Faillí á déanamh fós ag an Eaglais Chaitliceach maidir le mí-úsáid ghnéis

Ba dheas dá mbuailfeadh an Pápa Proinsias le híobartaigh le linn a chuairte ar Éirinn, ach is tábhachtaí go mór fada go ndéanfaí deimhin de go mbeidh cosaint an dlí acu

Faillí á déanamh fós ag an Eaglais Chaitliceach maidir le mí-úsáid ghnéis

Má shíl an cliarlathas Caitliceach in Éirinn go mbeidís saor ó thrioblóid le haghaidh theacht an Phápa Proinsias, tá thiar orthu.

Tá an Eaglais faoi scáth na mí-úsáide arís: an tEaspag John McAreavey éirithe as oifig i ngeall ar fhaillí, fiosrúchán tionscanta ag an PSNI agus éilimh ag íobartaigh ar fhiosrú poiblí.

Baineann an scannal is deireanaí leis an seanfhadhb a bhí in ainm is a bheith réitithe. Sin í éagumas nó diúltú na hEaglaise a chinntiú go mbeadh ar mhí-úsáideoirí freagairt do dhlí na tíre.

Tar éis blianta fada d’athbhreithnithe, de thuarascálacha agus de gheallúintí ón Eaglais nach gceilfí coiriúlacht -úsáideoirí a thuilleadh, an féidir a bheith cinnte go ndéanann easpaig tuairisciú do na póilíní mar atá dlite?

An tábhachtaí i gcónaí cosaint na hEaglaise corparáidí ná cosaint leanaí agus déagóirí?

Nocht fiosrú poiblí an Bhreithimh Hart i dTuaisceart Éireann go raibh mí-úsáid leanaí forleathan in institiúidí stáit agus eaglasta sa chéad seo caite.

Bliain i ndiaidh a bhreithiúnais níl beart déanta ar mhaithe le híobartaigh go fóill agus beirt acu tar éis bháis le gairid. Níor fhiosraigh Hart scoileanna ach músclaíonn an cás reatha ceisteanna faoi scoileanna cónaithe.

Bhí an tAthair Malachy Finnegan ina mhúinteoir agus ina dhiaidh sin ina uachtarán ar Choláiste Cholmáin ar an Iúr idir 1967 agus 1987 agus bhí eolas ag go leor faoina mhí-iompar, idir bhrúidiúlacht agus mhí-úsáid gnéis.

Nuair a d’fhág sé an coláiste bhí sé ina shagart paróiste i gCluain Daimh i gContae an Dúin mar a ndearna sé mí-úsáid ar fhriothálaí Aifrinn, Sean Faloon ó bhí sé 10 mbliana d’aois.

Tá cúiteamh íoctha ag deoise an Droma Mhóir le duine den dáréag a ndearna an tAthair Finnegan mí-úsáid orthu.

Ó rinne Spotlight ar an BBC clár teilifíse le triúr den dáréag an mhí seo caite tá líon mór daoine eile agus líomhaintí acu go ndearna an sagart mí-úsáid gnéis orthusan freisin.

Bhí a fhios ag an eaglais faoi choir Finnegan ó 1994. Má chuir easpag na linne Francis Brooks na póilíní ar an eolas, níl an méid sin ar an taifead. Níor cúisíodh riamh é.

Cuireadh Finnegan go Sasana le haghaidh ‘cóir leighis’ – maíonn Sean Faloon gur lean an íde ar aghaidh nuair a d’fhill Finnegan agus gur tharla sin i gcarr agus i dteach an tsagairt.

D’iarr an t-easpag Brooks ar an sagart a thiocfadh i gcomharbacht air mar easpag, an Dr. John McAreavey, tréadchúram a sholáthar don íobartach. An bhliain dár gcionn, chealaigh an t-easpag Brooks cead Finnegan an tAifreann a rá go poiblí.

Nuair a ceapadh an Dr. McAreavey, saineolaí ar an dlí chanónach, ina easpag bhí a fhios aige gur mhí-úsáideoir é an tAthair Finnegan. Ní dhearna sé tada faoi.

Bhí Finnegan mar chomhcheiliúraí leis ar Aifrinn i gCluain Daimh i 2000.

Baineadh geit as an Easpag McAreavey ach níor chuir sé bac ar rannpháirtíocht an mhí-úsáideora. Chuir sé a mhíshástacht in iúl do Finnegan níos deireanaí.

Nuair a fuair an tAthair Finnegan bás cheiliúir an t-easpag McAreavey an tAifreann éagnairce – gan aon leide a thabhairt gur mhí-úsáideoir coiriúil é agus gan aon tagairt don smál ar an eaglais. Tost ar mhaithe le clú a chosaint?

Chuir an gníomh sin oiread feirge ar íobartaigh áirithe gur chinn siad go labhródh siad amach.

Earráid ab ea é arsa an t-easpag agus ghabh sé leithscéal. Bhí mí-iompar Finnegan “gránna, domhaite agus dochosanta”, a dúirt sé.

Ina litir chuig na fíréin a léadh ag Aifrinn Dé Domhnaigh, dúirt an Dr. McAreavey gur sheol sé litir ag an bPápa ag cur in iúl dó go raibh sé ag éirí as a easpagóideacht agus go raibh sé ag déanamh amhlaidh le croí trom ach go raibh an chonspóid ag goilleadh ar dhaoine.

De réir gach cuntais is fear fiúntach é John McAreavey. Admhaíonn lucht a mholta, áfach, go raibh an ceart aige éirí as oifig i ngeall ar an bhfaillí a rinne sé sa scannal seo.

Ó thosaigh íobartaigh Finnegan ag labhairt amach bhí brú mór ar an easpag McAreavey.

Chuir tuismitheoirí i bparóiste Chluain Daimh in iúl dó nár theastaigh uathu gur eisean a chuirfeadh a bpáistí faoi lámh an easpaig. D’éiligh roinnt go leagfaí go talamh an teach ina ndearna an sagart mí-úsáid ghnéis.

Chuir sé alltacht ar íobartaigh go ndearna an cliarlathas neamhshuim díobh fiú agus eolas acu faoi na botúin a rinneadh i gcás Brendan Smyth. I 1994 a gearradh príosúnacht ar an Athair Smyth den chéad uair agus b’in í an bhliain a thit rialtas Albert Reynolds i ngeall ar bhotúin faoi eiseachadadh an tsagairt ón deisceart go dtí an tuaisceart.

Ní hé imeacht an Easpaig McAreavey deireadh an scéil ná baol air.

Tá fiosrú nua curtha sa tsiúl ag an PSNI agus foireann speisialta bunaithe chun gearáin faoi iompar Finnegan agus institiúidí eaglasta a scrúdú.

Tá gearán déanta ag cúigear le Ombudsman na bPóilíní, iad ag maíomh gur deineadh gearán faoi Finnegan leis an RUC i 1996 ach nach ndearna siad tada faoi.

Thairis sin tá líon na ndaoine atá ag éileamh fiosrú poiblí ag méadú in aghaidh an lae. Tá sé dochreidte, dar leo, nach raibh a fhios ag na húdaráis faoi iompar Finnegan.

Tá an chóir agus freagraí dlite do na daoine a d’fhulaing. Agus tá sé de cheart ag pobal na hEaglaise agus an pobal trí chéile a bheith cinnte go gcosnófar páistí agus go gcomhlíonfaidh an Eaglais dlí na tíre.

Ba dheas dá mbuailfeadh an Pápa Proinsias le híobartaigh le linn a chuairte, mar atá á thuar, ach is tábhachtaí go mór fada go ndéanfaí deimhin de go mbeidh cosaint an dlí acu.

Fág freagra ar 'Faillí á déanamh fós ag an Eaglais Chaitliceach maidir le mí-úsáid ghnéis'