‘Éacht mór atá ann do scoil cosúil linne’ – Gaelcholáiste as Leitir Ceanainn ag triall ar chluiche ceannais na hÉireann

Labhair Tuairisc.ie le John ‘Bosco’ Ó Gallachóir as Gaoth Dobhair atá i gceannas ar fhoireann peile Choláiste Ailigh, gaelcholáiste i Leitir Ceanainn, a bhfuil áit bainte amach acu i gcluiche ceannais na hÉireann agus gan ach 128 buachaill ag freastal ar an scoil

‘Éacht mór atá ann do scoil cosúil linne’ – Gaelcholáiste as Leitir Ceanainn ag triall ar chluiche ceannais na hÉireann

Tráthnóna amárach, rachaidh buachaillí Choláiste Ailigh, gaelcholáiste Leitir Ceanainn, chun páirce i gcluiche ceannais Chorn an Bhráthar Iognáid, Craobh Peile D na hÉireann d’iarbhunscoileanna.

Gaisce é ag aon scoil a bhaineann cluiche ceannais na hÉireann amach ach tá éacht ar leith déanta ag Coláiste Ailigh nuair a chuirtear líon na ndaltaí sa scoil san áireamh.

Ní buachaillí iad ach 128 den 273 scoláire atá ag freastal ar an scoil lán-Ghaeilge agus de bharr an teorann aoise, níl siad sin uile fiú ar fáil d’fhoireann na sinsear.

Mar sin féin, tá cluiche ceannais na hÉireann bainte amach ag an scoil a bhuíochas do ghrúpa imreoirí díograiseacha. Cé nach raibh an oiread sin rath orthu roimhe seo, bhí siad go hiomlán dírithe ar an bpeil riamh, a deir bainisteoir na foirne, John ‘Bosco’ Ó Gallachóir as Gaoth Dobhair.

“Shroich muid cluiche ceannais Faoi-16 an chontae. Bhuaigh Bun an Phobail orainn ach d’fhan siad le chéile mar fhoireann. Fiú ag deireadh na bliana anuraidh, bhí siad ag caint ar an pheil, cé a bheadh i gceannas orthu agus céard iad na pleananna a bhí acu.

“Chuir siad féin grúpa WhatsApp le chéile mí Lúnasa agus bhí fís acu féin agus iad ag iarraidh iarracht mhór a chur isteach. Rinne siad sin agus tá luach a saothar bainte amach acu anois sa mhéid agus go bhfuil siad i gcluiche ceannais na hÉireann,” a deir Ó Gallachóir

Tar éis dóibh Craobh B Dhún na nGall a thabhairt leo, is thart ar aimsir na Nollag a thosaigh Ó Gallachóir agus a chuid imreoirí ag smaoineamh go raibh seans acu ar dhul chun cinn mór a dhéanamh i gcraobh an chúige.

“Bhain muid an chéad chluiche in Ulaidh le sé nó seacht bpointe. Nuair a théann tú isteach in Ulaidh, ní bhíonn a fhios agat céard ata amach romhat. Níl mórán eolais agat ar na scoileanna ach i ndiaidh an chéad chluiche, bhí muid ag smaoineamh go mb’fhéidir go raibh muid sách maith chun í seo a bhaint.”

Thug siad céim eile chun cinn sa chluiche ceathrú ceannais, nuair a fuair siad an ceann is fearr ar Aquinas Bhéal Feirste, an fhoireann a dhíbir ón gcomórtas anuraidh iad. Bhí bua sé phointe acu ar Ghairmscoil Chaitríona na gCealla Beaga i gcluiche leathcheannais Uladh, ach cuireadh  tástáil ar leith orthu sa chluiche ceannais.

Agus an tír buailte ag Stoirm Emma agus an Torathar Anoir, bhí ar Choláiste Ailigh agus Coláiste Phobail Bhéal Átha Beithe aghaidh a thabhairt ar a chéile sa chluiche ceannais. Fiú agus sneachta trom ag titim, bhí cuma na maitheasa ar scoil Leitir Ceanainn agus iad 0-10 in aghaidh 0-2 chun cinn ag leath ama.

“Bhí an chuma ar an gcluiche go raibh sé bainte againn ach thosaigh siad ag teacht ar ais agus ag teacht ar ais, fuair siad pointe i ndiaidh phointe, go dtí gur tháinig siad ar ais cothrom,” a deir Ó Gallachóir. “Ní raibh muid in ann cic amach a bhuachan, ní raibh muid in ann seilbh ar bith a fháil i lár na páirce. Bhí rudaí ag dul in ár n-éadan.”

Níor ghéill na himreoirí áfach agus d’éirigh leo 2-1 a aimsiú sa chúig nóiméad deireanach chun Craobh Uladh a bhuachan den chéad uair riamh.

“Theastaigh sé sin ó na lads, nuair a bhí rudaí ag dul in ár gcoinne, sheas siad suas agus choinnigh siad orthu ag dul. Taithí mhaith a bhí ann daofa.”

Cúpla lá ina dhiaidh sin sheas an an taithí sin leo agus léirigh siad an díograis céanna i gcluiche leathcheannais na hÉireann in aghaidh Choláiste na Trócaire Ráth Caola as Luimneach.

“Bhí muid ag cailleadh le naoi bpointe agus deich bomaite fágtha. Shíl muid go raibh sé thart,” a admhaíonn Ó Gallachóir. “Fuair muid cúl, chun cuma níos fearr a chur ar an scór, ach ansin fuair muid cúl eile. Bhain muid an cic amach deireanach agus bhí cúl eile againn, bhí muid ar comhscór agus bhí an cluiche thart. Sa chéad deich bomaite d’am breise fuair muid 2-2.”

Mar sin, agus greadadh tugtha acu d’fhoirne i gcluichí áirithe agus teacht aniar dochreidte déanta acu i gcluichí eile, tá sé léirithe ag buachaillí Choláiste Ailigh go bhfuil siad in ann aon chineál coimhlinte a bhuachan. Tabharfaidh sé sin misneach dóibh ag agus Ard-Scoil Chuain na Gaillimhe rompu amárach, an fhoireann a fuair an ceann is fearr ar Scoil Chuimsitheach Chiaráin na Ceathrún Rua i gcluiche ceannais Chonnacht mí Feabhra.

“Tá muid dóchasach go leor,” a deir Ó Gallachóir. “Chaithfeadh tú a bheith agus tú ag imirt i gcluiche ceannais!”

Fág freagra ar '‘Éacht mór atá ann do scoil cosúil linne’ – Gaelcholáiste as Leitir Ceanainn ag triall ar chluiche ceannais na hÉireann'