Éileamh le déanamh ar an Aire Dlí agus Cirt eolas na nGardaí faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí a chur ar fáil

Tá cuid de na fir a ndearna Domhnall Ó Lubhlaí ionsaí orthu ag iarraidh go gcuirfí ar fáil dóibh torthaí an fhiosrúcháin inmheánaigh a rinne an Garda Síochána faoin gcás

Éileamh le déanamh ar an Aire Dlí agus Cirt eolas na nGardaí faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí a chur ar fáil

Tá ráite ag an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur chóir don Gharda Síochána an t-athbhreithniú a rinne siad faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí a chur ar fáil do na daoine a ndearna sé ionsaí gnéis orthu.

Dúirt an Teachta Dála as Gaillimh le Nuacht TG4 aréir go mbeidh ceist an athbhreithnithe á hardú aici leis an Aire Dlí agus Cirt, Helen McEntee.

Tá scéal Uí Lubhlaí i mbéal an phobail ó craoladh clár ar TG4 aréir inar inis Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha a scéal faoin méid a d’fhulaing sé féin agus daoine eile ar ionsaigh bunaitheoir Choláiste na bhFiann iad agus iad ina mbuachaillí óga.

Catherine Connolly

Tá diúltaithe scun scan ag na Gardaí agus ag an Roinn Dlí agus Cirt le sé bliana anuas aon eolas a thabhairt do na fir a ndearna Ó Lubhlaí ionsaí orthu faoin bhfiosrúchán inmheánach a rinne siad faoin gcás.

Deir na Gardaí nach é an gnáthchleachtas é tuarascáil a bhaineann le fiosrúchán inmheánach de chuid an Gharda Síochána a thabhairt do bhaill den phobal agus go bhfuil eolas íogair inti faoi dhaoine. 

Dúradh an rud céanna i ráiteas a d’eisigh siad inné.

Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí riamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.

Cuireadh 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht. Maíodh gur tharla na hionsaithe seo thar thréimhse 30 bliain.

Thit an triail as a chéile de bharr moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí.

Bhásaigh Domhnall Ó Lubhlaí i Márta 2013 agus go luath ina dhiaidh sin, labhair cuid de na fir a d’ionsaigh sé leis an tuairisceoir Sorcha Ní Mhonacháin ó Nuacht TG4 faoinar fhulaing siad.

Ag eascairt as na hagallaimh sin, d’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go gcuirfí fiosrúchán ar bun mar gur léir nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am, Martin Callinan, in Aibreán 2013 gur iarr sé ar aonad an Gharda Síochána a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar an bhfiosrúchán faoi na líomhaintí a deineadh i gcoinne Uí Lubhlaí sna nóchaidí.

Tugadh an t-athbhreithniú sin ar láimh don iar-aire dlí agus cirt Frances Fitzgerald i samhradh na bliana 2014.

Ní raibh Liam Ó Maolaodha ach 15 bliain d’aois nuair a rinne Ó Lubhlaí, a bhí ina mhúinteoir Gaeilge aige ar scoil i gCluain Dolcáin, ionsaí gnéis air den chéad uair i 1971 agus lean na hionsaithe ar aghaidh ar feadh roinnt blianta.

Dúirt Ó Maolaodha sa chlár sa tsraith Finné a craoladh ar TG4 aréir go raibh tionchar as cuimse ag an mí-úsáid sin air.

“Níl lá amháin ó shin nár smaoinigh mé air, nach raibh tionchar aige ar mo shaol ar bhealach amháin nó ar bhealach eile,” a dúirt Ó Maolaodha.

Scríobh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, litir chuig an iar-aire leanaí agus gnóthaí óige Katherine Zappone in 2018 mar gheall ar dhiúltú na nGardaí agus na Roinne Dlí agus Cirt aon eolas a thabhairt faoin bhfiosrúchán do na fir a bhí thíos leis na hionsaithe gnéis a rinne Ó Lubhlaí.

Deir Liam Ó Maolaodha nach eol dó féin aon duine nár theastaigh uathu go dtiocfadh “an fhírinne” amach faoin gcás agus gurbh fhurasta aon eolas íogair faoi na fir a fholú dá mba ghá.

Tá scéal amháin ann go raibh Ó Lubhlaí ag sceitheadh eolais leis na Gardaí agus gur thug an Stát seo agus a chuid oifigeach cosaint dó mar gheall ar eolas a chuir sé ar fáil faoi phoblachtánaigh.

“Chuile uair a ndiúltaíonn na Gardaí agus a ndiúltaíonn an Stát aitheantas a thabhairt dár n-iarratais, treisíonn siad an ráfla sin,” a deir Ó Maolaodha. 

“Cinntíonn siad, in ár n-intinn-ne pé scéal é, go raibh a leithéid fíor.”

Chuir an Ceann Comhairle imeachtaí na Dála ar athló trí huaire inniu nuair a d’imigh díospóireacht faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí ó smacht le linn Ceisteanna na gCeannairí.

In 2014, cuireadh imeachtaí na Dála ar athló nuair a mhaígh Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin gur dhein Joan Burton, a bhí ina Tánaiste ag an am, clúmhilleadh ar bhaill a pháirtí le linn díospóireachta faoi chás Uí Lubhlaí.

Dúirt Joan Burton go raibh ceisteanna le freagairt ag “gluaiseacht na poblachta” faoi chás Uí Lubhlaí chomh maith toisc gur “poblachtánach aitheanta” a bhí ann.

Bhí ceannaire Shinn Féin Mary Lou Mac Donald, i measc na bpolaiteoirí a dúirt ag an am gur chóir don aire dlí agus cirt an t-athbhreithniú ar an tslí ar láimhseáil na Gardaí na líomhaintí in aghaidh Uí Lubhlaí a fhoilsiú. Dúirt Mary Lou MacDonald gur “brick wall” a bhí os comhair na n-íospartach nuair a lorgaíodar eolas faoin gcás ón Roinn Oideachais, ó Roinn na Gaeltachta, ón Roinn Dlí, ón nGarda Síochána agus ón HSE.

Dúirt sí sa Dáil in 2014 go raibh sé “mind-boggling” nach raibh eolas faoin gcás á chur ar fáil d’íospartaigh Uí Lubhlaí agus go raibh an chuma ar an scéal go raibh “botched investigation” i gceist agus go raibh “botched cover-up” anois ar bun.

Fág freagra ar 'Éileamh le déanamh ar an Aire Dlí agus Cirt eolas na nGardaí faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí a chur ar fáil'

  • JOHN MODONOGHUE

    Tá sé tabhachtach a raibh ar siúl ag na Gardaí a chur i mbéal an phobail agus deireadh a chur leis na ráflaí faoi sceitheadh eolas do na Gardaí agus an tioncar a bhí ar na cúrsaí seo ar fhiosrúcháin na nGardaí a bh í thar a bheith mí-éifeachtach, de réir dealramh.

    Ta sé thar am go mbeidh deireadh curtha le fulaingt Liam Ó Maolaodha agus na níobairtigh go léir sa cás seo.

    Níl an tost seo ach ag déanamh dochair do cháil na Gardaí,nách mbíonn aon leisce ortha eolas a sceitheadh go rabhach leis na meán nuair a oireann sé dá chúis.

  • An teanga bheo

    Sli na firinne?