Fágáil, fostaíocht, feitheamh agus f-fhocail eile

Tharraing Paschal Donohoe aird ar an gcluiche polaitiúil ach i ndeireadh báire is feabhas fiúntach feidhmiúil ar shaol na tíre a theastaíonn uainn

Fágáil, fostaíocht, feitheamh agus f-fhocail eile

Tugadh léargas arís do na hiománaithe ar an gclaí an tseachtain seo ar an difríocht idir iomáint pholaitiúil agus an cluiche a imrítear i bPáirc an Chrócaigh.

Is dlúthchuid den dá chluiche an éiginnteacht agus an seans go n-athróidh claonadh na himeartha i bhfaiteadh na súl. Is mó an éiginnteacht, áfach, a bhaineann leis an saol polaitiúil ina mbíonn féidearthacht i gcónaí go n-athróidh cúrsaí ar dhóigh nach raibh á thuar ag duine ar bith roimh ré.

Cothaíonn éiginnteacht dá leithéid dóchas i gcroí gach Teachta Dála, a bheag nó a mhór. Ní chloistear iad ag caint air go minic ach múineann an cheird tuiscint go mb’fhéidir go dtiocfaidh dea-scéala pearsanta gan choinne.

Teastaíonn ardú céime mar shampla óna bhformhór. Ní hionann sin agus a rá go bhfuil súil acu go léir le post rialtais ach ba bhreá le gach Teachta ceapachán éigin am éigin.

Is beag duine ar thaobh an rialtais den Dáil a dhiúltódh do phost mar aire stáit. Níl mórán ach oiread ar cheachtar taobh den teach nach mbeadh áthas orthu dá gceapfaí iad mar chathaoirleach ar choiste.

Tugann post mar urlabhraí páirtí deis do Theachtaí sa bhfreasúra labhairt ar ábhair ar dhóigh a tharraingeoidh aird. Ag an leibhéal is ísle bíonn fonn ar gach Teachta suí ar choiste éigin a bhaineann lena spéis phearsanta nó le leas a dháilcheantair.

Samhlaigh mar sin an dóchas i measc chomhaltaí áirithe de pháirtí parlaiminte Fhine Gael a spreag an scéal gan choinne a tháinig ó chruinniú an rialtais ar maidin Dé Máirt.

Bhí Paschal Donohoe ag éirí as a phost mar aire airgeadais agus faoi réir chun dul i mbun oibre an tseachtain seo chugainn mar phríomhfheidhmeannach ar an mBanc Domhanda i Washington. Chaithfí ionadaí a cheapadh agus ardú céime a thabhairt do dhuine éigin.

Níor mhair an dóchas ná an tuairimíocht fiú leath lae. Cúpla nóiméad tar éis tús sheisiún na Dála ag a dó a chlog d’fhógair an Taoiseach go raibh an Tánaiste Simon Harris á aistriú féin go dtí an roinn airgeadais. Bheadh an tAire Oideachais Helen McEntee, a dúirt sé, ag dul i gcomharbacht air féin mar aire gnóthaí eachtracha.

Díreach ina dhiaidh sin a thug Micheál Martin le fios go raibh ardú céime á thabhairt ag Simon Harris don aire stáit Hildegarde Naughton a bhí á ceapadh mar Aire Oideachais. Níl ann ach bliain ó thug Harris neamhaird ar an Teachta ó Ghailllimh Thiar (a shíl mórán a thuill post sinsearach ar bhonn taithí mar aire stáit agus mar phríomh-aoire an rialtais) agus airí an pháirtí sa rialtas reatha á roghnú aige.

Is sampla breá imeacht Donohoe agus ceapadh Naughton ina ionad den éiginnteacht nach gcuireann polaiteoirí as an áireamh riamh agus a bhfuil i ndán dóibh go pearsanta á mheá acu.

Tuigeann a bhformhór go maith go mbaineann gach ardú céime le taithí, le tuiscint agus le tíreolas, chomh maith le cumas. Tuigeann siad leis, áfach, agus scéal na seachtaine seo ag tacú lena dtuiscint, nach féidir deis gan choinne a chur as an áireamh riamh.

Idir an dá linn, teastaíonn foighne, feasacht agus faichill – tréithe a bheidh de dhíth go háirithe ar Jim O’Callaghan agus ar Jennifer Carroll MacNeill. Is iad an bheirt, glactar leis, is treise atá ag súil le dul i gcomharbacht ar cheannairí Fhianna Fáil agus Fhine Gael faoi seach roimh an gcéad toghchán eile.

Is dóichí faoi láthair go n-oirfidh sé do Jim O’Callaghan a bheith foighdeach go mbeidh deireadh le tréimhse uachtaránachta na hÉireann san AE ag deireadh 2026, nó ar a dheireanaí go bhfillfidh Simon Harris ar phost an Taoisigh i mí na Samhna 2027.

Níl bliain caite fós ag O’Callaghan mar aire rialtais. Beidh fonn air tréimhse níos faide a bheith caite aige sara dtabharfaidh sé faoin gceannaireacht.

Bheadh an tuairim thuas cruinn dá mbeadh fianaise lánmhuiníneach ar fáil maidir le meon Jim O’Callaghan agus maidir le meon an Taoisigh, gan trácht ar an tionchar a bheidh ag an tuairisc ar dhrochfheachtas mírathúil uachtaránachta Fhianna Fáil.

Ba chóir go mbeadh an léargas níos cinnte i bhFine Gael ó thaobh ceannaireachta de ach arís ní féidir éiginnteacht a fhágáil as an tuairimíocht. Shílfeá go mbeadh bliain eile mar aire sláinte ar a laghad de dhíth ar Jennifer Carroll MacNeill, chomh maith le seal mar chomharba ar Harris sa roinn airgeadais, sula gcuirfidh sí í féin chun cinn mar cheannaire, ach arís níl sna briathra sin ach tuairimíocht.

Níl gach Teachta i bhFhine Gael cinnte go n-oirfidh freagracht Simon Harris mar aire airgeadais dó. An fáth: is dlúthchuid dá aireacht nua a bheith toilteanach diúltú do chaiteachas breise (a theastóidh chun aighneas na rúnaithe scoile a réiteach, mar shampla) seachas é a mholadh.

Sa ghearrthéarma, beidh súil ag Micheál Martin agus ag Simon Harris araon nach dtreiseoidh na fothoghcháin i mBaile Átha Cliath Láir agus i nGaillimh Thiar ar mhíshuaimhneas ina bpáirtithe.

Is féidir colún mar seo a lochtú gan dabht toisc é a bheith dírithe ar dhaoine seachas ar pholasaithe, ach tá cumadh, cíoradh agus cur i bhfeidhm gach polasaí ag brath ar dhaoine.

Níl beag is fiú ach oiread á dhéanamh den cheist is tábhachtaí is fiú a chíoradh roimh vótáil. Is féidir fiúntas an fhreagra a achoimriú le F-fhocail eile agus rogha á déanamh idir iarrthóirí olltoghcháin.

An bhfuil fianaise ina gcur chuige roimh ré agus/nó sa chur chuige a gheallann siad ina dhiaidh go bhfuil feabhas fiúntach feidhmiúil ar shaol na tíre á thairiscint acu? Léiríonn an freagra an bhundifríocht idir cluichíocht agus rogha chiallmhar, chomh maith le tábhacht chúrsaí tithíochta nuair a vótálfar sa chéad olltoghchán eile.

Focal scoir: Níl aon dabht cé a bhuaigh an gradam do Chaint Mhínáireach na Seachtaine i dTeach Laighean.

Dúirt an craoltóir, podchraoltóir agus iar-aire Ivan Yates le comhaltaí an Choiste um Ealaíona agus Meáin Dé Céadaoin gur chuir sé agallamh uaireanta ar a chlár raidió ar dhaoine (nárbh pholaiteoirí iad) a bhíodh faoi oiliúint aige.

Ráiteas a chuir i gcuimhne don Choiste go bhfuil neartú ar rialacha craoltóireachta Choimisiún na Meán ag teastáil go géar.

Fág freagra ar 'Fágáil, fostaíocht, feitheamh agus f-fhocail eile'

  • Seán

    Agus ‘fógraíocht’ an ceann is tábhachtaí i leith Simon Harris.