‘English must be spoken at all times. Failure to do so is unacceptable’ – polasaí teanga comhlacht Gaeltachta

Dúradh le foireann comhlachta a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta nach ceadmhach ach Béarla a labhairt san ionad oibre

‘English must be spoken at all times. Failure to do so is unacceptable’ – polasaí teanga comhlacht Gaeltachta

Tugadh treoir do dhaoine i gcomhlacht Gaeltachta i nDún na nGall gan ach Béarla a labhairt ag an obair.

Dúradh an méid sin i meamram a scaipeadh ar bhaill foirne comhlacht a fhaigheann tacaíocht ó Údarás na Gaeltachta.

Tarraingíodh siar an treoir neamhbhalbh nuair a d’fhiosraigh RTÉ Raidió na Gaeltachta an scéal.

Dúradh sa mheamram, a raibh ‘Use of English Language’ mar theideal air, go gcaithfí a thuiscint go mb’fhéidir go mbraitfeadh daoine “scoite amach” dá gcloisfidís san ionad oibre teanga eile seachas an Béarla.

“Ní mór Béarla a labhairt i gcónaí,  bíodh tú ag comhrá faoin obair nó ag caint go neamhchúiseach le ball foirne eile,” a dúradh sa mheamram foirne.
Ní ghlacfaí le haon teanga eile san ionad oibre ach an Béarla, a dúradh.
“To facilitae effective communication between everyone in the Company, locally and globally, it is essentail that all staff…communicate, both written and verbally, in English at all times. Failing to do so is not acceptable,” a dúradh.

Fág freagra ar '‘English must be spoken at all times. Failure to do so is unacceptable’ – polasaí teanga comhlacht Gaeltachta'

  • Déaglán Ó Connachtáin

    Má fhaigheann nó ghlacann siad t- airgead nó tacaíocht eile on An tÚdarais, ba cheart go mbeadh Ghaeilge ina húsaid seachas an mBéarla i rith an lae, go háirithe má mbíonn an trachtaire in limistéir Ghaeltachta.

  • D de Faoite

    Cé go bhfuil an scéal seacht na n-uaire níos measa is é ag tarlú sa Ghaeltacht agus tacaíocht stáit á fháil ag an gcomhlacht, ní chóir go dtarlódh a leithéid in aon chomhlacht in Éirinn ná in aon áit ar domhan toisc go mbaineann sé le bun chearta an duine a bhéal a oscailt agus a theanga a labhairt. Is ionann ‘ní cheadaítear ach Béarla’ agus ‘ní cheadaítear ach úllaí dearga’. Ní leor an ráiteas a tharraingt siar nuair a léiríonn an memo fadhb níos leithne. D’fhéadfadh cás a bheith anseo don chúirt Eorpach um chearta daonna.

  • Áine

    Ba chóir an comhlacht a bheith aimnithe agus má tá aon bhealach go bhfuil muintir na Gaeltachta ag tacú le táirgí nó seirbhísí a cheannach uathu gur féidir linn stopadh

  • Bríd

    Céard atá Údarás na Gaeltachta ag deanamh faoi seo? An bhfuil ráiteas uathu? Tá sé náireach. Mura dtagann Údarás amach go láidir ina choinne seo tá sé chomh maith eiri as a gcaint faoi pleanáil teanga

  • Donncha

    Má cheapann aon duine go ndéanfaidh Údarás aon rud seachas tacú leis an gcomhlacht seo chun ráiteas neamhlfholach le leath leithscéal faoi mhíthuiscintí a réiteach tá an-dul amú orthu faoi suim Údarás na Gaeltachta inár dteanga dúchais.

  • Rós

    Níl ann ach súil a chaitheamh ar mheáin shóisialta Údarás áit a bhfuil siad ag poibliú clár mion-chomhlachtaí, a reachtaileann siad fhéin, do scoláirí in iar-bhunscoileanna Gaeltachta i mBéarla agus gan gá ar bith leis. Mura féidir leis an Údarás cloí le Gaeilge amháin mar cheacht spreagúil dár ngasúir agus iad ag foghlaim faoi cén chaoi gnó a dhéanamh, cén dóchas atá ann go bhfuil siad ag déanamh aon iarracht an teanga a chuir chun cinn i measc fíor ghnóanna?

  • Cualáin

    Agus fós tacóidh Údarás na Gaeltachta leo. Ainmnigh an comhlacht agus faigh amach cé mhéid airgead atá siad ag fáil uaidh Ghalldaí Údarás na Gaeltachta.

  • Micheál Ó mairtin

    Náireach. Níl de dhíth orthu ach an deontas. Is cuma faoi teanga.

  • Con Ó Murchú

    Udaras n Gaeltachta. Te he he! Poca lianta!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Tá an t-Údarás in ainm coinníoll teanga a chur le deontas a fhaigheann ‘cliant-chuideachtaí’.
    Molaim do tuairisc.ie cóip de seo a lorg.

  • Antóin

    Sin dóigh amháín le forlamhás an Bhéarla a chur chun cinn. Má tá sé seo fíor ainmnigh an comhlacht & cuir deireadh láithreach le haon deontas a fhaigheann sé.

    Agus nach aoibhinn na focla ‘can feel isolated and excluded” Ní gá go bhfuil tú scoite amach ón chomhluadar nó ón chomhrá, ach má CHEAPANN tú go bhfuil tú, is leor sin.

    Iarr ar rannóg na n-acmhainní mídhaonna ansin leagan Gaeilge den mheamram sin a chur ar fáil le do thoil.

  • Eoghan

    An bhfuil cosc ar an Pholainnis, srl i monarcana fud fad na hÉireann, nó i gcomhlachtaí a bhfuil inimircigh ag obair iontu agus a fhaigheann deontas ó ÚnaG. ? Samhlaigh an raic dá scaipfí meamram a chuireann cosc ar theangacha inimirceach.

  • Seáinín faoi Sceach

    Sampla eile de laigeacht Údarás na Gaeltachta. Soiléir nach bhfuil siad ag cuir aon bhéim ar an Ghaeilge agus iad ag déanamh socruithe leis na comhlachtaí seo.

  • Gabriel Rosenstock

    Ba cheart an comhlacht sin a ruaigeadh – go hIfreann nó go Connachta.

  • Cur i gcéill

    Nach í an Bhéarla teanga oibre ÚnaG anois chomh maith? Tuige bhfuil iontas ar dhaoine!

  • Éilís Ní Anluain

    Níor mhaith liom an fógra seo a fheiceáil áit ar bith sa tír. Níl sé ceart. Níl brí ar bith leis. Níl tacaíocht ná cúnamh ar bith ag teastáil ón mBéarla. An seanscéal – casadh ar an mBéarla nuair atá duine amháin sa gcomhluadar gan Ghaeilge, ina riail anseo. Riail a bhrisfear má tá ciall ag oibrithe an chomhluchta sin. Bhfuil náire ar bith ar an té a chum? Cuid d’éagsúlacht agus de shaibhreas an tsaoil teangacha éagsúla a chloisteáil timpeall orainn. Má tá an cancarán curtha amach tádar ann freisin a deir gur deas í a chloisteáil. Ná géilltear do na cancaráin.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    Cén drugall atá ann gan an comhlucht a ainmniú?

  • Pat Butler

    An jóc é seo nár foillsíodh ar a gcéad lá Aibreáin?

    Rinneadar cocstí ceart anseo!!

    Tá cloiste agam le fada faoin ‘tone deafness’ a bhaineann le cultúr chomhluchtaí áirithe.

    Ach, a Thiarcais! Go bhféadfadh an rannóg pearsanra bheith chomh neamhbhalbh faoi pholasaí nach n-aithníonn ach cultúr teangan amháin, is go bhfuilid chomh hoscailte faoi, is nach bhfuil oiread agus ribe den náire ina meamram don bhfoireann faoi – tá sé deacair do cheann a chur timpeall ar an leibhéal sin sotail! Gan trácht ar an dánaíocht dúr agus an bodhaire a chothaigh an cinneadh céanna – cultúr nach bhfaca faic cearr faoina fhoilsiú lomnocht – ‘balls-first’, má’s mian leat, i measc na fóirne!

    ‘No Irish-or-any-other-language by-choice-speakers need apply’.

    Cá sheasann forálacha ionannais an AE agus a leithéid seo Trumpachais á fhógairt go poiblí ag aoi comhlucht inár measc?

    Tá tost an Údaráis go dtí seo ina scread fud fad Fódhla.

    Má’s fíor gur seoladh an meamram sin, ainmnigh an comhlucht in ainm Chroim!

  • Seán Mac Bhriain

    Cá bhfios dúinn gurb í an Ghaeilge atá i gceist? Cá bhfuil an ráiteas: Chuaigh muid i dteagmháil leis an gcomhlacht agus dúirt siad X, Y nó Z.
    Bíodh cead ag chuile dhuine a dteanga féin a labhairt is cuma cén teanga atá i gceist.

  • Christina Chen

    Cuirigí ceist ar aon duine atá ar bhur n-aithne i nGaeltachtaí Chontae Dhún na nGall go bhfeice muid an féidir linn ainm an chomhlachta a fhoghlaim

  • Peadar

    Ní fíorGhaeltacht ná breacGhaeltacht atá anois ann ach BréagGhaeltacht.

  • Liam Mac Lochlainn

    Nuair a chonaic mé an cheannlíne shíl mé gur píosa ó ‘Ar Son na Cúise’ a bhí ann.

  • Síle

    Ba é an dearcadh chéanna a chuir leis an nGaeilge sa státseirbhís ó na seachtóidí ar aghaidh.

  • Paula

    Is cosuil gurb é an botun a rinne an comhlacht seo an t-ordu a chur i scríbhinn. Marach sin, ní bheadh ann ach ‘duirt bean liom’. Nach é an scéal céanna é ar fud na hÉireann?