Ó Lubhlaí is a chúlra Poblachtánach

Bhí raic sa Dáil ar maidin faoi ráiteas a rinne an Tánaiste faoi cheangal Dhomhnaill Uí Lubhlaí leis an ngluaiseacht Phoblachtánach. Ach cén cheangal go díreach a bhí aige le Sinn Féin agus an ghluaiseacht?

Domhnall Ó Lubhlaí
Domhnall Ó Lubhlaí

I bhfógra báis Dhomhnall Uí Lubhlaí i mí Márta 2013 dúradh gur ‘Gaeilgeoir, múinteoir, oideachasóir, údar agus Poblachtánach’ ab ea é.

Ach níl gach éinne ar aon intinn faoina chúlra Poblachtánach.

Briseadh as a phost mar mhúinteoir i dTiobraid Árainn é sna caogaidí agus dúradh gur de bharr a chuid gníomhaíochta sa ghluaiseacht Phoblachtánach a tharla sin.

Timpeall an ama céanna, chuaigh sé chun na hÉigipte, áit ar oibrigh sé ar feadh bliana i gcathair Alexandria.

Anuas air sin, mhaígh sé féin i gcónaí gur chaith sé tréimhse i ngéibheann sa Churrach ach níl aon fhianaise ann a thabharfadh le fios go bhfuil sé sin fíor.

Chuir foinse a bhí i dteagmháil liom sa bhliain 2001 an teoiric chun cinn go mbíodh Ó Lubhlaí ag tabhairt tuairiscí do na Gardaí faoi chomharsa dá chuid a bhí ina bhuamadóir gníomhach de chuid an IRA.

Bhí an buamadóir ina chónaí béal dorais leis an Lubhlaíoch i gCluain Dolcáin agus mhaígh an té a bhí i dteagmháil liom go raibh sé ag tabhairt faisnéise do na Gardaí faoi cé a bhí ag teacht agus ag imeacht ón teach.

De réir na teoirice sin, chaill na gardaí ‘fianaise’ ríthábhachtach sa chás ina éadan mar éiric ar an eolas a thug sé dóibh faoina chomharsan agus thit a thriail as a chéile dá bharr.

Rinne Ó Lubhlaí gearán go raibh duine dá chuid íospartach ag déanamh dúmháil air agus rinne Gardaí Chluain Dolcáin taifead ar chomhrá eatarthu go luath sna nóchaidí inar éilíodh airgead ón Lubhlaíoch.

Cailleadh nó loiteadh an taifead seo a dúradh le linn na trialach i 2002 agus bheadh sé deacair ar Ó Lubhlaí é féin a chosaint dá uireasa.

Ar ndóigh, is mó ceangal a bhí ag an Lubhlaíoch le Sinn Féin Poblachtach ná le Sinn Féin.

Go deimhin, bhí sé i measc na ndaoine a bhí i láthair nuair a tharla an scoilt i Sinn Féin agus nuair a bunaíodh an páirtí nua.

Tá tagairt déanta dó in eagrán na Samhna, 1986, d’Iris na Poblachta, eagrán a dhéanann cur síos ar an scoilt i Sinn Féin agus ar bhunú Sinn Féin Poblachtach.

Ba é seo an chéad eagrán den iris sin ó tharla an scoilt i Sinn Féin as ar bhunaigh Ruairí Ó Brádaigh Sinn Féin Poblachtach.

Rinne an iris cur síos ar an 82ú Ard Fheis de chuid Shinn Féin, tráth ar vótáil tromlach na gcomhaltaí ar son suíocháin a ghlacadh i nDáil Éireann.

A luaithe is a fógraíodh toradh an vóta, ‘those who wished to defend the Republican position moved with great speed’ a tuairiscíodh san iris.

Shiúil siad amach as Teach an Ard-Mhéara san ardchathair agus lean Nóirín Ní Liatháin a bhí ag iompar brat Chlann na nGael síos Sráid Dawson.

D’fhógair an Brádach go mbeidís ag teacht le chéile níos deireanaí an oíche sin in Óstán an West County i Séipéal Iosóid.

Maíodh go raibh os cionn dhá scór iriseoir i láthair ach dúradh leo imeacht as an seomra ‘until we decide who we are and what we are’.

Ba ag an ócáid sin a fógraíodh gur sheas a raibh i láthair le Bunreacht Shinn Féin nuair a vótáil siad in éadan aitheantas a thabhairt do Theach Laighean agus go rabhthas le páirtí nua a bhunú.

D’fhoilsigh an chéad eagrán d’Iris na Poblachta liosta de chuid de na firéin ba thábhachtaí a bhí i láthair ag an tionól cáilliúil úd ins an West County – ina measc bhí ainm comhalta as Baile Átha Cliath, Domhnall Ó Lubhlaí.

Chuir an t-iriseoir Proinsias Mac Aonghusa (nach maireann) teoiric comhcheilge eile chun cinn a bhaineann leis an Lubhlaíoch.

Cuireadh an Lubhlaíoch i bPríosún Luimnigh ar an 3 Eanáir 1977 mar gur dhiúltaigh sé íoc as ticéad pairceála i mBéarla a tugadh dó.

Scaoileadh saor é, áfach, tamall gairid ina dhiaidh sin nuair a dhíol duine anaithnid an fhíneáil ar a shon.

Bhí sé ina Uachtarán ar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag an am agus ina leabhar faoi stair an Chonartha, nocht Proinsias Mac Aonghusa an tuairim go raibh eagla ar an stát faoin drochphoiblíocht a thiocfadh mar thoradh ar stádas Uí Lubhlaí i saol na Gaeilge.

“B’fhéidir gur dá bharr sin a íocadh an fhíneáil a cuireadh air go rúnda agus gur scaoileadh saor é sular thosaigh léirsithe a bhí réitithe ag an gConradh,” a scríobh Mac Aonghusa ins an leabhar Ar Son na Gaeilge: Conradh na Gaeilge 1893-1993 Stair Sheanchais.

Bhí a theoiric féin ag Proinsias faoi cé a d’íoc an fíneáil:

“I gcásanna den chineál seo is minic a íoctar fíneáil as ciste na Seirbhíse Rúnda,” a scríobh sé.

 

Fág freagra ar 'Ó Lubhlaí is a chúlra Poblachtánach'

  • Iarla Mac Aodha Bhuí

    Nach é Ó Lubhlaí a bhí ina Eagarthóir ar an Iris ‘LEAS’ de chuid na Sealadach sna hOchtóidí?