‘Easpa éilimh’ is cúis le níos lú airgid a bheith á chaitheamh i nGaeltacht Chiarraí – Aire Stáit

Mhaígh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, go raibh Ciarraí ‘fágtha in áit na leathphingine’ ag Roinn na Gaeltachta

‘Easpa éilimh’ is cúis le níos lú airgid a bheith á chaitheamh i nGaeltacht Chiarraí – Aire Stáit

Cuirfear níos mó airgid ar fáil do Ghaeltacht Chiarraí má éilítear a leithéid, a deir Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.

Dúirt an tAire Stáit ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge tráthnóna inné gur “easpa éilimh” ba chúis le níos lú de mhaoiniú na Roinne a bheith ag dul go dtí Ciarraí ná ceantair Ghaeltachta eile.

Ag tagairt dó do scéal a foilsíodh ar an suíomh seo, mhaígh an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, Pa Daly, go raibh Ciarraí “fágtha in áit na leathphingine” ag Roinn na Gaeltachta.

Ach shéan an tAire Stáit an méid sin.

“Dáiltear an t-airgead de réir éilimh agus tá níos mó éilimh ag teacht ó chuid de na Gaeltachtaí [i gcomparáid le cinn eile]. Ní haon rud nua é sin,”  a dúirt an tAire Stáit Chambers.

“Má bhíonn an t-éileamh ann agus na hiarratais ann chun an teanga a fheabhsú i gCiarraí, beidh muid in ann níos mó airgid a chur ar fáil freisin.”

Léiríonn figiúirí atá eisithe ag Roinn na Gaeltachta gur i nGaillimh a caitheadh níos mó ná 60% den chaiteachas caipitiúil a caitheadh sa Ghaeltacht anuraidh agus gur ann freisin a chuaigh níos mó ná leath den airgead a caitheadh ar earnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge in 2021.

Chaith an Roinn níos mó airgead caipitiúil ar thograí i nGaeltacht Mhaigh Eo (€72,340) ná mar a caitheadh i nGaeltacht Chiarraí (€67,884). Leithdháileadh níos mó airgid do Mhaigh Eo (€339,349) ná mar a fuair earnáil na gcoláistí samhraidh i gCiarraí (€297,605).

Tá beagán faoi bhun 50% den 20,586 cainteoir laethúil Gaeilge lasmuigh den chóras Oideachais i nGaeltacht na Gaillimhe. 29% de na cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais atá i nDún na nGall. 10% de na cainteoirí laethúla atá i gCiarraí.

Pléadh ag an gcruinniú coiste a bhí ar siúl i dTeach Laighean aréir an t-ardú €7 milliún ar chiste na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2022.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go gcabhródh an maoiniú breise sin le cur chun cinn Phlean Gníomhaíochta an Rialtais don Ghaeilge.

Dúirt sé go mbeidh feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2021 “i gcroílár na hoibre” sin.

D’fhéachfaí chuige, a dúirt an tAire Stáit, go mbeidh “seirbhísí feabhsaithe” á gcur ar fáil “go céimiúil” do chainteoirí Gaeilge agus “deiseanna suntasacha fostaíochta á gcruthú do lucht labhartha na Gaeilge”.

“Agus muid ag breathnú chun tosaigh, is gá dúinn ar fad a aithint go bhfuil údar suntasach dóchais ann. Cé go raibh dúshláin faoi leith ann le dhá bhliain anuas, tá dóchas romhainn ag bun na spéire,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers.

Fág freagra ar '‘Easpa éilimh’ is cúis le níos lú airgid a bheith á chaitheamh i nGaeltacht Chiarraí – Aire Stáit'