‘Fáilte’ ag an Aire Oideachais roimh mholadh ar bith a leigheasfadh géarchéim na múinteoirí Gaeilge

Dhiúltaigh Richard Bruton a rá go bhféachfaí ar liúntas a thabhairt do mhúinteoirí nua a bheadh ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta

‘Fáilte’ ag an Aire Oideachais roimh mholadh ar bith a leigheasfadh géarchéim na múinteoirí Gaeilge

An tAire Oideachais Richard Bruton. Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá ráite ag an Aire Oideachais Richard Bruton go mbeadh fáilte aige roimh aon mholadh chun fuascailt a fháil ar an nganntanas múinteoirí Gaeilge, ach dhiúltaigh sé a rá go bhféachfaí ar liúntas a thabhairt do mhúinteoirí nua a bheadh ag múineadh i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta.

Mhol an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Aindrias Moynihan go dtabharfaí liúntas do mhúinteoirí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta chun iad a mhealladh i dtreo na scoileanna sin.

Bhíodh a leithéid de liúntas ar fáil do mhúinteoirí sa Ghaeltacht ach níl sé á thabhairt do mhúinteoirí nua a thuilleadh.

Dúirt an tAire Bruton sa Dáil go mbeadh béim ar sholáthar múinteoirí do phríomhábhair ar nós na Gaeilge ag an ngrúpa stiúrtha nua um sholáthar múinteoirí atá le bunú go luath aige.

Dúirt an tAire go raibh “brú ar leith ann” maidir leis an soláthar múinteoirí Gaeilge agus gur chuige sin atá cláir nua oiliúna Gaeilge á bhforbairt faoin bPolasaí Oideachais don Ghaeltacht – cúrsa ceithre bliana B.Ed agus cúrsa páirtaimseartha dhá bhliain M.Ed.

Tá an próiseas tairisceana do sholáthar na gcúrsaí sin ar siúl faoi láthair agus thug an tAire le fios go bhfógrófaí sna seachtainí amach romhainn toradh an chomórtais.

Dúirt an tAire go raibh a roinn “open to considering any suggestion for initiatives through the teacher supply group from Deputies or stakeholders” chun an ganntanas múinteoirí Gaeilge a leigheas.

Ní raibh sé sásta a rá, áfach, an gcuirfeadh sé moladh an Teachta Dála Aindrias Moynihan maidir leis an liúntas do mhúinteoirí san áireamh.

Dúirt Moynihan go raibh práinn le ceist an liúntais i bhfianaise na géarchéime múinteoirí Gaeilge.

“Luaigh an tAire an cúrsa nua atá á thabhairt chun cinn aige ach tá slua mór daltaí thart ar rang a trí sna bunscoileanna a bheidh istigh sa mheánscoil sula mbeidh na múinteoirí sin ar fáil. Tá gá ann cheana féin.

“An bhfuil an tAire tar éis féachaint ar an liúntas a bhí ann i gcomhair na múinteoirí a bhí ag múineadh sa Ghaeltacht nó ag múineadh trí Ghaolainn?…Caithfidh an tAire féachaint ar an liúntas sin agus dul chun cinn a dhéanamh leis. An bhfuil aon rud déanta maidir leis sin?” a d’fhiafraigh an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Aindrias Moynihan.

Fág freagra ar '‘Fáilte’ ag an Aire Oideachais roimh mholadh ar bith a leigheasfadh géarchéim na múinteoirí Gaeilge'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Tá réiteach simplí amháin ar an bhfadhb: deireadh a chur le Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist. Shaothródh sin roinnt mhaith múinteoirí Gaeilge ó bheith ag streachailt sa seomra ranga ag iarraidh Gaeilge a mhúineadh do dhaltaí nach mian leo í a fhoghlaim. Tá ag cliseadh ar ‘Gaeilge éigeantach’ a dhóthain daoine a chur ar fáil le Gaeilge measartha. Tá sé in am breathnú go fuarchúiseach ar an gceist agus Gaeilge a dhéanamh tarraingteach mar ábhar Ardteiste tré poinntí breise a bheith ann do dhaoine a d’éireodh leo san ábhar. D’oibrigh sn seift sin le níos mó daltaí a mhealladh le Mata a dhéanamh ag Ardleibhéal agus d’oibreodh sé don Ghaeilge chomh maith. Anuas ar sin theastódh go mbeadh buntáistí ábharacha ann don té a bheadh ag iarraidh post sa státchóras ach a theaspáint go raibh siad ábalta a gcuid oibre a dhéanamh sa dá theanga oifigiúla atá ceapaithe a bheith ag an stát.

    Tá an iomarca múinteoirí maithe Gaeilge dóite amach agus in ísealbhrí de bharr Gaeilge éigeantach na hArdteiste. Samhlaigh an atmasfaer i seomra ranga agus gach ach sciar beag de na daltaí ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt leo. Cuir sin i gcomparáid le rang ina mbeadh an ábhar roghnaithe ag na daltaí de bharr grá don teanga agus/nó poinntí breise san Ardteist.

  • Marcas Mac Pháidín

    Tuigim go bhfuil Donncha ag caint fá dheireadh a chur le “Gaeilge éigeantach” i gcomhthéacs áirithe, ach is fiú amharc ar shampla na scoileanna ó thuaidh. Tá mé i mo mhúinteoir i scoil ina bhfuil 1,400 dalta ann agus níl dalta ar bith ag déanamh staidéir ar an Ghaeilge. Sa scoil Chaitliceach in aice linn níl ach dornán beag as thart fá 1,200 dalta ag leanstan leis an Ghaeilge don A leibhéal.

  • Tomas

    Níl tada bunoscionn leis an ‘éigeantacht’ mar choincheap ann féin. An fhadhb ná an chaoi ina gcuirtear i bhfeidhm í. Bhfuil mùinteoirí oilte inniúla díograiseach (an tréith is tábhachtaí) ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh? Agus an bhfeiceann Bruton go bhfuil aon fhreagracht air féin chun an fhadhb a réiteach? An é an tAire Oid is lú ionsparáide, is leimhe, is fuarchúisí riamh é meas tù?