‘Easpa tola agus easpa suime’ is cúis le teip an HSE tairseach vacsaíní a chur ar fáil i nGaeilge’

Fiú agus vacsaín faighte ag tromlach an phobail tá sé tábhachtach fós go gcuirfí an rogha Gaeilge ar fáil, a deir Julian de Spáinn

‘Easpa tola agus easpa suime’ is cúis le teip an HSE tairseach vacsaíní a chur ar fáil i nGaeilge’

Deir Conradh na Gaeilge gur “mór an náire” é nach bhfuil fáil go fóill ar leagan Gaeilge den tairseach ar líne chun clárú don vacsaín Covid-19.

Tá an leagan Béarla den tairseach ag feidhmiú ó mhí Aibreáin agus d’fhéadfadh go mbeadh vacsaín faighte ag gach duine a bhfuil ceann uathu sula mbeidh an tairseach ar líne ar fáil i nGaeilge.

De réir na bhfigiúirí is deireanaí, tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 89% de dhaoine fásta sa stát agus tá os cionn 78% de dhaoine fásta vacsaínithe go hiomlán.

Sheol an HSE dhá thairseach eile an tseachtain seo – ceann chun pháistí idir 12-15 bliain d’aois a chlárú don vacsaín agus ceann eile chun gartheagmhálaithe a aithint – agus is i mBéarla amháin atá an dá thairseach sin.

Bhí conspóid mhór ann nuair a seoladh an tairseach mí Aibreáin mar nach raibh deis ag daoine clárú i nGaeilge don vacsaín ach gheall an HSE ag an am go gcuirfí leagan Gaeilge den tairseach ar fáil.

Dúirt an HSE cheana go raibh sé i gceist acu rogha na Gaeilge a chur ar fáil mí Iúil ach tá teipthe uirthi an sprioc sin a bhaint amach.

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, le Tuairisc gur údar mór díomá é don eagraíocht teanga nach bhfuil na seirbhísí sláinte in ann freastal ar phobal na Gaeilge go fóill.

“I ndiaidh na teipe a bhí ann le seoladh na tairsí ag an tús, bhí sé geallta i gcónaí go gcuirfí an leagan Gaeilge ar fáil. Is mór an náire nach bhfuil sé sin déanta acu go fóill,” a dúirt de Spáinn.

Dúirt de Spáinn go raibh Conradh na Gaeilge i dteagmháil leis an HSE maidir leis an tairseach ach gur “easpa tola agus easpa suime” ba chúis leis an teip.

Léirigh iarratas a rinne an eagraíocht faoin Acht um Shaoráil Faisnéise nach ndearnadh aon phlé riamh faoin nGaeilge a chur san áireamh ar an tairseach a chruthaigh an HSE chun daoine a chlárú don vacsaín in aghaidh an Covid-19.

“Léirigh an fiosrúchán sin nach raibh sé riamh ar intinn acu rogha na Gaeilge a chur ar fáil nuair a bhí an tairseach á cruthú acu,” a dúirt de Spáinn.

Cé go bhfuil líon mór daoine théis clárú chun an vacsaín a fháil cheana féin, deir de Spáinn go bhfuil sé tábhachtach go fóill go gcuirfí rogha na Gaeilge ar fáil.

“Is gá go mbeadh sé déanta go fóill. Fiú má tá beagnach 80% de dhaoine fásta sa tír vacsaínithe go hiomlán, seans go mbeidh orainn dul isteach arís chun teanndáileog eile a fháil amach anseo.”

Dúirt de Spáinn go bhfuil obair fós le déanamh ag an HSE chun an chumarsáid ar fad a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla.

“Ba cheart go mbeadh an córas ar fad dátheangach. Bíonn na téacsanna a bhíonn á gcur amach acu i mBéarla amháin go fóill. Caithfear an córas ina iomláine a dhéanamh i gceart.”

Dheimhnigh an Coimisinéir Teanga cheana go raibh “an dualgas” atá ar an HSE an tairseach a chur ar fáil trí Ghaeilge á fhiosrú ag a Oifig. Ina thuarascáil bhliantúil, dúirt Rónán Ó Domhnaill gur léirigh an phaindéim gur nuair is “tábhachtaí” agus is “práinní” an tseirbhís nó an chumarsáid is ea is “lú an seans go gcuirfí ar fáil as Gaeilge í”.

Dúirt an HSE le Tuairisc cheana gurb é an cibirionsaí a rinneadh ar an eagraíocht mí Bealtaine an chúis nach bhfuil fáil go fóill ar leagan Gaeilge den tairseach ar líne.

Nuair a tháinig an fhadhb leis an tairseach ar líne chun solais ar dtús, dúirt an HSE nárbh fhéidir leo deis a thabhairt do dhaoine clárú do vacsaín i nGaeilge ar líne toisc gurb é a bpríomhaidhm beatha daoine a shábháil.

Chuir Tuairisc ceist orthu arís cén uair a chuirfí an leagan Gaeilge ar fáil agus an raibh díomá ar an HSE faoin mhoill ach níor cuireadh freagra ar fáil go fóill.

Tá cáineadh go leor déanta ar na húdaráis sláinte agus ar an rialtas as teip an stáit eolas faoin bpaindéim Covid-19 a chur ar fáil i nGaeilge. I mBéarla amháin a bhí formhór an eolais a foilsíodh faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí a thosaigh bliain go leith ó shin.

Fág freagra ar '‘Easpa tola agus easpa suime’ is cúis le teip an HSE tairseach vacsaíní a chur ar fáil i nGaeilge’'

  • Rossa Ó Snodaigh

    FSS = Feidhmeanach na Seirbhíse Sláinte.
    Tuige go mbaineann iriseoirí na Gaeilge feidhm as na giorrúcháin Sasanaise des na rannaí stát in áit na cinn Gaeilge? Ach go h-áirithe agus iad ag trácht ar an easpa Gaeilge sna rannaí seo. Cá bhfuil ár dtriall mar Ghaeil más ‘easpa tola agus easpa suime’ an cúis nach mbaintear feidhm astu?
    Feicim go bhfuil an Coiste Téarmaíochta ag brú na giorrúcháin Sasannaise ach mholfainn an claonadh sin a sheachaint agus an deis a thapú do chóras ainmníochta na Ghaeilge. Mar seo:
    BSL = Bird Soláthair lecitreachais
    CLG = Cumann Lúthchleas Gael
    RLS = Roinn Leasa Shóisialaigh
    UÉ = Uisce Éireann
    RCÉ = Rásaíocht Capall Éireann
    RTÉ = Raidió Teilifís Éireann
    GNÉ = Graí Náisiúnta na hÉireann
    BgC
    ÚCÉ = Údarás Craolúcháin na hÉireann
    ÚABÁC = Údarás Aerfort Bhaile Átha Cliath
    CIÉ = Córas Iompair Éireann
    CPSF = Comhlucht Phort na Sionainne agus Fhainge
    CDB = Comhlucht Duais-Bhannaí
    ÚUÉ = Údarás Uchtála na hÉireann
    COBÁC= Coláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath
    OCBÁC= Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath
    CnaT = Coláiste na Tríonóide
    OL = Ollscoil Luimní
    COC = Coláiste na hOllscoile Corcaigh
    COG = Coláiste na hOllscoile Gaillimh
    OCOG = Ospidéal Choláiste na hOllscoile, Gaillimh

    7rl 7rl

  • criostóir Ó Maonaigh, An Astráil Melbourne, Na hAstráile

    Droch-scéal ar fad é, easpa tola agus easpa suime sa Ghaeilge a bheith ag an stát. Ach an bhféadfadh rudaí a bheith níos measa fós? Óm ionad faire anseo san Astráil bíonn an chuma ar chúrsaí go bhfuil cogadh rúnda ar siúl i gcoinne na Gaeilge agus go bhfuil an namhaid ag obair ón dtaobh istigh!