Ealaíontóir ceannródaíoch a raibh ceangal aici leis An Spidéal

Chuir Sarah Purser ealaín agus ceardaíocht na hÉireann chun tosaigh ag tús an chéid seo caite

Ealaíontóir ceannródaíoch a raibh ceangal aici leis An Spidéal

Agus tú ar do bhealach siar chuig baile an Spidéil anois, níl an radharc ar an mbaile chomh feiceálach agus a bhíodh. De réir mar atá tithe nua galánta á dtógáil tá an seanradharc den bhaile agus spuaic an tséipéil ag imeacht, nó ar a laghad, ní hionann anois é agus an radharc a bhí ann tráth den saol.

Ach tá an séipéal féin mórán mar a bhí, ón uair a leagadh an chéad chloch sa mbliain 1907. Sheas mé ann an lá cheana agus ba bheag nach raibh mé in ann an Canónach Ó Donnaile a fheiceáil agus é ag cur ord ar na sluaite le ‘teannaigí isteach, teannaigí isteach!’

Ní cuimhin liom aon iontas a dhéanamh den ealaín taobh istigh de Chill Éinde, nuair a bhí mé óg. Fuinneoga gloine dhaite  – sea, Stáisiúin na Croise – sea, agus go leor eile nár thug mé faoi deara i gceart. Is dócha go dtéann daoine, agus daoine óga go háirithe, i gcleachtadh ar a dtimpeallacht féin agus nach dtugann siad aon aird ar an áilleacht ná ar an saothar ealaíne.

Ina chur síos ar Chill Éinde, dúirt an Tiarna Cill Aithnín (Cumann Forbartha Chois Fharraige – alt a scríobh sé do The Furrow sa mbliain 1950) go raibh an séipéal dorcha toisc nár theastaigh solas i gcomhair léitheoireachta ón bpobal – ní ag léamh leabhar paidreacha a bhídís ach ag rá an phaidrín, a dúradh ag an am.

Tá sé roinnt dorcha ceart go leor ach nuair a chuaigh mé isteach ann an lá cheana, bhí mé liom féin agus bhí solas álainn íseal ag teacht isteach trí na fuinneoga gloine dhaite.

Bhí mé ag tabhairt cuairt ar Stáisiúin na Croise (1916-1918) agus ar na fuinneoga a tháinig as Stiúideo an Túr Gloine, nuair a tógadh an séipéal. B’fhacthas dom nár bhreathnaigh mé i gceart ar na stáisiúin, go háirithe, agus mé ag fás aníos. Is saothar ealaíne den scoth gach ceann acu.

Bhunaigh an t-ealaíontóir Sarah Purser an Túr Gloine i dtús an chéid seo caite agus mhair an tionscnamh go dtí amach sna 1940idí. Ar nós go leor eile a bhain leis an nglúin agus leis an aicme sin, chonaic sí an gá le hathmhúscailt a dhéanamh ar an ealaín agus ar an gceardaíocht dhúchasach. Thug sí cúnamh agus airgead le tús a chur leis an gceardlann as a dtiocfadh ábhar gloine dhaite álainn atá anois le feiceáil in áiteacha éagsúla ar fud na tíre.

Cé go mba ealaíontóir í féin, níor oibrigh sí go díreach ar an ngloine. Ach luaitear a hainm go minic – bhí baint aici le cuid de na fuinneoga i gCill Éinde agus is ón stiúideo a tháinig na stáisiúin cháiliúla freisin.

Bhain Sarah Purser leis an aicme a raibh airgead agus stádas acu – ní mórán daoine bochta a bhí in ann staidéar a dhéanamh ar an ealaín agus dul ag taisteal thar lear nuair a thograigh siad. Tar éis di roinnt staidéir a dhéanamh i gColáiste Ealaíne Bhaile Átha Cliath (Dublin Metropolitan School of Art) chuaigh sí chun na hEorpa chur barr feabhais a chur ar a cuid scileanna ealaíne.

San Eoraip casadh ealaíontóirí móra na linne uirthi – Degas agus a leithéid –  agus chuaigh an ealaín ‘nua’ i gcion go mór uirthi. B’ansin freisin a casadh ealaíontóir eile mná uirthi – Louise Catherine Breslau (ón nGearmáin) agus bhíodar mór le chéile an chuid eile dá saol. Bhí sí an-mhór freisin leis an scríbhneoir Rúiseach Marie Bashkirtseff agus luaigh sise Purser ina beathaisnéis.

Nuair a shocraigh Sarah Purser síos i mBaile Átha Cliath arís, chuaigh sí chun cónaí i dteach mór le taobh na Canálach Móire, Mespil House. Bhíodh ‘lá sa mbaile’ nó ‘salon’ aici uair sa mhí agus thagadh na maithe agus na móruaisle ann chun beagán comhrá a dhéanamh agus cúrsaí litríochta is polaitíochta, Cogadh na Talún, seandálaíocht agus cúrsaí ealaíne a phlé.

Dhéanadh Sarah mionphictiúir de chuid de na carachtair a thagadh ann – daoine ar nós Dubhghlas de hÍde agus Yeats, mar shampla. Ina measc freisin bhíodh Michael Davitt, John O’Leary, Maud Gonne agus John B Yeats. Nuair a cheap sí nach raibh a gcearta faighte ag John B Yeats agus Nathaniel Hone, d’eagraigh sí taispeántas dá saothar ealaíne agus uaidh sin ceaptar a tháinig an smaoineamh Gailearaí Náisiúnta Nua-Ealaíne a bhunú, a dtugtar Gailearaí Hugh Lane air anois.

Idir na blianta 1887 agus 1909 bhí cónaí uirthi i dteach eile nach raibh i bhfad uaidh sin – arís, gar go maith don Chanáil Mhór. Chuaigh mé thairis an lá cheana ar cheann de mo chuid siúlóidí agus thug mé faoi deara go raibh teach ag Micheál Mac Liammóir agus Hilton Edwards ar an mbóthar céanna, Ardán Fhearchair.

Le gairid bhí taispeántas beag de shaothar Sarah Purser sa nGailearaí Náisiúnta. Ba léir gur sárealaíontóir portráidí a bhí inti. Murab ionann agus go leor ealaíontóirí eile a bhí ag maireachtáil ar an mbeagán, rinne sise go maith as an obair sin. D’iarr an Fear Ionaid, an Tiarna Londonderry, uirthi portráidí a dhéanamh dá chuid páistí.

Go gairid, beidh taispeántas eile ar siúl sa nGailearaí céanna a mbeidh baint aige le Sarah Purser. An t-am seo, beidh an chéad taispeántas riamh de shaothar ón Túr Gloine le feiceáil san aon áit amháin. Tabharfar aitheantas ceart don chomharchumann ealaíne sin a raibh baint mhór ag Purser leis i 1903, a chuir ealaín agus ceardaíocht na hÉireann chun tosaigh ag tús an chéid seo caite.

Agus, má tá éinne ag iarraidh fuinneoga gloine dhaite de chuid an Túr Gloine a fheiceáil ina n-ionad ceart féin, tá siad le feiceáil in Ardeaglais Naomh Breandán i mBaile Locha Riach, i gCill Éinde sa Spidéal, sa nGailearaí Náisiúnta, in Amharclann na Mainistreach, i Séipéal Naomh Áine i Sráid Dásan, in Ardeaglais Theampall Chríost, agus in áiteacha eile.

Fág freagra ar 'Ealaíontóir ceannródaíoch a raibh ceangal aici leis An Spidéal'