Fáilte an doichill san AE roimh iarratas na Spáinne ar stádas oifigiúil do thrí theanga eile

Bhí an Spáinn ag súil go dtabharfaí tús áite dá n-iarratas ar stádas oifigiúil don Chatalóinis, Gailísis agus Bascais, ach is amhlaidh gur éirigh le tíortha áirithe moill á chur leis an bpróiseas ag cruinniú sa Bhruiséil

Fáilte an doichill san AE roimh iarratas na Spáinne ar stádas oifigiúil do thrí theanga eile

Fáilte an doichill a cuireadh sa Bhruiséil inné roimh iarratas na Spáinne go mbronnfaí stádas oifigiúil san AE ar an gCatalóinis, an Ghailísis agus an Bhascais.

Pléadh iarratas na Spáinne den chéad uair inné ag cruinniú de Chomhairle Gnóthaí Ginearálta an AE.

Chuir Rialtas na Spáinne an t-iarratas faoi bhráid an AE mar chuid den iarracht atá ar siúl ag Pedro Sánchez tacaíocht a mhealladh ó pháirtithe na scarúnaithe chun rialtas a bhunú agus fanacht ina Phríomh-Aire.

Bhí an Spáinn ag súil go dtabharfaí tús áite dá n-iarratas ach is amhlaidh gur éirigh le tíortha áirithe moill á chur leis an bpróiseas ag cruinniú an lae inniu,

I ndiaidh an chruinnithe inniu, dúirt Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, José Manuel Albares, a chuir an t-iarratas faoi bhráid Chomhairle an Aontais Eorpaigh, go rabhthas ag súil le freagra a thabhairt ar na ceisteanna a bhí ag ballstáit faoin moladh.

“Tá a thuilleadh ama iarrtha ag ballstáit áirithe chun scagadh á dhéanamh ar fhorbairt agus ar chur i bhfeidhm an phlean, agus ar an mbonn sin shocraíomar leanúint orainn ag tabhairt freagraí ar cheisteanna na stát,” arsa Albares.

Cé nár bhain aon bhallstát leas as an gcead a bheadh acu an t-iarratas a chrosadh, cuireadh béim mhór ag an gcruinniú ar an dua, an costas agus na deacrachtaí dlí a bhainfeadh le trí theanga eile a chuir le liosta 24 teanga oifigiúil an AE.

Chomh maith leis sin, tá ballstáit áirithe de chuid an AE ag cur cos i bhfeac mar gheall ar an iarratas toisc iad a bheith buartha go spreagfaí a thuilleadh iarratas dá leithéid.

An Ghaeilge an teanga dheireanach a cuireadh le liosta teangacha oifigiúla an AE, stádas a bronnadh uirthi in 2007.

Ba chóir d’Éirinn ‘tacú láithreach’ le stádas oifigiúil don Chatalóinis, Bascais agus Gailísis

Tá 60 mionteanga agus teanga réigiúnach san AE.

Aon teanga a bhfuil stádas oifigiúil aici caithfear cáipéisí dlí go léir an AE a chur ar fáil inti agus caithfear aistriúchán a chur ar fáil sna teangacha sin freisin ag cruinnithe mullaigh na gceannairí agus ag cruinnithe airí.

Chun go mbeadh an stádas céanna ag teangacha comhoifigiúla na Spáinne, chaithfeadh Comhairle an Aontais Eorpaigh cinneadh a dhéanamh d’aon ghuth a rialacháin a leasú.

An tSualainn an chéad tír a léirigh go poiblí an drogall atá orthu géilleadh don iarratas.

“Is dóigh linn go gcaithfear scagadh níos críochnúla a dhéanamh ar na himpleachtaí dlí agus airgeadais a bhainfeadh leis an moladh,” a dúirt rialtas na Sualainne.

Cháin urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, an Tánaiste Micheál Martin as a rá go raibh sé “róluath” seasamh cinnte a ghlacadh faoin moladh toisc nach raibh aon chur i láthair foirmeálta déanta go fóill ag Rialtas na Spáinne faoina n-iarratas.

Deir Rialtas na Spáinne go n-íocfaidh an Spáinn as an gcostas aistriúcháin breise a bhainfeadh le stádas a bhronnadh ar na trí theanga.

Dúirt Aire Gnóthaí Eorpacha na Cróite, Andreja Metelko-Zgombic, go gcaithfí moladh na Spáinne “a chíoradh go mion”.

Tá stádas oifigiúil sa Spáinn ag an gCatalóinis, an Ghailísis agus an Bhascais.

“Ní ag trácht ar mhionteangacha atáimid anseo,” a dúirt Jose Manuel Albares.

“Os cionn 10 milliún duine a labhraíonn an Chatalóinis, rud a fhágann chun cinn í ar go leor de na teangacha atá ina dteangacha oifigiúla [san AE] faoi láthair, agus ar go leor de theangacha na n-ionadaithe a bheidh timpeall an bhoird liom ar maidin.”

9.1 milliún duine a labhraíonn an Chatalóinis, 2.6 milliún a labhraíonn an Bhascais agus 1.1 milliún a labhraíonn an Ghailísis.

Dúirt Albares go dtabharfaí tús áite i bplean na Spáinne don Chatalóinis.

Dúirt sé go rabhthas ag súil go bhféadfaí dul chun cinn a dhéanamh faoin iarratas “chomh luath agus is féidir”.

Dúirt an tAire Gnóthaí Eachtracha Micheál Martin an tseachtain go raibh sé róluath cinneadh críochnúil a dhéanamh faoi iarratas na Spáinne.

Thug Martin leid go mbeifear ag tacú leis an iarratas ar stádas oifigiúil do na trí theanga, iarratas atá á dhéanamh mar chuid d’idirbheartaíocht iarthoghcháin.

Deir Sinn Féin gur cheart tacaíocht na hÉireann do iarratas a chur in iúl láithreach agus go neamhbhalbh.

n 2005, tar éis feachtas fada, lorg Rialtas na hÉireann stádas mar theanga oifigiúil agus oibre don Ghaeilge san Aontas Eorpach agus bronnadh an stádas sin ar an teanga in 2007.

Fógraíodh, áfach, go mbeadh teorainn ag baint le líon na n-ábhar agus na seirbhísí a bheadh ar fáil i nGaeilge i gcomparáid le teangacha eile go dtí 2010.

Maolú na Gaeilge a tugadh ar an socrú sin ar cuireadh síneadh cúig bliana eile leis ina dhiaidh sin, go dtí an 31 Nollaig 2016.

In 2015 d’iarr Rialtas na hÉireann ar an AE go gcuirfí deireadh leis an maolú de réir a chéile nó go mbeadh deireadh ar fad leis ón 1 Eanáir 2022.

Fág freagra ar 'Fáilte an doichill san AE roimh iarratas na Spáinne ar stádas oifigiúil do thrí theanga eile'

  • Sibéal

    Cén fát nach gcuireann sé iontas orm Martin do bheith ag cur a ladar isteach i scéal seo teangacha na Spáinne go náireach místuama.

    Níl cead síneadh fada na Gaeilge a úsáid i mbancanna, ospidéil srl. i dtírín seo Google agus Microsoft. Beidh orainn cás cúirte a lorg faoin síneadh fada san AE…agus Martin a náiriú.

  • Pádraig Mac Fhearghusa

    Shamhlófá go seasfadh an rialtas anseo leis an ionchuimsiú agus cearta teanga sa chás, ach nuair a fheiceann tú mar a ligeann airí rialtais don Roinn Oideachais cosc a chur ar leathanú na gaelscolaíochta i gcoitinne le tamall fada anois, cuma faoi thacaíocht an phobail di, chaithfeá a bheith amhrasach. Eire, ualach is ea an teanga is léir. “Ní hí an Eire seo an Éire a bhí anallód ann.”