‘Fág uait an tseanmóir’ an Ghaeilge ar ‘Spare me the guilt trip’! – dea-rúin faisin agus stíl mhaireachtála do 2018 …

Is tábhachtaí caighdeán na ndea-rún seachas an líon acu atá i gceist i gcás ár gcomhfhreagraí i mbliana

‘Fág uait an tseanmóir’ an Ghaeilge ar ‘Spare me the guilt trip’! – dea-rúin faisin agus stíl mhaireachtála do 2018 …

‘Ná déan nós agus ná bris nós’ a deir an seanfhocal. Ach moltar dúinn ar fad nósanna áirithe a athrú agus tabhairt faoi chleachtais nua ag tús na hathbhliana i gcónaí. Seo an deis a bhíonn againn smaoineamh ar straitéisí nua don bhliain romhainn agus, ar a laghad, iarracht a dhéanamh iad a chur i bhfeidhm.

Bhreathnaigh mé siar ar na liostaí a rinne mé féin le cúpla bliain anuas agus caithfidh mé a admháil nár chloígh mé leo ar fad, ach rinne mé iarracht mhaith go leor agus tá cuid de na ‘nósanna nua’ sin mar ghnáthchleachtais agam anois – bia níos sláintiúla á ithe agam agus níos mó uisce á ól agam ná mar a bhíodh roimhe seo, an smideadh á ghlanadh go hiomlán de m’aghaidh gach oíche agus aire cheart á tabhairt don chúram cnis, mar shamplaí de na dea-rúin sin.

Ach céard faoin bhliain 2018 atá ag síneadh amach romhainn anois? Bheartaigh mé i mbliana go gcuirfinn srian níos mó ar líon na ndea-rún a dhéanfainn ach iarracht níos fearr a dhéanamh iad a chur i bhfeidhm ar feadh na bliana; ‘caighdeán’ seachas ‘líon’ an tslat tomhais atá agam mar sin maidir le dea-rúin i mbliana. 


Ná géill do thromaíocht ná do chiapadh

Labhairt amach san áit go bhfeicim aon iarracht tromaíocht nó ciapadh á dhéanamh orm féin nó ar aon duine eile sa chomhluadar.  An feachtas #MeToo a spreag an smaoineamh ionam go bhfuil freagracht orainn ar fad seasamh a thógáil agus dul i ngleic le hiarrachtaí ar mhí-iompar den chineál sin. Baineann an dea-rún seo le sláinte agus sábháilteacht agus, thar aon rud eile, baineann sé le sláinte intinne agus le stíl mhaireachtála.

Ná ceannaigh aon rud atá agat cheana féin

Cén fáth a gceannódh duine rud a bheadh acu cheana féin? Ní dhéanfadh ach amadáin agus óinseacha a leithéid! Mar sin, cén fáth a bhfuil sé nó seacht bpéire ‘skinny jeans’ agus ceithre phéire de bhuataisí rúitín ar dhath dubh agam? Tá ceacht le foghlaim anseo.

Éirigh as an mhoilleadóireacht!

Tá muid ar fad go maith aige in amanna – moill a dhéanamh nó rud a chur ar an méar fhada. Cinnte, ní haon eisceacht ar bith mé féin sa chás seo. Is cuma an dath a theastaíonn a chur sa ghruaig nó piocadh ó na malaí, bíonn an cathú ann é a fhágáil “go dtí amárach”. Ní bheidh in 2018. Déanfar cúram do na nithe seo a luaithe agus a theastaíonn sin agus ní chuirfear ar an méar fhada iad.

Seachain na sladmhargaí!

Bíonn tarraingt nó mealladh i gceist i gcónaí ag na sladmhargaí ach ar leor mar chúis é le ball éadaigh a cheannach go bhfuil sé saor? Cén mhaith gearradh 50% ar an bpraghas murar thaitin sé leat ar dtús? Tá sé beartaithe agam níos lú a cheannach sna sladmhargaí, airgead a spáráil agus béim a chur ar líon níos lú earraí a bhfuil ardchaighdeán ag baint leo.

Tabhair aire mhaith don ghruagaire

Tá sé an-deacair gruagaire maith a aimsiú – duine a thuigeann go díreach an réiteach is maith leat ar do ghruaig, maidir le fad, stíl agus dath. Ba cheart a bheith dílis don ghruagaire maith sin nuair a aimsíonn tú é nó í agus a bheith fial, flaithiúil sa síneadh lámha. Bí go maith dóibh agus beidh siad go maith duit.

Tuilleadh ‘beauty sleep’

‘Codladh do mhaitheasa’ an leagan Gaeilge ar ‘beauty sleep’ sa bhfoclóir agus ní gan chúis. Níl amhras ar bith orm ach gur maitheas – agus beagán áilleachta, fiú – a bhíonn mar thoradh ar oíche mhaith chodlata. Deirtear gur cheart go mbeadh ocht n-uaire an chloig gan bearna againn san oíche agus níl ach bealach amháin le sin a fháil go rialta – dul a chodladh go luath!

Éist le do chomhairle stíle féin

Bíonn a fhios againn féin an chuid is mó den am faoin rud a oireann nó nach n-oireann dúinn. Ba cheart neamhaird a dhéanamh ar an té a bhíonn ag rá leat nach n-oireann bándearg nó gorm duit nó gur fearr a bhreathnódh gúna seachas jíons ort más é a mhalairt a chreideann tú féin. Ná géill don bhrú mura dtaitníonn treocht éigin sa bhfaisean leat. ‘Fág uait an tseanmóir’ an Ghaeilge ar ‘Spare me the guilt trip’!

Aimsigh sála arda atá compordach agus bíodh plástair i do mhála i gcónaí

Cuardaigh agus cuardaigh arís agus arís eile go n-aimseoidh tú sála arda atá compordach. Níl rud ar bith níos measa ná bróga a bheith do ghortú agus is féidir leo oíche a mhilleadh go hiomlán ort. Ach is fiú an tairbhe an trioblóid leis an bpéire sála arda speisialta sin a aimsiú atá ‘díreach ceart’ duit. Ach ná dearmad plástair a bheith ar iompar agat i do mhála – feictear dom féin nach bhfuil sárú Compeed le fáil in aon áit. 

Ar ais chuig an ióga nó Pilates

Deirtear go ndéanann giomnáisiamaí nó ionaid ghleacaíochta brabach iontach ar na daoine sin a chláraíonn leo mar ‘dhea-rún na hathbhliana’ gach Eanáir ach nach bhfeictear arís iad tar éis na chéad seachtaine. Seachain an cathú ballraíocht bliana a thógáil ar phraghas laghdaithe agus, mar mhalairt air sin, cláraigh le ranga ióga nó Pilates. Cabhróidh siad leat strus an tsaoil a dhíbirt agus tabharfaidh siad faoiseamh don cholainn agus don intinn.

Glan amach an vardrús arís!

An bhfuil rudaí i dtaisce i do vardrús atá ligthe i ndearmad agat? Seo do sheans anois glanadh maith eile a dhéanamh ar an mbailiúchán éadaigh atá agat agus ord agus eagar ceart a chur orthu. Beidh cuid acu le cur i dtaisce go dtí an samhradh, tuilleadh le dumpáil, roinnt eile le tabhairt do charthanacht agus an chuid eile le cur san áit a mbeidh siad le feiceáil mar is ceart agus le húsáid go rialta agat. Ach ní rún aon-uaire é seo ag tús na bliana ach rún gur cheart filleadh air arís agus arís eile le linn na bliana.

Go n-éirí go geal le do chuid rún féin agus leat féin in 2018.

Fág freagra ar '‘Fág uait an tseanmóir’ an Ghaeilge ar ‘Spare me the guilt trip’! – dea-rúin faisin agus stíl mhaireachtála do 2018 …'

  • nioclas

    ‘Labhairt amach san áit go bhfeicim aon iarracht tromaíocht nó ciapadh á dhéanamh orm féin nó ar aon duine eile sa chomhluadar. An feachtas #MeToo a spreag an smaoineamh ionam go bhfuil freagracht orainn ar fad seasamh a thógáil agus dul i ngleic le hiarrachtaí ar mhí-iompar den chineál sin. Baineann an dea-rún seo le sláinte agus sábháilteacht agus, thar aon rud eile, baineann sé le sláinte intinne agus le stíl mhaireachtála.’
    Sea, ‘labhairt amach’. Nios minice na a mhalairt ni tharlaionn se sin na aon cheo mar e. Ma labhraitear amach is ‘meileach’ a bhionn ann.

  • Criostóir

    Alt an-suimiúil. Níl ach dea-rún amháin agamsa. ‘Sé sin eiseamláir an ‘Midnight Cowboy’ a leanúint agus dul go háit ina oireann an aimsir lem’ chuid bhalcaisí :-)