Tá “faillí” á déanamh ar pháistí le riachtanais speisialta oideachais sa chóras oideachas lán-Ghaeilge agus ganntanas mór ann i dtaobh seirbhísí Gaeilge agus acmhainní.
Léirigh tuismitheoirí agus oideachasóirí “imní mhór” maidir leis an fhreastal atá á dhéanamh ag an stát ar pháistí le riachtanais speisialta oideachais sa chóras oideachais lán-Ghaeilge ag cruinniú i nGaillimh.
Reáchtáladh an cruinniú le déanaí mar chuid den taighde atá á dhéanamh don athbhreithniú atá ar bun ag an Roinn Oideachais ar an Acht EPSEN 2004, a bhfuil mar aidhm aige oideachas ‘ionchuimsithe’ a chur ar fáil do pháistí le riachtanais bhreise oideachais.
Cé go bhfuil 20 bliain caite ó tugadh isteach an tAcht um Oideachas do Dhaoine a bhfuil Riachtanais Speisialta Oideachais acu, tá codanna den acht nach bhfuil sa dlí go fóill, lena n-áirítear plean oideachais aonair agus measúnú riachtanais a bheith ag gach páiste le riachtanais speisialta oideachais.
Is faoin Chomhairle Náisiúnta Oideachais Speisialta atá sé clár ama a leagan amach maidir le cur i bhfeidhm an achta ina iomláine ach níl aon dáta luaite leis na gnéithe den acht a bhaineann le plean oideachais aonair nó leis an measúnú riachtanais.
Dúirt an Chomhairle le Tuairisc nach ndéanfar aon dul chun cinn maidir leis na gnéithe d’Acht EPSEN nach bhfuil sa dlí fós go dtí go mbeidh athbhreithniú na Roinne curtha i gcrích.
Ag labhairt di le Tuairisc.ie, dúirt Anna Ní Chartúir, iar-uachtarán ar Gaeloideachas agus Comhordaitheoir Riachtanais Speisialta Oideachais Scoil Sailearna in Indreabhán, a bhí i láthair ag an chruinniú, go raibh sé “mícheart” go bhfuil “cearta oideachais” á séanadh ar pháistí le riachtanais bhreise.
“Tá deacracht mhór ann i dtaobh seirbhísí trí Ghaeilge agus áiseanna trí Ghaeilge le freastal ar pháistí le riachtanais speisialta oideachais. Níl a dhóthain ar fáil i mBéarla ach tá cúrsaí i bhfad níos measa sa nGaeilge. Níl na háiseanna i nGaeilge ann, níl na seirbhísí i nGaeilge ar fáil agus níl na cleachtóirí le Gaeilge ann.
“Tá na measúnuithe d’aon chineál riachtanais speisialta oideachais ar fad i mBéarla,” a dúirt Ní Chartúir.I measc na n-éileamh a bhí ag tuismitheoirí agus oideachasóirí sa chóras oideachais lán-Ghaeilge, dúradh go bhfuil gá le measúnú leanúnach a bheith ar fáil do pháistí, seirbhís nach bhfuil ann faoi láthair.
“Tá liostaí feithimh an-fhada i gceist le measúnú a fháil. B’fhéidir go bhfaigheadh páiste measúnú sna bunranganna ar an mbunscoil agus bheadh an t-ádh orthu an dara ceann a fháil roimh rang a sé.”
Bíonn “fanacht fada” ar thuismitheoirí diagnóis a fháil dá bpáistí agus “deacrachtaí” agus “moill mhór” i gceist le seirbhísí a fháil ina dhiaidh sin.
“Teiripeoirí saothair, teiripeoirí urlabhra, teiripeoirí spraoi, tá liostaí feithimh fada acu ar fad agus tá sé deacair iad a fháil,” arsa Ní Chartúir.
Dúirt Ní Chartúir go raibh éileamh láidir i measc oideachasóirí agus tuismitheoirí ag an chruinniú ar thraenáil leanúnach a bheith ar fáil dóibh.
“Tá gá le traenáil leanúnach a chur ar fáil do thuismitheoirí, múinteoirí agus cúntóirí. Bíonn cúntóirí ag dul ó rang go rang ag plé le go leor riachtanas éagsúil. Caithfidh an stát traenáil leanúnach a chur ar fáil dóibh le dul i ngleic leis na deacrachtaí agus na dúshláin a bhaineann le páiste le riachtanas speisialta oideachais.”
Dúirt Ní Chartúir go mbíonn “tús áite” á thabhairt “do riachtanais an chórais oideachais in áit riachtanais an pháiste” agus go mbíonn páistí le riachtanais speisialta oideachais ag titim “idir dhá stól” mar gheall go mbíonn siad faoi chúram dhá roinn éagsúla, an Roinn Oideachais agus an Roinn Sláinte.
Ina dhiaidh sin, nuair a thagann deireadh lena dtréimhse scolaíochta tá bóthar “an-éiginnte ar fad” roimh thuismitheoirí agus daoine óga.
“Feictear do thuismitheoirí go bhfuil faillí á déanamh ar pháistí le riachtanais speisialta oideachais agus nach bhfuil an córas soiléir. Bíonn éiginnteacht an-mhór roimh aon ghasúr le riachtanais speisialta oideachais ag aois a 18. Níl aon chinnteacht ann go mbeidh córas taistil ar fáil mar shampla.
“Tá imní ar thuismitheoirí agus síleann siad gur cheart don chóras a bheith níos trédhearcaí faoi cén sórt freastail atá á dhéanamh ar pháistí le riachtanais speisialta oideachais.
“Is í an cheist mhór go bhfuil daoine ag iarraidh go mbeidh buiséad ar leith do sheirbhísí agus do thraenáil a chur ar fáil,” a dúirt Ní Chartúir.
I measc na n-ábhar eile a pléadh ag an chruinniú, a d’eagraigh meitheal taighde ó Scoil an Oideachais ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, bhí meon an phobail i leith daoine le riachtanais speisialta oideachais agus dúradh go raibh bearta de dhíth le dul i ngleic leis an aineolas atá ann.
Clár Uí Shéaghadha
Neamart ag roinnt príomhoidí ar riachtanais leanaí agus a mí-úsáid as uaireanta riachtanais speisialta. Cásanna cúirte agus iad a ainmniú de dhíth chun stad a chur leo!