‘Everest’: Cuidsúlach, éigiallda agus scanrúil

Is saothar foirne atá againn anseo agus cliar cumasach earcaithe ann

everest-movie-reelgood

Stiúrthóir: Baltasar Kormákur

Cliar: Jason Clarke, Michael Kelly, Emily Watson, Sam Worthington, Keira Knightley, Robin Wright, Josh Brolin, Jake Gyllenhaal.

Agus mé ag féachaint ar an scannán seo, chuaigh sé díom a thuiscint canathaobh a gcuirfeadh daoine a mbeatha i mbaol le barr cnoic a bhaint amach, fiú más é an ceann is airde ar domhan féin é.

Sular thugas faoin méarchlár, ráinig mé ar alt faoi fhear ar theip air barr Everest a bhaint amach den dara huair. Ba dhúshlán faoi leith é don fhear seo mar nach raibh aige ach méar amháin; d’imigh na cinn le dó seaca ar an gcéad iarracht aige an bhuaic a bhaint amach. Ba ansin a thuigeas gur meon faoi leith atá de dhíth le tabhairt faoi eachtraíocht den saghas seo.

Caithfidh tú a bheith cróga cinnte, leath as do mheabhair, b’fhéidir, nó id andúileach aidréanailín. Déantar iarracht cíoradh a dhéanamh ar an meon aigne sin sa scannán Everest agus i radharc amháin, is é gáir na gcarachtar ná go ndéantar é a dhreapadh mar go bhfuil sé ann. Carachtar eile, i mír níos sollúnta, ag admháil go scaipeann ceo an dúlagair nuair bhíonn sé ar mhullach cnoic.

Tá scéal an scannáin bunaithe ar scéal fíor agus leanann a dris chosáin agus a gcomharthaí ceiste féin an múnla sin i gcónaí. Cheana féin tá duine a bhí rannpháirteach sa tsluaíocht tar éis íde na muc agus na madraí a thabhairt ar chruinneas an tsaothair.

I dtosach an scannáin, deirtear linn go gcailltear duine as gach ceathrar a dhéanann iarracht barr Everest a bhaint amach, fíric scanrúil a bhain siar asam. Ní hé seo Cnoc Bréanainn ná Corrán Tuathail. Ní hea ná an diabhal é. Tréimhse shuimiúil, chorraitheach i stair na dreapadóireachta ar Everest iad na nóchaidí luaithe agus tráchtálú á dhéanamh ar an gcaitheamh aimsire guaisbheartaíochta.

Bhí a chomhlacht féin ag Rob Hall, fear a dhreap an cnoc cúig bhabhta é féin, le daoine a thionlacan suas. I 1996 bhí buíon eile faoina chúram agus ba é an méid a lean ceann de na tubaistí ba mheasa ar an tsliabh.

Ba gheall le caracthar ann féin í Everest agus cuirtear déine, dainséar na dreapadóireachta abhaile orainn go paiteanta. Deineadh an scannánú ar an láthair i Neipeal agus tá an tírdhreach go hálainn ar fad, má bhí cabhair na maisiúchán ag teastáil chomh maith. Bhí an t-aonach agus an mhainistir a bhí ar an tslí aníos go dtí an mbunáit cuidsúlach, draíoctúil agus chuirfeadh sé fonn bóthair ort. Cuireann an chuid eile den scannán ina luí ort go mb’fhearrde duit casadh nuair a bhaineann tú an bhunáit amach.

Is saothar foirne atá againn anseo le cliar cumasach earcaithe. Tá cuid de na piardaí móra, Robin Wrigh mar shampla, ag tabhairt faoi rólánna atá ana-thánaisteach. Déanann siad ar fad a gcúram go slachtmhar ach is í an tubaiste atá i lár an aonaigh.

Faoi mar a luas thuas, cé go ndéantar ana-iarracht gan an mhéar a shíneadh i dtreo éinne, cailltear daoine go neafaiseach. Taibhsíodh dom go rabhadar ar nós is cuma liom faoi shábháilteacht agus iad ag imeacht ar chaorthainn, chárthainn. Iad ag útamáil le dréimirí agus cordaí faoi mar a bheadh tógálaí meargánta maidin Luain agus póit air.

Cuimhnigh gur ar éigean go bhféadfadh ingearán imeacht go dtí ceann de na campaí bunaidh mar go rabhadar chomh hard sin. Nuair a bhíothas in umar na haimléise, bhí sé chomh maith acu bheith ar an ngealach, faoi mar a deir carachtar amháin go léaragasch, gaoiseach.

Cuidsúlach, éigiallda agus scanrúil.

Fág freagra ar '‘Everest’: Cuidsúlach, éigiallda agus scanrúil'