Is i dtreo Chonamara a chuaigh formhór an airgid a chaith an Rialtas ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta anuraidh.
Léiríonn figiúirí atá eisithe ag Roinn na Gaeltachta gur i nGaillimh a caitheadh níos mó ná 60% den chaiteachas caipitiúil a caitheadh sa Ghaeltacht anuraidh agus gur ann freisin a chuaigh níos mó ná leath den airgead a caitheadh ar earnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge in 2021.
D’fhág tionchar na paindéime nach raibh an oiread céanna obair thógála ar bun is a bheadh de ghnáth ach sa Ghaillimh a caitheadh 62% den mhaoiniú a chuir Roinn na Gaeltachta ar fáil do thograí caipitiúla.
€570,306 a cuireadh ar fáil do chaiteachas caipitiúil i nGaeltacht na Gaillimhe anuraidh. Chuaigh an dara sciar is mó chuig Gaeltacht Dhún na nGall. €199,161 a caitheadh i nDún na nGall níos mó ná a dhá oiread níos lú ná an méid a caitheadh i nGaillimh.
Chaith an Roinn níos mó airgead caipitiúil ar thograí i nGaeltacht Mhaigh Eo (€72,340) ná mar a caitheadh i nGaeltacht Chiarraí (€67,884).
Léiríonn na figiúirí a laghad a caitheadh ar thograí caipitiúla i gceantair Ghaeltachta Chorcaí, Phort Láirge agus na Mí in 2021. Níor caitheadh ach €4,215, nó 0.46% den iomlán, ar thograí sna trí chontae sin anuraidh.
Léiríodh freisin tábhacht na gColáistí Samhraidh Gaeilge do gheilleagar Chonamara sna figiúirí a chuir an tAire Catherine Martin ar fáil.
Agus cúrsaí na gcoláistí samhraidh curtha ar ceal arís anuraidh de dheasca na paindéime, shocraigh an Roinn scéimeanna cúitimh le lucht na gcoláistí féin, leis na hallaí pobail agus leis na mná agus fir tí.
Den bhreis is €3.6 milliún a chuir Roinn na Gaeltachta i dtreo na hearnála sin in 2021, tugadh beagnach €2.1 milliún don Ghaillimh agus do chontae na Mí.
Bhí Dún na nGall (€745,988) sa dara háit ó thaobh an méid airgid a cuireadh ar fáil agus leithdháileadh níos mó airgid do Mhaigh Eo (€339,349) ná mar a fuair earnáil na gcoláistí samhraidh i gCiarraí (€297,605).
€85,630 a cuireadh ar fáil don earnáil i bPort Láirge agus €66,695 a bhí i gceist i gCorcaigh.
Den €3.5 milliún a chaith an Roinn ar scéimeanna Gaeltachta in 2021, is ar Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, OÉ Gaillimh a caitheadh an sciar is mó, €1.3 milliún. Caitheadh beagnach €1.3 milliún eile ar Scéim na gCúntóirí Teanga.
€2.65 milliún a caitheadh ar an bpróiseas pleanála teanga in 2021, idir oifigigh a fhostú agus scéimeanna a chur i bhfeidhm nó a ullmhú.
Bheifí ag súil go mbeadh cuid mhaith den airgead a chaitheann an Roinn ar chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta ag dul i dtreo na Gaillimhe, mar a bhfuil an ceantar Gaeltachta is mó sa tír, ach léiríonn na figiúirí freisin a laghad airgid cheantair Ghaeltachta eile sa tír.
Is minic a bhíonn tionchar ag ceantar dúchais Aire na Gaeltachta ar dháileadh airgead a roinne ach ní féidir an fabhar sin a chur i leith an Aire Catherine Martin ná an Aire Stáit Jack Chambers, mar nach as contae Gaeltachta ceachtar acu.
Ba í 2021 an chéad bhliain iomlán ag Chambers ina Aire Stáit na Gaeltachta
Maidir le cúrsaí lasmuigh den Ghaeltacht, chaith an Roinn €6.2 milliún ar scéimeanna Gaeilge ar fud na tíre anuraidh. Ina measc, bronnadh €384,595 ar Thaibhdhearc na Gaillimhe, €214,874 ar Ghlór na nGael, €177,500 ar Ollscoil Mhá Nuad do Theastas Eorpach na Gaeilge, €157,460 ar Ghaillimh le Gaeilge agus €138,538 ar Ghnó Mhaigh Eo.
Bronnadh €140,000 ar Chonradh na Gaeilge in 2021 freisin do ghluaiseacht/seó bóthair.
Dúirt an tAire Catherine Martin go gcaithfeadh Roinn na Gaeltachta breis is €85 milliún ar an nGaeilge in 2022.
Caiteachas Caipitiúil Roinn na Gaeltachta sa Ghaeltacht in 2021 | |
---|---|
Contae | Caiteachas |
Ciarraí | €67,884 (7.4%) |
Dún na nGall | €199,161 (21.8%) |
Gaillimh | €570,306 (62.4%) |
Maigh Eo | €72,340 (7.9%) |
Eile | €4,215 (0.46%) |
Iomlán | €913,906.00 |
Maoiniú d’earnáil na gColáistí Samhraidh Gaeilge | |
---|---|
Gaeltacht | 2021 (Coláistí, hallaí pobail agus teaghlaigh) |
Gaillimh agus an Mhí | €2,085,060.50 |
Dún na nGall | €745,988 |
Corcaigh | €66,695 |
Ciarraí | €297,605 |
Maigh Eo | €339,349 |
Port Láirge | €85,630 |
Iomlán | €3,620,327.50 |
CONCOS (Deontas Riaracháin) | €32,665.92 |
Caiteachas Roinn na Gaeltachta ar scéimeanna agus cláir sa Ghaeltacht | |
---|---|
Scéim/Clár | Maoiniú ón Roinn in 2021 |
Scéim ng gCampaí Samhraidh | €240,217 |
Scéim na gCúntóirí Teanga | €1,259,499 |
Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge OÉG | €1,334,000 |
Clár Aclaíochta | €90,297 |
Clár na gCluichí Gaelacha | €174,452 |
Oidhreacht Chorca Dhuibhne | €200,043 |
Oideas Gael | €65,000 |
Coláiste UISCE | €85,140 |
Comhordaitheoir Pobalscoil Chorca Dhuibhne | €33,600 |
Deontas riaracháin coláistí cónaithe – Scoil na Leanaí Port Láirge agus Scoil na nÓg Corcaigh. |
€34,258 |
Iomlán | €3,516,506 |
M. Bán Ó Cíobháin
Canathaobh go bhfuil ionadh ar daoine? Thá sé soiléir go bhfuil an Roinn ag iarraidh tacú leis an Ghaeltacht is láidre agus is mó sa tír. Rud amháin nach dtuigim in aon chor ná canathaobh gur caitheadh níos mó airgid i nGaeltacht Mhaigh Eo ná i mo chondae dúchais féinig, Ciarraí? Thá san ana-ait toisc go bhfuil Gaeltacht láidir anseo i gCorca Dhuibhne. Maraon le san, tá ana-chuid des na ceann eagraíochtaí Gaeltachta lonnaithe sa Ghaillimh, agus ní haon díobháil san.