‘I write to you as a last resort in the search for justice in a historic sex abuse matter’ – éileamh ag Liam Ó Maolaodha ar an Aire Leanaí faoi chás Uí Lubhlaí

Breis is ceithre bliana ó críochnaíodh athbhreithniú ar chás Dhomhnaill Uí Lubhlaí táthar fós ag diúltú aon eolas faoi a thabhairt do na fir a bhí thíos leis na hionsaithe gnéis a rinne an Gaeilgeoir mór le rá orthu, agus údar díomá do dhuine de na fir sin an freagra a fuair sé le déanaí ón Aire Leanaí faoin scéal

‘I write to you as a last resort in the search for justice in a historic sex abuse matter’ – éileamh ag Liam Ó Maolaodha ar an Aire Leanaí faoi chás Uí Lubhlaí

Tá díomá ar dhuine de na fir a d’fhulaing ionsaithe gnéis ó Dhomhnall Ó Lubhlaí leis an bhfreagra a fuair sé ar litir a sheol sé chuig an Aire Leanaí inar iarr sé uirthi go bhfoilseofaí tuairisc fhiosrúchán an Gharda Síochána faoin gcás.

Scríobh Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, litir chuig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige Katherine Zappone ar an 22 Deireadh Fómhair mar go raibh diúltaithe scun scan ag na Gardaí agus ag an Roinn Dlí agus Cirt aon eolas a thabhairt faoin bhfiosrúchán sin do na fir a bhí thíos leis na hionsaithe gnéis a rinne bunaitheoir Choláiste na bhFiann, Domhnall Ó Lubhlaí, orthu.

Bhain an t-athbhreithniú ar chás Uí Lubhlaí, athbhreithniú ar cuireadh críoch leis os cionn ceithre bliana ó shin, leis an tslí ar láimhseáil na Gardaí an cás inar cuireadh 56 cúis maidir le mí-úsáid ghnéis i gcoinne an mhúinteora Gaeilge.

Ina litir chuig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, dúirt Liam Ó Maolaodha gurb é an seasamh láidir a bhí tógtha aici i gcásanna éagsúla a bhain le héagóracha éagsúla ar leanaí a spreag é chun teagmháil a dhéanamh léi “as a last resort in the search for justice and fair play on a historic sex abuse matter”.

“I was abused by this man nearly 50 years ago, not a single day goes by that I am not affected by it or reminded of it, every day,” a scríobh sé.


Ó Lubhlaí is a chúlra Poblachtánach


Dúirt Ó Maolaodha ina litir go raibh sé ag iarraidh ar an Aire Zappone an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí i bhfianaise a chumasaí is a bhí an chaint a rinne sí féin agus an Taoiseach le linn chuairt an Phápa faoi fhreagracht an Stáit i gcásanna stairiúla mí-úsáide.

Dúirt sé go raibh teipthe ar na hiarrachtaí eile a rinne sé féin agus cuid de na fir eile eolas a fháil faoina gcás.

“We have had questions asked of Ministers, questions raised in the Dáil, spoken and corresponded with Gardaí to no avail, we and our abuse did not exist!”

Creideann Liam Ó Maolaodha agus daoine eile a d’fhulaing faoi lámh Uí Lubhlaí gur sceithire do na Gardaí a bhí ann agus gur thug an Stát seo agus a chuid oifigeach cosaint dó mar gheall ar eolas a chuir sé ar fáil faoi phoblachtánaigh.

Ar an 30 Deireadh Fómhair, fuair Liam Ó Maolaodha freagra ar a éileamh ar an Aire Zappone inar tugadh le fios dó gur bhain an scéal leis an Roinn Dlí agus Cirt agus inar comhairlíodh dó teagmháil a dhéanamh leo, nó go gcuirfí a litir ar aghaidh chuig an roinn sin.

Deir Liam Ó Maolaodha go raibh díomá air leis an bhfreagra sin agus go raibh sé ag súil go léireofaí níos mó ‘tuisceana’ faoina éileamh.

Tá ráite ag na Gardaí agus ag an Roinn Dlí agus Cirt cheana gurb í an chúis lena gcinneadh gan an tuairisc a fhoilsiú ná go bhfuil eolas íogair ann faoi chás na ndaoine a ndearnadh mí-úsáid orthu.

Deir Liam Ó Maolaodha, áfach, nárbh eol dó féin aon duine nár theastaigh uathu go dtiocfadh “an fhírinne” amach faoin gcás agus gurbh fhurasta aon eolas íogair faoi na fir a fholú dá mba ghá.

Níor ciontaíodh Domhnall Ó Lubhlaí ariamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith cé gur cuireadh ar a thriail é i nDeireadh Fómhair na bliana 2002.

Cuireadh 56 cúis ina choinne a bhain le hionsaithe mígheanasacha, bugaireacht agus iarracht ar bhugaireacht a dhéanamh ar 11 buachaill thar thréimhse 30 bliain nó níos mó.

Thit an triail as a chéile de bharr na moille a bhain leis agus toisc gur chaill na Gardaí fianaise.

I dtús na nóchaidí chuaigh duine de na híospartaigh i dteagmháil le Ó Lubhlaí agus rinne iarracht dúmhál a dhéanamh air.

Rinne Ó Lubhlaí gearán leis na Gardaí i gCluain Dolcáin faoi seo agus d’fhiosraigh siadsan an scéal.

Deineadh taifeadadh faoi cheilt ar chruinniú idir é agus an fear a bhí ag iarraidh dúmhál a dhéanamh air.

Tugadh an taifead seo do na Gardaí, ach ní raibh sé ar fáil do dhlíodóirí Uí Lubhlaí le linn a thrialach.

Glacadh leis gur cailleadh nó gur loiteadh an taifead agus an tras-scríbhinn a rinneadh air.

Bhásaigh Domhnall Ó Lubhlaí i Márta 2013 agus go luath ina dhiaidh sin, labhair cuid dá chuid íospartach go cróga leis an tuairisceoir Sorcha Ní Mhonacháin ó Nuacht TG4 faoinar fhulaing siad.

Ag eascairt as na hagallaimh sin, d’éiligh an Gréasán Géarchéime Éignithe go gcuirfí fiosrúchán ar bun mar gur léir nár thapaigh an Garda Síochána an deis an cás a fhiosrú go críochnúil nuair a tháinig sé chun solais i 1991 agus arís i 1998.

D’fhógair Coimisinéir an Gharda Síochána ag an am, Martin Callinan, in Aibreán 2013 gur iarr sé ar aonad an Gharda Síochána a fhiosraíonn ionsaithe gnéis athbhreithniú a dhéanamh ar an bfiosrúchán faoi na líomhaintí a deineadh i gcoinne Uí Lubhlaí sna nóchaidí.

Tugadh an t-athbhreithniú sin ar lámh don iar-aire dlí agus cirt Frances Fitzgerald i samhradh na bliana 2014.

Ina measc siúd a rinne agallamh faoi na hionsaithe a deineadh air, bhí Gearóid Ó Concubhair.

Ionsaíodh é thar thréimhse ceithre bliana nuair a bhí sé ina pháiste i gColáiste na bhFiann i Ros Muc.

Scríobh sé chuig na Gardaí ag lorg cóip de thuarascáil an athbhreithnithe ach diúltaíodh aon eolas a thabhairt dó.

Fuair sé litir ó Chigire Bleachtaire inar dúradh leis nach raibh sé riamh i gceist an t-athbhreithniú a fhoilsiú, an freagra céanna a tugadh do Liam Ó Maolaodha timpeall an ama chéanna.

“It was never intended or intimated that the contents of the review would be disclosed to persons outside An Garda Síochána and the Department of Justice,” a dúradh sa litir.

 

Domhnall Ó Lubhlaí

Cé gur chomhoibrigh Gearóid Ó Conchubhair agus Liam Ó Maolaodha agus daoine eile go huile agus go hiomlán leis an athbhreithniú, diúltaíodh go fiú leagan den tuarascáil ina mbeadh eolas íogair bainte as a chur ar fáil dóibh.

“I cannot under any circumstances disclose to you information redacted or otherwise in relation to victims,” a scríobh an Cigire Bleachtaire Declan Daly.

I ráiteas a d’eisigh urlabhraí de chuid na Roinne Dlí is Cirt i Samhain 2014, dúradh go raibh athbhreithniú na nGardaí críochnaithe ach nach é an gnáthchleachtas é tuarascáil a bhaineann le fiosrúchán inmheánach de chuid an Gharda Síochána a thabhairt do bhaill den phobal.

Dúradh chomh maith ag deireadh 2014 go raibh an Roinn i mbun cainte le húdaráis na nGardaí féachaint an bhféadfaí aon eolas ón tuarascáil a chur faoi bhráid na n-íospartach, a gcuid teaghlach agus an pobal i gcoitinne.

Ceithre bliana níos déanaí, níl aon eolas faoin athbhreithniú ná freagraí ar a gcuid ceisteanna curtha ar fáil do na fir a ndearna Domhnall Ó Lubhlaí mí-úsáid orthu.

Fág freagra ar '‘I write to you as a last resort in the search for justice in a historic sex abuse matter’ – éileamh ag Liam Ó Maolaodha ar an Aire Leanaí faoi chás Uí Lubhlaí'

  • Carraig

    Tuigim go bhfuil Ó Maolaodha ag fulaingt mar gheall ar an gclaonbheart uafásach a rinneadh air. Tá trua agam dó agus tuigim dó. Ba cheart dúinn uile cuidiú leis chun sásamh agus faoiseamh aigne a fháil. Is léir óna ráiteas go bhfuil sé basctha brúite i bpéin agus gur cheart tacú leis ar gach aon bhealach. Is scannall mór eile é seo. Fear maith a ndearnadh éagóir uafar air. Cá bhfuil an tacaíocht?

  • Carraig

    Níor léigh tú an píosa roimhe sin uaim is ró-léir? Má léann feicfidh tú go bhfuilim an-chorraithe faoi chás an fhir sin. Chuir sé alltacht orm gur fhoillsigh tuairisc.ie an dara teachtaireacht uaim. Sin an chúis gur scrígh mé ‘a thuairisc.ie’. Ná déan breithiúnas ró-ghasta a dhuine chóir.