantar. “There are schools out there who cherrypick children.”

11.45 – “I think it’s sad that parents have to sit an interview in Irish to get the child into a Gaelscoil. It’s not fair on people who can’t speak Irish,” a deir an Teachta Byrne.

11.50 – An Teachta Éamon O Cuív (FF) ag caint. Ceisteanna aige ar an Roinn Oideachais; “An bhfuil sé i gceist agaibh an straitéis 20 bliain atá i bhfeidhm? An bhfuil sé i gceist agaibh glacadh le moltaí a rinneadh anseo inniu agus iad a chur i bhfeidhm? An mbeadh sibh sásta an freastal céanna a dhéanamh ó thaobh múinteoirí de do ghasúir a théann go scoil Ghaeltachta nach í an Ghaeilge a dteanga bhaile mar a dhéantar le teangacha iasachta, is é sin le rá, múinteoirí breise a chur ar fáil dóibh?”

11.56 – An Seanadóir Jim D’Arcy ag caint ar a thaithí féin ar an nGaeilge.

11.58 – Freagraíonn Tony Gaynor ceist Catherine Byrne. Tugann sé le fios go mbeidh an próiséas iontrála níos trédhearcaí. Raic bheag tarraingthe ag Éamon O Cuív – “chuir mé ceist ar COGG, ní ortsa!”

12.00 – Sorcha Ní Cheilleachair arís. Tábhacht na gcampaí samhraidh á léiriú aici mar fhreagra ar cheist an tSeanadóra Craughwell faoi choláistí samhraidh.

12.02. Tá an cruinniú ar fionraí go mbeidh na Teachtaí in ann a vóta a chaitheamh sa Dáil. Cuirfear tús arís leis i gceann 15 nóiméad.

12.19 – Tús curtha leis an gcruinniú in athuair. Tá Sorcha Ní Cheilleachair ag caint arís. “Ní luaitear an cainteoir dúchais sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.”

12.21 – “Chuaigh do chuid cainte i gcion orm a Catherine (Byrne) agus b’fhéidir go dtuigfeá ón leatrom a rinneadh ortsa an leatrom atá á dhéanamh orainne agus ar leanaí na Gaeltachta,” – Sorcha Ní Cheilleachair.

12.23 – “Téann gasúir a bhfuil togha na Gaeilge acu ar scoil agus tagann siad amach faoin Nollaig agus a gcuid Gaeilge droch agus éiríonn siad níos drocher,” – Muireann Ní Mhóráin.

12.26 – Fáiltíonn Bláthnaid Ní Ghréachain roimh mholadh Éamoin Uí Chuív go mbeadh múinteoirí breise ann a thabharfadh cúnamh do ghasúir nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta.

12.27 – Déanann Éamon O Cuiv iarracht ceist a chur. Ciúnaithe ag Cathaoirleach an Choiste.

12.28 – Cuireann Catherine Byrne in aghaidh freagra Bhláthnaid Ní Ghréacháin faoi chóras iontrála na nGaelscoileanna. “I think it’s a very wrong statement to say. Children are excluded because they come from a certain area or because their parents don’t learn Irish,” a deir sí. Soiléiríonn Bláthnaid an freagra a thug sí i nGaeilge ar dtús i mBéarla anois – nuair a bhíonn ró-éileamh ar scoileanna lánGhaeilge, cuirtear critéir éagsúla i bhfeidhm: má bhíonn deartháir nó deirfiúr ar an scoil chéanna, má bhíonn creideamh ar leith luaite leis an scoil, nó má shocraíonn an scoil túsáite a thabhairt do theaghlaigh Ghaeilge. Tacaíonn Bláthnaid leis an gcinneadh deiridh sin sa chás go mbeadh ró-éileamh ar an scoil. “We are talking about a small minority of schools,” a deir sí.

12.29. Tugann Éamon O Cuív dúshlán Catherine Byrne. Cuirtear ar thaifead an tí nach fíor do líomhaintí Catherine Byrne, a deir sé. “I want it to be corrected on the record of the house that that statement is factually incorrect. Leanann an díospóireacht ach cuireann Cathaoirleach an choiste deireadh leis an gcruinniú.

12.30 Tá an cruinniú thart.

 

Fág freagra ar 'Tuairisc Bheo: An Coiste Oireachtais um Oideachas agus Coimirce Shóisialach'

  • Seoirse

    An-phíosa oibre….is maith ann tuairisc.ie…agus MÓ Coimín!!