‘Níl lá amháin nár smaoinigh mé air, nach raibh tionchar aige ar mo shaol’ – fulaingt íospartaigh Dhomhnaill Uí Lubhlaí nochta i gclár nua

Déanann Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais, cur síos ar an mí-úsáid a rinneadh air i rith a óige agus an tionchar a bhí ag ionsaithe Dhomhnaill Uí Lubhlaí ar a shaol i gclár nua sa tsraith ‘Finné’

‘Níl lá amháin nár smaoinigh mé air, nach raibh tionchar aige ar mo shaol’ – fulaingt íospartaigh Dhomhnaill Uí Lubhlaí nochta i gclár nua

Tá léargas tugtha ar an méid a d’fhulaing agus atá á fhulaingt go fóill ag íospartaigh Dhomhnaill Uí Lubhlaí i gclár nua atá le craoladh ar TG4.

Tá a scéal inste ag Stiúrthóir an Oireachtais, Liam Ó Maolaodha sa chlár, atá le craoladh Dé Céadaoin an 20 Eanáir mar chuid den tsraith is déanaí de Finné, sraith a chuirfear tús léi amárach.

Ní raibh Ó Maolaodha ach 15 bliain d’aois nuair a rinne Ó Lubhlaí, a bhí ina mhúinteoir Gaeilge aige ar scoil i gCluain Dolcáin, ionsaí gnéis air den chéad uair i 1971 agus lean na hionsaithe ar aghaidh ar feadh roinnt blianta.

Deir Ó Maolaodha sa chlár go raibh tionchar as cuimse ag an mí-úsáid sin air.

“Níl lá amháin ó shin nár smaoinigh mé air, nach raibh tionchar aige ar mo shaol ar bhealach amháin nó ar bhealach eile,” a dúirt Ó Maolaodha.

Tháinig na líomhaintí in éadan Uí Lubhlaí, a bhunaigh Coláiste na bhFiann, chun solais sna nóchaidí ach níor ciontaíodh é riamh as na hionsaithe gnéis a cuireadh ina leith.

Tugadh cás cúirte ina choinne in 2002 agus 56 cúis curtha ina leith a bhain le mí-úsáid a dhéanamh ar 11 buachaill thar thréimhse 30 bliain nó níos mó ach thit  an triail as a chéile de bharr an mhoill a bhain léi agus toisc gur chaill na Gardaí fianaise.

Ní raibh Ó Maolaodha i measc na gcúiseoirí sa chás cúirte sin, áfach. Agus é ina iarbhainisteoir stiúrtha ar Chumann na bhFiann, rinne Ó Maolaodha agallamh leis na Gardaí chun cuidiú leis an bhfiosrúchán a bhí ar bun acu ach níor dhúirt sé tada faoi na hionsaithe a rinneadh air féin.

“Ag deireadh an agallaimh sin, cuireadh ceist glan amach orm, ‘An ndearna sé aon rud ortsa riamh?’ Bhí coimhlint an-láidir agam liom féin. Mheas mé go raibh an oiread tar éis labhairt leis na Gardaí agus cásanna a ardú gur leor sin le go gciontófaí é,” a d’admhaigh Ó Maolaodha. 

“D’inis mé bréag agus dúirt mé nach ndearna.”

Domhnall Ó Lubhlaí

Deir Ó Maolaodha nach raibh sé ag iarraidh aird a tharraingt air féin agus nach raibh sé réidh leis an méid a tharla dó a nochtadh.

“Bhí gliondar ar mo chroí go mbeadh sé á thabhairt chun cúirte ach, mar a bheadh cladhaire, ní raibh mé féin sásta labhairt amach. Bhí mé á fhágáil faoi dhaoine eile. Chreid mé go gciontófaí é.”

Thóg sé roinnt blianta eile ar Ó Maolaodha an méid a tharla dó a insint ach deir sé anois go ngoilleann sé air nár labhair sé amach i bhfad roimhe sin.

“Má tá aiféala ar bith orm, agus tá, is toisc nár labhair mé amach i bhfad níos luaithe.”

Deir sé sa chlár gur thosaigh an séanadh an chéad lá riamh nuair a d’fhill sé abhaile tar éis d’Ó Lubhlaí ionsaí a dhéanamh air agus nár inis sé dá mhuintir go raibh a leithéid tarlaithe.

“Ag 15, ní raibh na focail agam. Ní raibh an chaint agam. Ní raibh an tuiscint agam.

“Chomh luath agus atá an bhréag inste agat an chéad lá riamh, tá sé deacair an ciorcal a bhriseadh. Agus níor bhris nó go raibh sé i bhfad, i bhfad ródheireanach do ghnéithe éagsúla de mo shaol.”

Bhásaigh Ó Lubhlaí in 2013 ach tá Ó Maolaodha agus daoine eile a d’fhulaing dá bharr ag seasamh an fhóid agus iad ag iarraidh go bhfoilseofaí tuairisc fhiosrúchán an Gharda Síochána faoin gcás.

“Rinneadh chuile iarracht go ndéanfaí athbhreithniú éigin ar an gcaoi ar láimhseáil na Gardaí na líomhaintí éagsúla a rinneadh siar tríd na blianta. Rinneadh go leor botún. Cailleadh téipeanna, cailleadh ráitis,” arsa Ó Maolaodha.

“Chuaigh mé féin agus go leor eile ar ais chuig na Gardaí agus thug muid ráitis eile. D’iarr muid seo siúd agus eile agus is éard a fuair mise ná litir ag rá go ndearnadh an t-athbhreithniú ach nach mbeifí á fhoilsiú.”

Tá scéal ann go raibh Ó Lubhlaí ag sceitheadh eolais leis na Gardaí agus gur thug an Stát seo agus a chuid oifigeach cosaint dó mar gheall ar eolas a chuir sé ar fáil faoi phoblachtánaigh.

“Chuile uair a ndiúltaíonn na Gardaí agus a ndiúltaíonn an Stát aitheantas a thabhairt dár n-iarratais, treisíonn siad an ráfla sin,” a deir Ó Maolaodha. “Cinntíonn siad, in ár n-intinn-ne pé scéal é, go raibh a leithéid fíor.”

Deir Ó Maolaodha go bhfuil sé ag insint a scéil anois chun cúnamh a thabhairt dóibh siúd a ndearnadh mí-úsáid orthu agus atá iad féin ag fulaingt agus impíonn sé ar dhaoine labhairt amach agus cabhair a fháil.

“Is féidir le mo leithéidse beagáinín beag cúnaimh a thabhairt trí labhairt amach agus iarraidh ar dhaoine nó moladh do dhuine ar bith a ndearnadh éagóir orthu  labhairt amach, labhairt le duine éigin,” ar sé. “Déan teagmháil le duine a bheadh in ann éisteacht leat, an méid sin féin.”

Cuirfear tús leis an tsraith is déanaí de Finné ar TG4 oíche amárach, Dé Céadaoin, ag 9:30pm.  An Dr Andrew Rynne, an chéad dochtúir vaiseachtóime in Éirinn, a bheidh faoi chaibidil sa chéad chlár.

Fág freagra ar '‘Níl lá amháin nár smaoinigh mé air, nach raibh tionchar aige ar mo shaol’ – fulaingt íospartaigh Dhomhnaill Uí Lubhlaí nochta i gclár nua'