€810,000 ceadaithe don earnáil luathoideachais sa Ghaeltacht

Tá maoiniú breise ceadaithe don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht agus úsáidfear cuid den mhaoiniú sin chun cabhrú leis an 20 seirbhís luathoideachais a fheidhmíonn trí Bhéarla sa Ghaeltacht faoi láthair an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid oibre

€810,000 ceadaithe don earnáil luathoideachais sa Ghaeltacht

Tá fógartha ag Aire Stáit na Gaeltachta Joe McHugh go bhfuil breis is €810,000 le caitheamh as seo go ceann trí bliana mar thacaíocht bhreise don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht.

Tá an maoiniú seo á cheadú, a dúradh, mar chuid den phróiseas pleanála teanga agus chun tacú le feidhmiú an pholasaí don oideachas Gaeltachta.

Tabharfar €270,000 in aghaidh na bliana do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta idir 2018-2020 chun “leathnú” a dhéanamh “ar an raon tacaíochtaí” a chuireann an eagraíocht sin ar fáil. Úsáidfear an maoiniú atá le ceadú sa chéad bhliain chun beirt oifigeach cúnta breise a fhostú, chun ocht seirbhís luathbhlianta eile a thabhairt faoi chúram Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus chun cabhrú leis an 20 seirbhís a fheidhmíonn trí Bhéarla sa Ghaeltacht faoi láthair  an Ghaeilge a chur chun cinn ina gcuid oibre.

Cuireann Údarás na Gaeltachta €535,000 ar fáil don eagraíocht gach bliain chomh maith. Caithfear an maoiniú nua freisin ar riar scéim na Seirbhísí Réamhscoile agus Iarscoile, atá á haistriú ó Roinn na Gaeltachta go dtí Comhar Naíonraí na Gaeltachta.

D’fhógair an tAire Stáit Joe McHugh freisin inniu go mbeadh an t-uasleibhéal cúnaimh a bheidh ar fáil faoin gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga de chuid na Roinne, i leith áiseanna san earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, á ardú ó 80% go dtí 95%. Tiocfaidh an socrú seo i bhfeidhm láithreach, a dúradh.

Dúirt an tAire Stáit gur  “céim mhór chun tosaigh” a bhí i bhfógra an lae inniu “a bheidh ar leas theaghlaigh óga na Gaeltachta atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó ar mhaith leo é sin a dhéanamh”.

“De thoradh maoiniú breise a bheith curtha ar fáil do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta agus an cúnamh caipitil breise a bheidh mo Roinn in ann a chur ar fáil don earnáil luathoideachais Ghaeilge sa Ghaeltacht, beimid in ann cuidiú tuilleadh leis an earnáil sin, agus i ndeireadh báire, le teaghlaigh óga na Gaeltachta chun an Ghaeilge a chur chun cinn.

“De thoradh an méid seo cuirfear go suntasach le feidhmiú rathúil an phróisis pleanála teanga atá ag bailiú nirt anois ó cheann ceann na Gaeltachta.”

Thug an tAire Stáit le fios chomh maith go bhfógrófaí beart eile i dtaobh an luathoideachais go gairid agus go mbeadh an fógra sin á dhéanamh i gcomhar leis an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige, Katherine Zappone. Déanfar an fógra sin mar chuid de Phlean Gníomhaíochta 2018-2022  an Rialtais i leith na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Dúirt an tAire Stáit le déanaí go mbeadh an plean sin á chur faoi bhráid an Rialtais Dé Máirt seo chugainn agus go bhfoilseofaí go luath ina dhiaidh sin é.

Fág freagra ar '€810,000 ceadaithe don earnáil luathoideachais sa Ghaeltacht'