‘Easpa oibrithe’ an chúis is mó le cinneadh comhlachta Gaeltacht Chonamara a fhágáil

Tharraing cinneadh HID Global aistriú go dtí páirc ghnó ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe go leor cainte níos túisce i mbliana agus daoine buartha gur tuar a bhí ann ar a raibh i ndán do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht

‘Easpa oibrithe’ an chúis is mó le cinneadh comhlachta Gaeltacht Chonamara a fhágáil

‘Easpa oibrithe’ an chúis is mó a bhí ag HID Global a n-ionaid ar an Tulaigh i nGaeltacht Chonamara a aistriú go dtí cathair na Gaillimhe.

B’in a bhí le rá ag Stiúrthóir Fiontraíochta Údarás na Gaeltachta Mark de Faoite ag cruinniú poiblí a eagraíodh ar an Tulaigh aréir le córas séarachais nua don eastát tionsclaíoch ansin a phlé.

Tharraing cinneadh HID Global aistriú go dtí páirc ghnó ar an taobh thoir de chathair na Gaillimhe go leor cainte níos túisce i mbliana agus daoine buartha gur tuar a bhí ann ar a raibh i ndán do chúrsaí fostaíochta sa Ghaeltacht.

Tá 120 duine fostaithe ag an gcomhlacht teicneolaíochta a dhéanann cártaí aitheantais agus beidh na poist sin á n-aistriú go dtí cathair na Gaillimhe faoi cheann 16 mí.

Chuir lucht bainistíochta HID Global an fhoireann ar an Tulaigh ar an eolas faoin gcinneadh mí Feabhra.

Dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta an Údaráis Mark de Faoite aréir gur thug HID Global le fios don eagraíocht fiontraíochta gur easpa oibrithe an chúis ba mhó lena gcinneadh an bóthar soir a thabhairt orthu féin amach as an Gaeltacht.

Luaigh an comhlacht chomh maith an imní a bhí orthu go mbeadh moill ar chead pleanála a fháil d’fhorbairt bhreise a bhí beartaithe acu ar an Tulaigh.

Níor luaigh an comhlacht cúrsaí leathanbhanda in aon chor lena gcinneadh fágáil, a dúirt de Faoite.

Thug an tÚdarás le fios cheana gur tairgeadh “pacáiste tacaíochta suntasach” don chomhlacht d’fhonn iad a choimeád sa Ghaeltacht. San áireamh ansin bhí dearadh agus tógáil foirgnimh nua.

Thug an tÚdarás tacaíocht arbh fhiú nach mór €2 mhilliún í don chomhlacht teicneolaíochta le 17 bliain anuas.

Idir an dá linn, tugadh le fios ag an gcruinniú ar an Tulaigh aréir go raibh cead pleanála faighte ag an Údarás chun córas séarachais nua a chur ar fáil ar an eastát tionsclaíoch ansin. 

Táthar ag lorg tacaíocht an phobail don phlean píopaí a leagan ón eastát síos go dtí céibh Bhaile na hAbhann.

Dúirt Stiúrthóir Fiontraíochta an Údaráis Mark de Faoite go raibh breis fostaíochta ar an eastát ag brath ar fhorbairt an chórais nua agus go mbeadh an eagraíocht sásta comhoibriú le Uisce Éireann chun leasa an phobail ar fad.

Caithfear cead a fháil anois ó úinéirí talún na píopaí a leagan.

Fág freagra ar '‘Easpa oibrithe’ an chúis is mó le cinneadh comhlachta Gaeltacht Chonamara a fhágáil'