Easpa Gaeilgeoirí ina fadhb ag Fianna Fáil agus comharba Uí Chuív á roghnú

Seachas Éamon Ó Cuív féin, is é Aindrias Ó Muineacháin is gníomhaí faoi chúrsaí Gaeltachta i measc Theachtaí Dála Fhianna Fáil, ach d’fhéadfadh ceisteanna tíreolaíochta teacht ina choinne

Easpa Gaeilgeoirí ina fadhb ag Fianna Fáil agus comharba Uí Chuív á roghnú

Táthar ag súil le fógra go luath faoi cé a bheidh mar urlabhraí nua Gaeilge agus Gaeltachta Fhianna Fáil, ach is cosúil nach aon ribín réidh é ag an bpáirtí comharba Éamoin Uí Chuív a roghnú.

Tá rogha an pháirtí teoranta go háirithe mar gheall ar an easpa Gaeilgeoirí líofa atá acu sa Dáil faoi láthair.

Seachas Ó Cuív féin, ar díbríodh ón mbinse tosaigh é mar gheall gur fhreastail sé ar ócáid toghcháin neamhúdaraithe ó thuaidh, is é Aindrias Ó Muineacháin, an Teachta Dála do Chorcaigh Thuaidh-Thiar, is gníomhaí faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta i measc Theachtaí Dála Fhianna Fáil.

Tuigtear áfach go bhféadfadh cúrsaí tíreolaíochta a bheith ina mbac i gcás an iarbhaill ar Bhord Údarás na Gaeltachta.

Dá dtabharfaí ardú céime d’Ó Muineacháin, bheadh seisear den seachtar Teachtaí Dála atá ag Fianna Fáil as Corcaigh ar an mbinse tosaigh.

Ó tharla go bhfuil sé ina pholasaí ag Fianna Fáil go mbeadh Gaeilge líofa ag pé aire sinsearach a bhíonn i Roinn na Gaeltachta, is ar éigean go gceapfar duine nach bhfuil an teanga ar a thoil aige sa phost, rud a fhágann nach bhfuil ach cúpla rogha eile ag ceannaire an pháirtí Micheál Martin, sin mura mbeadh sé ag iarraidh an cúram a thógáil air féin.

D’fhéadfaí cúram na Gaeltachta a chur leis na cúraimí atá cheana féin ar Thomas Byrne, urlabhraí oideachais an pháirtí, nó Dara Calleary, leascheannaire an pháirtí.

An Teachta Dála, Aindrias Ó Muineacháin

Ach seachas Aindrias Ó Muineacháin, ball de choiste Oireachtais na Gaeilge, agus an bheirt Ghaeilgeoirí sin atá ar an mbinse tosaigh cheana féin, is beag rogha eile atá ag Martin.

Níl Gaeilge líofa, mar shampla, ag urlabhraí cultúir agus oidhreachta an pháirtí, Niamh Smyth agus tá an Teachta Dála Gaeltachta aitheanta Pat ‘The Cope’ Ó Gallchóir ina leascheann comhairle.

Bhí Ó Cuív ina urlabhraí ar chúrsaí pobail agus tuaithe chomh maith agus níl aon easpa cúlbhinseoirí ann don phost sin.

Agus gan aon léiroidhre ag an iar-aire Gaeltachta, d’fhéadfadh mar sin go ndéanfaí na cúraimí a bhíodh ar Ó Cuív a roinnt idir beirt.

Buille do chás na teanga sa Dáil ab ea a stádas mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta a bheith bainte d’Ó Cuív, rud a fhágann nach mbeidh na cearta céanna aige ó thaobh ceisteanna ó bhéal a chur ar Aire na Gaeltachta sa Dáil.

Aithnítear go forleathan gurb é an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála do Ghaillimh Thiar an té is géarchúisí agus is eolaí sa bhfreasúra ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, tráth a bhfuil Teachtaí Dála a bhfuil cur amach acu ar na cúrsaí sin gann, ní hamháin i bhFianna Fáil ach sa Dáil go léir.

Fág freagra ar 'Easpa Gaeilgeoirí ina fadhb ag Fianna Fáil agus comharba Uí Chuív á roghnú'

  • Aililiú!

    Léiriú é seo nach ró-mhaith a d’éirigh le Páirtí Fhianna Fáil an dara haidhm atá aige (an Ghaeilge a chur ar ais i réim agus a chur chun chun cinn mar theanga bheo an phobail) a chur chun cinn i measc a chuid comhaltaí féin. Jóc.

  • "Gnáthurlabhra na ndaoine"

    Aidhm 2 atá ar an gcéad leathnach i mbunreacht Fhianna Fáil ná
    “an Ghaeilge d’athbhunú mar ghnáthurlabhra na ndaoine”.

    Rinne Fianna Fáil dearmad ar Aidhm 2 fadó. Nár chuir siad cosc de réir dlí ar úsáid na Gaeilge ar na lipéid oifigiúla sláinte a bheidh ar dheochanna alcóil feasta.