Éadaí glasa Fhianna Fáil á ngoid ag Fine Gael

Cén fhad eile a dhiúltóidh Micheál Martin páirt a ghlacadh sa díospóireacht faoi Éirinn Aontaithe?

Éadaí glasa Fhianna Fáil á ngoid ag Fine Gael

Nach truamhéalach cás Mhichíl Martin? A chuid éadaí polaitiúla goidte ag Leo Varadkar agus Fine Gael uaidh, is gan ag tacú leis anois ach na hAontachtaithe – dream atá scoilte go dona agus ag dul i léig freisin.

Le blianta fada bhíodh á mhaíodh ag Fianna Fáil gurbh iad an dream a sheas leis na spriocanna náisiúnta – athaontú na tíre, athbheochan na Gaeilge agus forbairt na heacnamaíochta.

Fine Gael, dar leo, an dream a bhí sásta géilleadh faoi gach aon cheann de na ceisteanna sin ar mhaithe leis na pribhléidí atá acu féin a choinneáil mar atá.  Dream a bhíodh de shíor ag sodar i ndiaidh na Breataine. Agus a raibh faitíos orthu labhairt faoi athaontú na hÉireann fiú, gan trácht ar rud ar bith a dhéanamh chun é a bhaint amach.

Ach féach anois! Leo Varadkar, ag Ard-Fheis Fhine Gael ag rá gur chóir d’Fhine Gael labhairt amach go soiléir ar son athaontú na tíre, tráth a bhfuil Micheál bocht ag cur i gcoinne labhairt faoi reifreann i dtaobh na teorann.

Cinnte, bhí Varadkar meáite ar é a dhéanamh an-soiléir go raibh difríocht idir a thacaíocht féin d’athaontú na tíre agus cur chuige Shinn Féin, ach nuair a cháin Státrúnaí an Tuaiscirt, Brandon Lewis, ráiteas an Tánaiste, dúirt Simon Harris nach raibh dualgas ar bith ar rialtas na hÉireann cead a iarraidh ar rialtas na Breataine le labhairt faoi athaontú na hÉireann.

Dúirt Harris nach mbíonn Boris Johnson á cháineadh aige nuair a bhíonn Príomh-Aire na Breataine i mbun reitrice faoi thábhacht na haontachta.

Cad chuige, ámh, go bhfuil Fine Gael ag labhairt amach ag an bpointe seo?  Deir tráchtairí áirithe gur ar mhaithe le vótaí a bhaint ó Shinn Féin é, ach léiríonn an phobalbhreith a foilsíodh san Irish Times go bhfuil an dá pháirtí sin ag tarraingt as toibreacha difriúla.

De réir na pobalbhreithe seo, tá tacaíocht ag Fine Gael go háirithe i measc na haicme AB (na daoine atá go maith as). 34% den aicme sin atá ag tacú le Fine Gael i gcomparáid le 13% ag Sinn Féin.

Ar an taobh eile, tá tacaíocht láidir ag Sinn Féin i measc na haicme C2DE, an aicme oibre, 42% i gcomparáid le 22% ag Fine Gael.

Mar sin vótóirí Fhianna Fáil an sprioc atá ag Fine Gael, go háirithe an 18% den aicme AB a vótálann d’Fhianna Fáil faoi láthair.

Dea-scéal cinnte a bhí sa phobalbhreith do Shinn Féin a bhain an chéad áit amach le 31%. 27% a bhí ag Fine Gael agus 20% a bhí ag Fianna Fáil.

Agus ba thoradh maith d’Fhianna Fáil an 20% sin freisin, ceann de na céatadáin is airde a bhain siad amach le bliain, fiú má tá sé ag teacht  salach ar phobalbhreitheanna eile.

Má fhanann na figiúirí mar atá, is dóichí gur rogha idir rialtas faoi cheannaireacht Fhine Gael nó rialtas faoi cheannaireacht Shinn Féin a bheidh le déanamh sa chéad olltoghchán eile.

Agus más féidir le Fine Gael éadaí Fhianna Fáil a ghoid maidir le ceisteanna amhail athaontú na hÉireann nó na an reachtaíocht Ghaeilge ó thuaidh, a thuilleadh meatha atá i ndán d’Fhianna Fáil.

Ní bhaineann na figiúirí seo leis an bhfothoghchán i gCuan Bhaile Átha Cliath Theas, ach arís is léir uathu gur rogha idir Fhine Gael is Sinn Féin a bheas ansin sa deireadh.

Is í an cheist thábhachtach, ná cá rachaidh vótaí na bpáirtithe eile? Dá n-aistreodh vótóirí na bpáirtithe eile ar an eite chlé a vótaí chuig Sinn Féin den chuid is mó, bheadh seans maith ann go mbunófar rialtas nach mbeidh ar mhaithe le lucht an rachmais.

Ach níl ceannairí Pháirtí an Lucht Oibre nó na nDaonlathaithe Sóisialta ag iarraidh ar a gcuid vótóirí a leithéid a dhéanamh. Tá eite chlé sa Chomhaontas Glas, ach is mionlach iad, agus ní léir nach dtaobhóidh vótóirí an pháirtí sin le Fine Gael mar a thaobhaíonn Eamon Ryan féin.

Tabharfaidh an fothoghchán atá le reáchtáil ar an 8 Iúil léargas maith dúinn ar an gceist sin. Go deimhin má éiríonn go maith le Lynn Boylan, Sinn Féin, nó má bhuann sí an suíochán, beidh a leithéid ina shampla ag vótóirí an olltoghcháin.

Rud amháin atá soiléir – in ainneoin chur i gcoinne Mhichíl Martin tá an díospóireacht faoi athaontú na hÉireann ar an gclár plé. Cén fhad eile a dhiúltóidh Martin páirt a ghlacadh sa díospóireacht? Cén seasamh a ghlacfaidh sé faoin reachtaíocht don Ghaeilge atá le brú tríd in Westminster mura ndéantar an beart in Stormont, áit a bhfuil an DUP scoilte faoin gceist?

An bhféadfadh Micheál Martin i ndáiríre seasamh leis an DUP i gcoinne Shinn Féin maidir leis an gceist seo?

Fág freagra ar 'Éadaí glasa Fhianna Fáil á ngoid ag Fine Gael'

  • An Teanga Bheo

    Sean ról agus policy Fianna Fáil atá i gceist nach dtagann an stair timpeall ar fhéin, neodracht an cheannaire ag breathnú orainn.

  • An Teanga Bheo

    Green Party idir Fianna Fáil is Fine Gael

  • An Teanga Bheo

    Cuireadh acu sa Dáil go luath agus aontú le Pairtí eile meastú níl siad ag dul le Sinn Féin ?

  • Des O Murchu

    Cad a tharla do Suiti Pinstripe FF?