‘Eisceacht’ a bhí i láithriú dátheangach na gclár a chraol TG4 ó Fhleadh Ceoil na hÉireann i Sligeach, a deir Leas-Phríomhfheidhmeannach an stáisiúin, Pádhraic Ó Ciardha.
Le linn na gclár a craoladh beo ó Shligeach faoin teideal FleadhTV, ba i mBéarla a labhair na láithreoirí cuid den am in ainneoin gur craoltóirí líofa Gaeilge beirt den triúr acu, Máire Treasa Ní Dhubhghaill agus Lynette Fay.
Is i mBéarla cuid mhaith a dhein na láithreoirí cur síos ar imeachtaí agus ar chuileachta na fleidhe agus is i mBéarla, mar shampla, a cuireadh cuid de na ceoltóirí in aithne don lucht féachana.
Craoltar cláir Bhéarla agus cláir dhátheangacha ar TG4 ar bhonn rialta, ach ní nós leis an stáisiún Gaeilge go mbeadh cur chuige dátheangach ag láithreoirí a gclár ach amháin sa chás go mbeadh duine faoi agallamh acu nach mbeadh Gaeilge aige.
Dúirt an t-iarleachtóir le cumarsáid Íte Ní Chionnaith “go mba thrua go mór” léi an tráchtaireacht dhátheangach ar FleadhTV.
Dúirt Ní Chionnaith nach ar mhaithe le “figiúirí arda lucht féachana” a bunaíodh TG4 an chéad lá ach chun “seirbhís a chur ar fáil do phobal na Gaeilge agus d’aon duine eile a theastaigh uathu féachaint ar chláracha i nGaeilge”.
‘Thuigfeá dóibh dá mbeadh tráchtaireacht á dhéanamh ar scéal mór tromchúiseach agus gan teacht ar éinne le Gaeilge, ach an cineál tráchtaireachta a bhí ann ní raibh gá leis an mBéarla. Na daoine a mbeadh spéis acu sa cheol tradisiúnta fiú mura mbeadh tuiscint na Gaeilge acu – agus tá déarfainn ag cuid mhaith acu – bheidís sásta le tráchtaireacht i nGaeilge amháin ar chlár mar seo. Is Béarla nuair nach raibh gá le Béarla a bhí i gceist agus feictear dom go bhfuil an claonadh sin ag éirí níos láidre ar TG4 – go mbíonn Béarla ann nuair nach bhfuil gá le Béarla.
“Glacaim leis go mbíonn gá le méid áirithe Béarla ar an stáisiún ach bheinn níos buartha fós faoin gcineál seo tráchtaireachta, an meascán seo de Bhéarla agus Gaeilge a bhí in úsáid ar cláracha áirithe ar RTÉ tráth den saol. Nuair a théann tú i muinín an dátheangachais mar seo, is iondúil go dtagann meadú ar úsáid an Bhéarla agus laghadú ar úsáid na Gaeilge,” a dúirt Íte Ní Chionnaith a bhí ar dhuine do na daoine a bhí páirteach sa bhfeachtas as a d’eascair TG4.
Shéan Pádhraic Ó Ciardha gur chiallaigh cur chuige dátheangach Fleadh TV go raibh athrú tagtha ar pholasaí teanga an stáisiúin nó gur chuid de ‘phatrún níos leithne’ é.
Dúirt Leas-Phríomhfheidhmeannach TG4 le Tuairisc.ie gur “eisceacht” a bhí i bhformáid ‘dhátheangach’ FleadhTV nach raibh ag teacht le gnáthpholasaí an stáisiúin maidir leis an láithriú dátheangach.
“Is comhfhiontar atá i bhFleadhTV agus tá formáid ar leith roghnaithe a chreidtear a fheileann do bheochraoladh ar imeacht mór sráide. Cuireadh tús leis an bhformáid cúpla bliain ó shin agus tá ag éirí go hiontach leis agus na scórtha mílte duine ag baint taitnimh as.
“Níl ach aiseolas dearfach faighte againn faoi na cláir seo. Eisceacht atá ann ach eisceacht a bhfuil ag éirí leis agus níl aon athrú tagtha ar pholasaí an stáisiúin maidir leis an láithriú dátheangach ná níl aon athrú tagtha ar pholasaí teanga an stáisiúin. Tá an t-aiseolas atá faighte againn faoi FleadhTV iomlán dearfach,” a dúirt Pádhraic Ó Ciardha.
Dúirt Máire Treasa Ní Dhubhghaill, duine de láithreoirí FleadhTV, a labhair níos mó Gaeilge ná Béarla le linn na gclár, gurbh í seo an chéad uair di clár a láithriú go dátheangach agus go bhfuair sí “difriúil” é a leithéid a dhéanamh.
“Is dóigh go raibh sé á chraoladh ní hamháin ar TG4 ach ar líne freisin ar fud na cruinne ar fleadh.tv agus mar sin bhí siad ag iarraidh go dtuigfeadh chuile dhuine é agus go mbeadh go leor leor daoine ag breathnú air. Cuireadh agallamh i nGaeilge ar dhaoine a raibh Gaeilge acu agus fiú na daoine nach mbeadh an oiread Gaeilge acu is atá againne, rinne siad iarracht beagán Gaeilge a labhairt, ” a dúirt Máire Treasa Ní Dhubhghaill le Tuairisc.ie.
Fág freagra ar '‘Eisceacht’ a bhí i gcur chuige ‘Beárla-Gaeilge’ láithreoirí Fleadh TV, a deir TG4'