As Dún Chaoin ó dhúchas do Mháirín Uí Chonchubhair (Ní Dhálaigh roimh phósadh di). Is luibheolaí agus oide eolaíochta í agus chaith sí a saol oibre ag múineadh i gColáiste na gCnoc Glas, Baile Átha Cliath. D’fhoilsigh Oidhreacht Chorca Dhuibhne an chéad leabhar uaithi i 1995, Flora Chorca Dhuibhne, ina bhfuil cuntas cuimsitheach ar phlandaí na dúichí ina dtimpeallacht nádúrtha, agus cur síos ar nósanna traidisiúnta agus ar an mbéaloideas a bhaineann leo.
Nuair a chríochnaigh sí an obair ar an leabhar sin rith sé léi go mba dheas an rud é leabhar a scríobh faoi chrainn na hÉireann.
“Thosaigh mé ag bailiú an eolais dom féin ar dtús. Bhí suim agam sa dúlra agus sa nádúr ó bhí mé an-óg. I nDún Chaoin a rugadh agus a tógadh mé. Níl ann ach cúpla crann. An t-aon chrann amháin a bhí ann ag an am is cuimhin liom ná crann fuinseoige a chuir duine na blianta roimhe sin.”
Leabhar toirtiúil cuimsitheach é Crainn agus Toir na Éireann ina bhfuil cur síos ar 400 crann agus tor atá ag fás in Éirinn: a dtábhacht miotaseolaíochta agus topagrafaíochta, litríochta, míochaine agus béaloidis, a dtábhacht mar shiombailí an dúchais agus a ról i bhforbairt na mainistreacha agus na n-eastát tar éis theacht na Normannach i leith.
Cheap sí go mbeadh sé éasca go leor. “Nuair a chríochnaigh mé Flóra Chorca Dhuibhne bhí mé ag cuimhneamh; is furast na crainn a dhéanamh mar go mbíonn an crann san áit chéanna ar feadh na bliana. Beidh an crann agat ar feadh na bliana.”
Ní raibh sé baileach chomh héasca is a cheap sí, ach bhí sí ag tabhairt faoi shaothar nach raibh déanta ag aon duine eile roimpi. Taifead, grianghraf agus cur síos ar nach mór gach crann agus tor atá ag fás in Éirinn, idir na cinn atá nádúrtha dúchasach agus na cinn atá tugtha isteach. Ní hamháin sin, ach déanann sí cur síos ar stair an fhásra seo, na cúinsí fáis ar a mbraitheann sé agus stair a scaipthe.
Tá suas le 2,000 pictiúr sa leabhar. “Dhéanas iarracht pictiúir a fháil de gach séasúr. Pictiúir de na bachlóga agus na torthaí a thagann ar na crainn. An saghas toradh a thagann ar an gcrann agus mar sin de,” a deir Máirín.
D’éirigh an obair ghrianghrafadóireachta níos éasca le teacht chun cinn an ghutháin phóca, a deir Máirín. “Is minic go dtiocfainn trasna ar chrann agus ní raibh aon cheamara agam. Tá sé éasca sa lá atá inniu ann mar go mbeidh an fón agat. An uair sin bheadh an film agat agus dá dtitfeadh ga gréine air bhí an film ar fad caillte agat. Ansin bheadh fanacht ort ar feadh na seachtainí agus ní raibh a fhios agat go dtí an deireadh. Athrú aimsire.”
Labhraíonn Máirín ar na hathruithe móra a bhí in Éirinn leis na mílte bliain agus na crainnte is na plandaí a tháinig is a d’imigh le hathrú aimsire is aeráide. “Chuir Éire trí mhoing agus trí mhaoláid di. Bhí crainnte móra agus fásra ar fud an oileáin ar feadh tréimhsí agus ina dhiaidh sin arís ní raibh faic ag fás. D’ardaigh an fharraige agus bádh ana-chuid de na crainnte. Bhí Éire istigh sna rudaí sin go léir agus tá a lorg le feiceáil i gcónaí ag na seandálaithe.”
Cé a cheapfadh go raibh na crainnte crónghiúise ag fás in Éirinn tráth?
“Na crainnte móra atá i gCalifornia, na crainn ghiúise nó na redwoods, tá síol díobh sin faighte in aice le Loch nEathach, áit a raibh seandálaithe ag obair. Fuaireadar na síolta sa dríodar a bhí seasca méadar síos. Sin ‘fadó fadó!’ a deir Máirín.
D’oibrigh Máirín leis an Athair Pádraig Ó Fiannachta agus í ag déanamh taighde don leabhar. “Tá an-chuid seanchais ag baint leis an gcrann iúir. Bhí scéal amháin ann agus theastaigh uaim an bunleagan a fheiceáil. Stiúraigh Pádhraic Ó Ciardha a bhíodh ag obair le TG4 mé go dtí an tAthair Ó Fiannachta mé, gurbh é sin an saineolaí ar na seanscéalta Gaelacha.”
Sin é an uair a thosaigh an obair i gceart, a deir Máirín. “Thug sé cead dom breathnú trí na seanleabhair ar fad. Sin é an uair a thosnaíos. Bheadh na scéalta sin go léir sna leabhair a bhí ag Ó Fiannachta. Chuireadh sé an-áthas orm i gcónaí nuair a chínn focal a bhí in úsáid ag an seandream ag a baile i gceann de na leabhair sheanGhaeilge.”
Bhí meitheal ag obair le Máirín agus í ag cur an leabhair i dtoll a chéile. “Príomhoide Choláiste Eoin, Finín Ó Máirtín, d’fhéach sé ar an leabhar ó chlúdach go clúdach. Dúras liom féin, ‘Mura dtuigfeadh Finín é, ní thuigfeadh aon duine é!”
Tugann Máirín suntas sa leabhar do na hathruithe a thagann i gcónaí ar na crainnte atá ag fás sa tír agus crainnte i gcónaí ag teacht isteach sa tír. “Nuair a cheannaíonn daoine teach ní theastaíonn uathu an crann céanna a bheith acu is atá ag na comharsana,” arsa Máirín.
Is cúis imní iad na galraí atá tagtha isteach ar na crainnte le deireanas, dar léi. Ceann acu ná an galar atá tagtha ar an bhfuinseog agus atá ag cur isteach go mór ar thionscal déanta na gcamán do Chumann Lúthchleas Gael.
“Thosaigh an galar sa Mhacadóin. Tháinig isteach trí Thuaisceart na hÉireann ach tá sé scaipthe i ngach contae anois agus maraíonn sé an fhuinseog taobh istigh de bhliain. Is dóigh liom nuair a bhuaileann sé coill go maraíonn sé na crainnte ar fad.”
Ní hiad na crainnte fuinseoige amháin atá buailte ag galraí nua le blianta beaga anuas. “Bhí ceann roinnt blianta ó shin agus bhí orthu 16,000 learóg a bhaint agus níl cead in aon chor na learóga a chur.”
Is ar an dóchas a dhíríonn Máirín ina cuid cainte, áfach agus an fás ag filleadh ar na crainnte le theacht an earraigh. “Tá crann magnóilia ag comharsa liom agus feicim go bhfuil na bachlóga ag teacht anois air agus beidh na bláthanna ann go luath. Beidh mé ag coinneáil súil amach dhó ar mo shiúlóidí.”
Éacht dóchais agus saothar grá is ea Crainn agus Toir na hÉireann agus oidhreacht álainn é do na glúnta atá le theacht. “Tá súil agam go mbainfidh daoine súp as, an bhfuil a fhios agat? Go mbainfidh daoine taitneamh as,” a deir Máirín.
*Seolfaidh John McLoughlin an leabhar Crainn agus Toir na hÉireann i dTeach an Ard-Mhéara i mBaile Átha Cliath ar an Déardaoin, 14 Márta ag 7:00 i.n.
Seán Ó hAodha
Tá muid buíoch díot a Mháirin. Éacht eile déanta agat gan aon agó. Tréaslaím leat.
Carraig
Léigh mé an Flóra agus is geall le míorúilt í ar gach slí; eolas iontach leathan suaithní, cur i láthair gan cháim, cruinneas agus saibhreas teanga ach thar éinní eile tá an dáimh atá ag an údar leis an ábhar ag púscadh i ngach aon leathanach. Táim chun an leabhar nua seo dá cuid a ordú agus tá súil agam go mbeidh sí chomh hiontach glan céanna…go bhfuil profú gairmiúil barántúil déanta uirthi agus í saor ó earráidí cló is teanga. Míle buíochas léi.
Niall Ó Flaithbheartaigh
Sé an trua nár luadh foilsitheoirí an leabhair agus an costas atá air.