Éamon Ó Cuív díbeartha ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil

Dúirt Fianna Fáil tráthnóna go raibh a fhios ag Éamon Ó Cuív roimh ré nach raibh seoladh toghcháin ar ghlac sé páirt ann ó thuaidh ceadaithe ag an bpáirtí

Éamon Ó Cuív díbeartha ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil

Tá Éamon Ó Cuív díbeartha ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil agus a stádas mar urlabhraí caillte aige.

I ráiteas a chuir Fianna Fáil amach tráthnóna, dúradh go raibh a fhios ag Éamon Ó Cuív roimh ré nach raibh seoladh toghcháin ar ghlac sé páirt ó thuaidh ann ceadaithe ag an bpáirtí ach gur ghlac sé páirt san ócáid mar sin féin.

Dúradh sa ráiteas gur chuir Ó Cuív an méid sin in íul do cheannaire a pháirtí Micheál Martin ag cruinniú a bhí acu faoin scéal aréir.

Is de bharr an t-eolas sin a bheith tagtha chun cinn ag cruinniú na hóiche aréir, a dúradh nach bhféadfadh Éamon Ó Cuív a bheith ina urlabhraí binse tosaigh ag an bpáirtí níos mó. Dúradh gur údar aiféala an méid sin don pháirtí agus go leagfaí a chuid cúraimí ar dhuine eile sa tréimhse amach romhainn.

Bhí Ó Cuív ag cur ceisteanna sa Dáil ar maidin mar urlabhraí de chuid Fhianna Fáil, ach bhí tuairiscí i gcónaí ann go gcuirfí ‘smacht’ air mar gheall ar an mbaint a bhí aige le seoladh toghcháin Shorcha McAnespy, comhairleoir neamhspleách i bhFear Manach.

Buille do chás na teanga sa Dáil é a stádas mar urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta a bheith bainte d’Ó Cuív, mar nach mbeidh na cearta céanna aige ó thaobh ceisteanna ó bhéal a chur ar Aire na Gaeltachta sa Dáil.

Aithnítear go forleathan gurb é an t-iar-aire Gaeltachta agus Teachta Dála do Ghaillimh Thiar an té is géarchúisí agus is eolaí sa bhfreasúra ó thaobh cúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, tráth a bhfuil Teachtaí Dála a bhfuil cur amach acu ar na cúrsaí sin gann, ní hamháin i bhFianna Fáil ach sa Dáil go léir.

Bhí tuairimíocht láidir ann le tamall go raibh faoi cheannaire Fhianna Fáil Micheál Martin pionós a ghearradh ar Ó Cuív agus an Seanadóir Mark Daly faoin scéala gur fhreastail siad ar sheoladh toghcháin ar an Ómaigh ag ar cuireadh Sorcha McAnespy i láthair mar iarrthóir de chuid Fhianna Fáil i dtoghcháin áitiúla an Tuaiscirt. 

Mhéadaigh ar an tuairimíocht go raibh a stádas mar urlabhraí gnóthaí Gaeilge, Gaeltachta, pobail agus tuaithe le baint de Ó Cuív nuair a fógraíodh inné go raibh a stádas mar leascheannaire Fhianna Fáil sa Seanad bainte den Seanadóir Daly.

Tuairiscíodh go raibh cruinniú beartaithe inné ag Martin le Ó Cuív chun a sciurd ó thuaidh a phlé, ach bhí an t-iar-aire Gaeltachta i láthair sa Dáil ar maidin agus an tAire Gnóthaí Tuaithe Michael Ring á cheistiú aige.

Bhí Ó Cuív agus an Seanadóir Daly le feiceáil i bpictiúir ón ócáid a tionóladh ó thuaidh don chomhairleoir neamhspleách, ócáid a raibh brandáil láidir Fhianna Fáil uirthi.

Tuairiscíodh go raibh Micheál Martin le ceangal faoin eachtra tráth a bhfuil cainteanna ar bun ag Fianna Fáil agus an SDLP maidir le dul i mbun comhghuaillíochta ó thuaidh.

Fág freagra ar 'Éamon Ó Cuív díbeartha ó bhinse tosaigh Fhianna Fáil'

  • An Déaghnach

    Éagóir mhillteanach. Tá cúlú déanta ó thaobh cúrsaí Gaeilge sa Dáil ‘s Éamon díbeartha ón mbinse tosaigh ag Martin.

    Meath i ndiaidh meatha ar neart Fhianna Fáil.

  • Magaoidh

    @An Déaghnach
    “Cúlú” ??
    Bíonn Fianna Fáil agus Fine Gael araon ag caint faoin “Straitéis 20 Bhliain don Ghaeilge” amhail is gur íocshláinte an domhain í in ainneoin go bhfuil líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge ag laghdú, go háirithe sa nGaeltacht.