Éireannaigh óga sásta déanamh gan eitiltí agus feoil, ach polasaithe rialtais níos láidre uathu ar son na haeráide

Maítear i staidéar nua nach bhfuil an ghlúin seo daoine óga aon bhlas níos eolaí faoin iompar is mó a mbíonn tionchar aige ar astaíochtaí ná na daoine fásta atá níos sine ná iad

Éireannaigh óga sásta déanamh gan eitiltí agus feoil, ach polasaithe rialtais níos láidre uathu ar son na haeráide

Léiríonn taighde nua gur mian le formhór daoine óga na tíre seo go gcuirfí cosc ar eitiltí intíre nach bhfuil riachtanach agus go gcuirfí criosanna nó zóin ar fáil i mbailte móra agus i gcathracha nach mbeadh aon charranna ceadaithe iontu.

Léiríonn an staidéar nua de chuid na hInstitiúide Taighde Eacnamaíochta agus Sóisialta [ESRI], chomh maith go bhfuil na hÉireannaigh óga seo sásta níos lú eitiltí a dhéanamh agus níos lú feola a ithe ach go gcreideann siad gur ar an Rialtas atá an fhreagracht athrú a chur bhfeidhm.

Ón tuarascáil seo is léir nach bhfuil an ghlúin seo daoine óga aon bhlas níos eolaí faoin iompar is mó a mbíonn tionchar aige ar astaíochtaí ná mar atá na daoine fásta atá níos sine ná iad.

An Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil [EPA] a mhaoinigh an taighde ar dhaoine óga idir 16-24 bliain.

Léiríonn an taighde go gcreideann daoine óga go bhfuil sé práinneach go ndéanfaí gníomh ar son an chomhshaoil agus go dteastaíonn polasaithe níos láidre uathu ar son na haeráide.

Tá na daoine óga sásta a nósanna maireachtála a athrú ar mhaithe le déileáil leis an athrú aeráide agus thacódh go leor díobh le cosc agus cáin a chur ar ghníomhaíochtaí a chruthaíonn astaíochtaí dochracha.

Léiríonn an taighde seo freisin gur maith le formhór na ndaoine óga am a chaitheamh sa dúlra agus dá mhinice a dhéanann siad sin is diongbháilte a bhíonn siad faoina dtacaíocht don chomhshaol.

Cé gur léirigh an dream óg tacaíocht ghinearálta do ghníomh níos radacaí ar son an chomhshaoil, chuaigh sé dian ar a bhformhór na hathruithe ar leith is mó a mbeadh dea-thionchar acu ar astaíochta carbóin a aithint.

Mar sin féin tá sé de rún ag a lán díobh gníomhaíochtaí a chruthaíonn go leor astaíochtaí carbóin a sheachaint, mar shampla eitiltí cianaistir agus ithe na feola.

Is beag difríocht a bhí sa dearcadh a bhí ag daoine óga as cúlraí socheacnamaíochta éagsúla ná idir daoine óga faoin tuath agus sna bailte móra.

Dúirt Ylva Andersson, príomhúdar na tuarascála:

“Ar an iomlán, is léir ó thorthaí an taighde go bhfuil daoine óga na hÉireann buartha faoin athrú aeráide agus an-fhonn orthu beart a dhéanamh. Ach teastóidh acmhainní agus ceannaireacht uathu chun beart a dhéanamh den mhian sin toisc gur ceisteanna an-chasta iad seo agus

nach mór an tuiscint atá ag na daoine óga faoin mbealach is fearr is féidir leosan cuidiú le hastaíochtaí a laghdú.”

Dúirt an Dr Eimear Cotter, Stiúrthóir Oifig Fianaise agus Measúnaithe an EPA:

“Ní fhéadfar na dúshláin chomhshaoil atá roimh an tír seo a réiteach mura mbeidh gach saoránach agus gach páirtí leasmhar rannpháirteach agus cumasaithe. Údar misnigh don EPA torthaí an taighde seo, a maoiníodh mar chuid de clár taighde an EPA-ESRI, a léiríonn go gcreideann os cionn 90% de dhaoine óga na tíre go bhfuil sé an-tábhachtach an comhshaol a chosaint.

“Creideann an EPA go bhfuil sé an-tábhachtach déileáil go díreach leis an dream óg ionas go gcothófar tuiscint níos fearr, go dtuigfidh siad gur leosan an scéal freisin agus go mbeidh dóchas acu faoin todhchaí.”

Fág freagra ar 'Éireannaigh óga sásta déanamh gan eitiltí agus feoil, ach polasaithe rialtais níos láidre uathu ar son na haeráide'