Dáil ar athló tar éis raic faoi chás Uí Lubhlaí

Ba í Teachta Dála Shinn Féin Mary Lou McDonald a d’ardaigh cás Uí Lubhlaí leis an Tánaiste Joan Burton.

MaryLoe

Chuir an Ceann Comhairle imeachtaí na Dála ar athló trí huaire inniu nuair a d’imigh díospóireacht faoi chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí ó smacht le linn Ceisteanna na gCeannairí.

Cuireadh imeachtaí na Dála ar athló nuair a mhaígh Aengus Ó Snodaigh ó Shinn Féin gur dhein an Tánaiste Joan Burton clúmhilleadh ar bhaill a pháirtí le linn na díospóireachta faoi chás Uí Lubhlaí.

Dúirt an Tánaiste go raibh ceisteanna le freagairt ag “gluaiseacht na poblachta” faoi chás Uí Lubhlaí chomh maith toisc gur “poblachtánach aitheanta” a bhí ann.

Ba í Teachta Dála Shinn Féin Mary Lou McDonald a d’ardaigh cás Uí Lubhlaí leis an Tánaiste Joan Burton.

Dúirt Mary Lou Mac Donald gur chóir don Tánaiste iarraidh ar an Aire Dlí agus Cirt, Frances Fitzgerald, an t-athbhreithniú ar an tslí ar láimhseáil na Gardaí líomhaintí in aghaidh Uí Lubhlaí a fhoilsiú láithreach agus gur “brick wall” a bhí os comhair na n-íospartach nuair a lorgaíodar eolas faoin gcás ón Roinn Oideachais, ó Roinn na Gaeltachta, ón Roinn Dlí, ón nGarda Síochána agus ón HSE.

Tháinig sé chun solais ar Nuacht TG4 aréir go bhfuil na Gardaí ag diúltú  aon eolas a thabhairt do na fir a d’fhulaing ionsaithe gnéis ó Dhomhnall Ó Lubhlaí maidir le hathbhreithniú atá déanta faoin gcás.

Dúirt an Teachta Dála ó Shinn Féin gur tugadh an t-athbhreithniú seo ar láimh don Aire Dlí is Cirt, Frances Fitzgerald, ceithre mhí ó shin, mar a tuairiscíodh ar Nuacht TG4 aréir, ach d’eisigh an Roin Dlí agus Cirt ráiteas le Nuacht TG4 tráthnóna ag séanadh gur amhlaidh a bhí.

Dúirt Mary Lou Mac Donald sa Dáil go raibh sé “mind-boggling” nach raibh eolas faoin gcás á chur ar fáil d’íospartaigh Uí Lubhlaí.

Dúirt sí go raibh an chuma ar an scéal go raibh “botched investigation” i gceist agus go raibh “botched cover-up” anois ar bun.

Idir an dá linn, d’iarr an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ar maidin go dtabharfaí an tAire Dlí Frances Fitzgerald os comhair an tSeanaid le ceisteanna a fhreagairt faoi dhiúltú na nGardaí aon eolas a thabhairt do na fir a d’fhulaing ionsaithe gnéis ó Dhomhnall Ó Lubhlaí maidir leis an athbhreithniú.

Bhí an tAire Fitzgerald ar an eolas faoin athbhreithniú le ceithre mhí anuas, a dúirt sé, agus bhí ceisteanna le freagairt aici féin faoi cén fáth nach bhfuil an t-eolas nua faoin gcás curtha ar fáil do na híospartaigh.

D’éiligh an Seanadóir Ó Clochartaigh ar Cheannaire an tSeanaid, Maurice Cummins, go gcuirfí am ar leataobh do dhíospóireacht ar ‘oscailteacht agus trédhearchacht’ an Gharda Síochána i dtaobh chás Uí Lubhlaí.

Dúirt Ó Clochartaigh go raibh ‘ceisteanna tromchúiseacha’ le freagairt faoin scéal.

Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí riamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.

Cuireadh 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht. Maíodh gur tharla na hionsaithe seo thar thréimhse 30 bliain.

Thit an triail as a chéile de bharr moilleadóireacht an stáit agus fianaise a chaill na Gardaí.

Bhásaigh Domhnall Ó Lubhlaí i Márta 2013 agus go luath ina dhiaidh sin, labhair cuid de na fir a d’ionsaigh sé leis an tuairisceoir Sorcha Ní Mhonacháin ó Nuacht TG4 faoinar fhulaing siad.

Ag eascairt as na hagallaimh sin, d’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go gcuirfí fiosrúchán ar bun mar gur léir nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.

Fág freagra ar 'Dáil ar athló tar éis raic faoi chás Uí Lubhlaí'