Éiginnteacht faoi ghradam do leabhair Ghaeilge ag The Irish Book Awards

Deir foilsitheoirí go bhfuil obair mhargaíochta na leabhar Gaeilge ‘ligthe le sruth ar fad ó thús na bliana’

Éiginnteacht faoi ghradam do leabhair Ghaeilge ag The Irish Book Awards

Tá éiginnteacht ann faoin duais a bhíonn á bronnadh ar leabhar Gaeilge ag na mórghradaim litríochta, An Post Irish Book Awards.

Is iad Meas Media, tríd an tionscadal ‘Love Leabhar Gaeilge’, a bhíodh ag déanamh urraíochta ar an duais agus iad á heagrú do The Irish Book Awards ó 2018.

Ach tháinig deireadh an Nollaig seo caite leis an scéim de chuid Fhoras na Gaeilge faoina raibh Meas Media agus Love Leabhar Gaeilge á maoiniú chun margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge.

Níl aon chomhlacht ceaptha ó shin ag an Fhoras in áit Meas Media, comhlacht margaíochta atá lonnaithe ar an Cheathrú Rua.

Tá próiseas tairisceana á reáchtáil i láthair na huaire ag Foras na Gaeilge le comhlacht nua a cheapadh chun margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge faoi scéim nua.

Deir Foras na Gaeilge go bhfuiltear ag iarraidh go leanfaidh an comhlacht a cheapfar le maoiniú na duaise Gaeilge ag The Irish Book Awards.

Ach deir foilsitheoirí Gaeilge le Tuairisc go bhfuil “an t-am ag éirí gann” agus go bhfuil an baol ann nach mbeidh aon rannóg Ghaeilge ag The Irish Book Awards i mbliana.

Táthar ag glacadh le hiarratais faoi láthair do ghradaim na bliana seo agus tá go dtí deireadh mhí Iúil ag daoine le moltaí a dhéanamh.

Ar shuíomh an Irish Book Awards deirtear go bhfuil “eolas le teacht” faoi rannóg na Gaeilge. Deirtear freisin go bhfuil an duais Ghaeilge “á riaradh ag Love Leabhar Gaeilge” in ainneoin deireadh a bheith leis an tionscadal sin.

Dúirt Deirdre Ní Thuathail, Bainisteoir Chló Iar-Chonnacht gur “údar imní” é nach bhfuil comhlacht ar bith ceaptha go fóill, rud a fhágann go bhfuil éiginnteacht ann faoin ghradam Gaeilge ag The Irish Book Awards i mbliana.

“Is iad Meas Media a bhunaigh an duais agus a d’eagraigh chuile ghné den rannóg Ghaeilge ag na An Post Irish Book Awards. D’eagraigh siad na moltóirí agus chuir siad urraíocht ar fáil don duais. Bhí sé cineál neamhspleách ó The Irish Book Awards ar an mbealach sin.

“Tá muid buartha mar gur chaith muid tamall fada ag troid ar son leabhar Gaeilge a chur san áireamh mar chuid de na Irish Book Awards agus d’éirigh le Meas Media é sin a dhéanamh ach tá an baol ann anois nach mbeidh aon rannóg Ghaeilge ann i mbliana,” arsa Deirdre Ní Thuathail.

I ráiteas a chuir Foras na Gaeilge ar fáil faoin scéal dúradh gur cuireadh tús i mí an Mhárta le próiseas tairisceana oscailte le margaíocht a dhéanamh ar leabhair Ghaeilge. Dúradh go mbeadh an dream a n-éiríonn leo sa phróiseas sin ag plé le The Irish Book Awards.

“Bhí Irish Book Awards luaite go sonrach sa cháipéis tairisceana a bhain le margaíocht leabhar Gaeilge.

“Chuir Foras na Gaeilge in iúl do Irish Book Awards go mbeadh an tairgeoir rathúil i dteagmháil leo i mí Iúil le deiseanna urraíochta a phlé,” a dúirt urlabhraí ón Fhoras.

Deir Deirdre Ní Thuathail ó Chló Iar-Chonnacht gurb í earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge atá thíos leis an easpa “leanúnachais” i dtaobh na margaíochta atá á déanamh ar leabhair Ghaeilge.

“Bhí iarrachtaí ar siúl cur le feiceálacht leabhar Gaeilge i siopaí leabhar agus i leabharlanna ar fud na tíre ach níl aon leanúnachas ann.

“Bhí dul chun cinn mór déanta le blianta beaga anuas ar chúrsaí margaíochta ach tá an obair ligthe le sruth ar fad ó thús na bliana,” ar sí.

An t-úrscéal EL le Thaddeus Ó Buachalla a bhuaigh ‘Leabhar Gaeilge na Bliana’ ag An Post Irish Book Awards anuraidh.

Ba iad na buaiteoirí eile ó bunaíodh an gradam sin in 2018 Madame Lazare le Tadhg Mac Dhonnagáin Cnámh le hEoghan Mac Giolla Bhríde, Tairngreacht le Proinsias Mac a’Bhaird agus Tuatha Dé Danann le Diarmuid Johnson.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar An Post Irish Book Awards faoin scéal.

Fág freagra ar 'Éiginnteacht faoi ghradam do leabhair Ghaeilge ag The Irish Book Awards'

  • Seán ÓM

    Cuirim i bhfad níos mó luacha ar dhuaiseanna an Oireachtais ar aon chaoi.
    Ach bheadh sé brónach bheith gan an duais seo fós féin – tá rudaí mar seo tábhachtach ionas nach ndéanann na Béarlóirí dearmaid iomlán go bhfuil muid anseo.

  • Pól Ó Braoin

    Gabh isteach sa leabharlann ar an mbaile mór seo i lár na tíre a bhfuil cónaí orm ann agus feicfidh tú cúpla leabhar Gaeilge ann i measc na leabhra Fraincise agus na leabhra Gearmáinise agus na leabhra Rúisise… i measc na dteangacha iasachta eile leis an fhírinne a rá. Insíonn an méid sin an scéal níos fearr ná atá mise in ann a inseacht. Tá an chuma chéanna ar chúrsaí na Gaeilge agus an taobh oifigiúil maidir lenár dteanga á fheiceáil i mo thimpeall agam. Tagann grúpa againn le chéile go rialta in Cafe anseo abhus le cupa caife is tae a ól… agus bleid bolgam bladar ar siúl beag beann ar oifigiúlacht ar bith againn, muis…