‘Easpa tuisceana’ agus ‘seachaint na héigeandála’ curtha i leith Aire Stáit na Gaeilge ‘cool’

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan an tseachtain seo go raibh ‘an taoide ag casadh’ maidir leis an Ghaeilge, cé go léiríonn figiúirí daonáirimh a mhalairt

‘Easpa tuisceana’ agus ‘seachaint na héigeandála’ curtha i leith Aire Stáit na Gaeilge ‘cool’

Níl i maíomh Aire Stáit na Gaeltachta go bhfuil an Ghaeilge ‘cool” agus go bhfuil sí á hathbheochan ar fud na tíre ach “sampla” eile den státchóras ag seachaint “éigeandáil” na nGael, a deir sochtheangeolaí aitheanta.

Dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan an tseachtain seo go raibh ‘an taoide ag casadh’ maidir leis an Ghaeilge, cé go léiríonn figiúirí daonáirimh a mhalairt.

Cháin an Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh an chaint a rinne O’Donovan agus dúirt urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur léiriú ar “easpa tuisceana” an Aire Stáit a bhí ina chuid cainte.

Deir Conchúr Ó Giollagáin, Ollamh Taighde na Gàidhlig in Ollscoil na Gaeltachta agus na nOileán, Alba, nach bhfuil aon bhunús leis an dóchas a léirigh an tAire Stáit O’Donovan faoi chás na Gaeilge toisc nach bhfuil plean ag an rialtas le dul i ngleic leis an ghéarchéim.

“Ní mór an dóchas a bheith ina bhonn d’aon bheartas stuama poiblí nó go dtabharfaí faoin mbeartas sa gcéad dul síos. Ach is í an cheist a chuirfeas an pobal, ó thaobh na Gaeltachta de, an bhfuil ciall ag baint leis an dóchas atá ag ionadaithe an Státchórais,” a dúirt Ó Giollagáin.

Deir urlabhraí Gaeilge Shinn Féin gur léirigh caint O’Donovan nár thuig sé a thromchúisí is a bhí cás na teanga.

“Easpa tuisceana go huile is go hiomlán atá ann ar conas déileáil le géarchéim teanga sa Ghaeltacht má tá tú ag brath go hiomlán ar an teanga a bheith ‘cool’ nó daoine a bheith ag breathnú ar TG4.

“Teastaíonn cur chuige éigeandála chun an Ghaeilge sa Ghaeltacht a tharrtháil mar tá an teanga faoi ionsaí leanúnach ón timpeallacht Béarla atá ag fás toisc nach bhfuil na tacaíochtaí nó na seirbhísí nó an tithíocht ar fáil do Ghaeilgeoirí sa Ghaeltacht,” a dúirt Aengus Ó Snodaigh atá ina Chathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge.

Deir Conchúr Ó Giollagáin nach ar leas na teanga an cur i gcéill a bhíonn ar bun ag an Stát agus ag eagraíochtaí Gaeilge i dtaobh na Gaeilge.

“Níl aon bhuntáiste, áfach, don Stát ná don phobal rabharta cáinte a cheadú in aghaidh dhóchas fáin Aire Stáit na Gaeltachta, go háirid nuair a chloistear ráitis mar seo go rialta i measc lucht oifigiúil na Gaeilge.

“Níl i ráiteas an Aire Stáit ach an leagan polaitiúil den mheicníocht chosanta a fhaightear go forleathan sa Státchóras ina seachnaítear éigeandáil shóisialta na nGael agus neamhábharthacht chur chuige an Stáit sa nGaeltacht,” arsa Ó Giollagáin.

Dúirt Ó Giollagáin gur gá don rialtas an ghéarchéim teanga sa Ghaeltacht “a admháil go soiléir” agus straitéis a leagan amach atá “bunaithe ar an fhianaise shóisialta”.

“D’admhaigh an tIar-Aire Stáit Gaeltachta, Pat Carey, blianta ó shin go raibh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge chomh marbh le hart. Is é an t-aon bhealach le dóchas a thabhairt don phobal ag an tráth seo na cúinsí reatha a admháil go soiléir agus cur chuige nua a bheartú atá bunaithe ar an bhfianaise shóisialta.

“Go simplí, ní mór tosú an athuair má tá an pobal agus an Stát ag iarraidh an Ghaeltacht a athnuachan,” a dúirt Ó Giollagáin.

In agallamh a craoladh ar an chlár cúrsaí reatha 7Lá an tseachtain seo, dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan gur comharthaí iad an líon daoine a bhíonn ag freastal ar Ghaelscoileanna agus ag breathnú ar chláracha teilifíse Gaeilge go raibh “sórt athbheochan” ag tarlú ar fud na tíre ó thaobh na Gaeilge de.

“Níl aon amhras ann ach tá imní ar gach Aire Gaeltachta… [le] blianta anuas ach mise, táim dóchasach, mar b’fhéidir go bhfuil an taoide chun casadh faoi láthair. Tá sé cool a bheith in ann an Ghaeilge a labhairt agus úsáid a bhaint as an Ghaeilge.

“Féach ar an méid daoine go bhfuil cónaí orthu i mBaile Átha Cliath nó i gCorcaigh nó i gcathair Luimnigh, atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge agus atá ag baint úsáid as an Ghaeilge sa bhaile,” a dúirt an tAire Stáit Patrick O’Donovan.

Fág freagra ar '‘Easpa tuisceana’ agus ‘seachaint na héigeandála’ curtha i leith Aire Stáit na Gaeilge ‘cool’'

  • Seán ÓM

    Is iontach an rud an Ghaeilge mar dhara teanga sna cathracha agus is iontach an rud go bhfuil dul chun cinn ann.

    Ach tá na ceantracha Gaeltachta níos tábhachtaí – mar go bhfuil ceist na Gaeilge mar chéad teanga níos tábhachtaí.

    Cén fáth nach bhféidir le státchóras ná rialtas na hÉireann a thuiscint gur dhá cheist ar leith iad seo!? Bíonn síad ag cúr an dhá ábhar trí chéile i gcónaí!

  • Sibéal

    Easpa Gaelscoileanna chun freastal ar an éileamh, ag an dara leibhéal.
    Glún óg na Gaeltachta níos compordaí ag caint i mBéarla agus níl An Polasaí Oideachais Gaeltacht ag dul i ngleic leis sin taobh amuigh de seomra ranga.

  • Colm

    Níl faic mícheart go mbeadh an Ghaeilge ‘cool’ lasmuigh den Ghaeltacht. Is í an fhadhb mar atá aitheanta thuas ná teip na n-eagraíochtaí Gaeilge aon tionchar a imirt ar láidriú na Gaeilge sna Gaeltachtaí; cúpla tionól anseo agus ansiúd, ní haon leigheas é sin! Buiséad ollmhór acu! Ar a bharr seo, lucht an aineolais agus lucht leabhar na Gaeilge tar éis slad a dhéanamh ar an teanga labhartha i measc óige na Gaeltachta trí dhíothú na teanga tríd slad a dhéanamh ar an scrúdú cainte do scoláirí i mbliain 3 agus níos measa fós bainistíocht sna scoileanna Gaeltachta sásta glacadh leis, is léir. Tá meoin an chóilíneachais beo beathach sa pháil agus na tuathaigh breá sásta géilleadh dóibh. Go bhfóire Dia ar óige na Gaeltachta agus an easpa ceannairí atá acu!

  • BrídNicDh

    Ceart ar fad ag Séan, Sibéal & Colm. Lucht an chórais go hiomlán aineolach ar riachtanais na nGaeltachtaí, an t-oideachas Gaeltachta san áireamh; Béarlóirí á n-earcú atá ag teagasc trí mheán an Bhéarla faoi stiúir roinnt bhainisteoirí scoile agus a mbeannacht tugtha dóibh sna scoileanna Gaeltachta. Teip iomlán ar an bPolasaí Oideachas Gaeltachta a dhul i ngleic leis seo agus ar shárú cearta teanga óige na Gaeltachta ag roinnt bhainisteoirí scoile. Níl aon cheannaireacht á léiriú i roinnt scoileanna Gaeltachta i leith an t-oideachas Gaeltachta agus níl tuismitheoirí ag gearán mar gheall ar na himpleachtaí a bheadh ann dá bpáistí. Tá na heagraíochtaí Ghaeilge gan feidhm sna ceantair Ghaeltachta. Níl cliú acu faoi riachtanais na gceantar!

  • An tEisreachtach

    Patrick O’Donovan: aineolaí, gligín, dúramán! Go bhfóire Mac Dé orainn!