Edel Ní Chuireáin ag éirí as a cúram mar cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta

Gearóid Mac Donncha, Leas-Cheannaire an stáisiúin, ceaptha ina cheannaire eatramhach ar an eagraíocht

Edel Ní Chuireáin ag éirí as a cúram mar cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta

Tá Edel Ní Chuireáin ag éirí as a cúram mar cheannaire RTÉ RnaG chun bogadh ó thuaidh mar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt sna Doirí Beaga.

Chuir Ní Chuireáin an méid sin in iúl d’fhoireann an raidió ag cruinniú foirne a bhí ar siúl ar maidin.

Tá Ní Chuireáin ina ceannaire ar RnaG ó 2006 agus is í an t-aon bhean ar leagadh an cúram sin uirthi.

Thug Raidió na Gaeltachta le fios ar maidin go mbeadh Gearóid Mac Donncha, Leas-Cheannaire an stáisiúin, ina cheannaire eatramhach ar an eagraíocht nó go gceapfaí ceannaire nua mar chomharba ar Ní Chuireáin. Is í Edel Ní Chuireáin féin a bheidh ag feidhmiú mar leascheannaire le linn na tréimhse eatramhacha.

Chuir Jim Jennings, Bainisteoir Stiúrtha Raidió RTÉ a bhuíochas in iúl do  Ní Chuireáin as an “obair mhór atá curtha i gcrích aici mar Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta” agus as “an tiomantas atá léirithe aici don tseirbhís”.

“Guím gach rath uirthi ina post nua mar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt.  Ba mhaith liom, freisin, buíochas a ghabháil le Gearóid Mac Donncha as glacadh leis an ról nua, agus tá mé ag súil le bheith ag obair go dlúth leis amach anseo,”  a dúirt Jim Jennings, Bainisteoir Stiúrtha Raidió RTÉ.

Dúirt Edel Ní Chuireáin féin gur “pribhléid mhór” di a bheith ina ceannaire ar an tseirbhís le 11 bliain anuas.

“Bhain mé fíorshásamh as an obair, cé go raibh tréimhsí dúshlánacha ann cinnte.  Ba onóir faoi leith a bhí ann dom a bheith i mo Cheannaire do chomóradh 100 bliain Éirí Amach na Cásca anuraidh, agus do cheiliúradh 40 bliain an Raidió sa bhliain 2012.  Tá mé ag súil anois le filleadh abhaile agus tabhairt faoi dhúshláin úra,” a dúirt sí.

Chaith Edel Ní Chuireáin, arb as Gort an Choirce ó dhúchas í, deich mbliana mar Bhainisteoir Réigiúin an Tuaiscirt cheana sular ceapadh ina leascheannaire ar an stáisiún í in 2004.

Rachaidh sí i mbun dualgais sna Doirí Beaga ar an 10 Aibreán.

Fág freagra ar 'Edel Ní Chuireáin ag éirí as a cúram mar cheannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta'