Éire chun aghaidh a thabhairt ar an tSlóvaic sna babhtaí cáilithe

D’fhéadfadh fós go mbeadh foireann Mick McCarthy ag tabhairt aghaidh ar Thuaisceart Éireann chun áit a bhaint amach ag EURO 2020

Éire chun aghaidh a thabhairt ar an tSlóvaic sna babhtaí cáilithe

Bainisteoir na hÉireann, Mick McCarthy. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

Tabharfaidh foireann sacair na hÉireann aghaidh ar an tSlóvaic sa chéad bhabhta de chluichí cáilithe EURO 2020. Beidh foireann Mick McCarthy as baile sa chluiche sin a bheidh á imirt mí an Mhárta.

Imreoidh Tuaisceart Éireann in aghaidh na Boisnia is na Heirseagaivéine sa chluiche leathcheannais eile agus is ar bhuaiteoirí an chluiche sin a thabharfaidh Éire aghaidh má éiríonn leo an ceann is fearr a fháil ar an tSlóvaic.

Na Slóvacaigh atá i ndán d’fhoireann na hÉireann mar go bhfuair an Bhreatain Bheag an ceann is fearr ar an Ungáir i nGrúpa E aréir, 2-0.

Fuair an tSlóvaic an ceann is fearr ar an Asarbaiseáin agus bhaineadar an tríú háit amach sa ghrúpa céanna, taobh thiar den Bhreatain Bheag agus den Chróit. Tá an tSlóvaic sa 31ú háit ar domhan i rangú FIFA faoi láthair, cúig áit chun tosaigh ar Éirinn.

Cúig chluiche atá imeartha idir Éirinn agus an tSlóvaic go dtí seo. Bhuaigh Éire cluiche eatarthu i mBaile Átha Cliath i rith chomórtais cáilithe EURO 2008 agus ar comhscór a chríochnaigh na ceithre chluiche a imríodh idir na foirne ó shin

Fág freagra ar 'Éire chun aghaidh a thabhairt ar an tSlóvaic sna babhtaí cáilithe'