€44,600 den €2.5m a chaith an HSE ar fhógraíocht na paindéime a caitheadh ar ábhar Gaeilge

Níor craoladh fógra Gaeilge ar stáisiún raidió náisiúnta ar bith agus níor foilsíodh ábhar ar bith i nGaeilge sna nuachtáin chlóite ná ar líne

€44,600 den €2.5m a chaith an HSE ar fhógraíocht na paindéime a caitheadh ar ábhar Gaeilge

Pictiúr: Sam Boal / RollingNews.ie

Caitheadh níos lú ná 2% den airgead a chaith an HSE ar fhógraíocht faoin bpaindéim ar fhógraí Gaeilge.

D’íoc Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte os cionn €2.5 milliún ar fhógraí raidió, teilifiíse agus ar na meáin shóisialta idir mí Mhárta agus deireadh mhí Mheán Fómhair a bhain le heolas faoin bpaindéim ach níor caitheadh ach €44,600 den iomlán ar ábhar Gaeilge – 1.8%.

Níl an t-airgead a caitheadh ar fhógraí sna meáin chlóite san áireamh ansin. Níor chuir an HSE fógra Gaeilge ar bith faoin ngéarchéim sa tsláinte phoiblí sna nuachtáin chlóite ná ar líne ó thús na paindéime.

Mar a tugadh le fios cheana don Teachta Dála Aengus Ó Snodaigh nuair a cheistigh sé an HSE faoina laghad ábhar Gaeilge a chuir na húdaráis sláinte amach, deir an HSE arís go bhfuil sé níos costasaí fógraíocht i nGaeilge a fhoilsiú agus nach mbeadh siad ag fáil luach maith ar an airgead.

“Bhreathnaigh muid ar fhógraí Teilifíse agus Raidió as Gaeilge a chur ar na meáin Béarla, ach fuarthas amach go gcuirfeadh sé leis an gcostas de bharr go raibh na leaganacha Gaeilge níos faide ná na leaganacha Béarla agus go dteastódh plean ceannaigh ar leith do na meáin le n’aghaidh seo.

“Dá bharr seo agus an oiread teachtaireachtaí a bhíonn á seoladh againn, agus de bharr nach bhfuil an fhoráil seo leagtha amach sna dualgais atá ar FSS faoi Acht na dTeangacha Oifigiúila, rinneadh an cinneadh gan seo a dhéanamh agus an luach is fearr a fháil ar cheannach le linn na tréimhse géarchéime seo.”

Dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge Julian de Spáinn, a chuir na figiúirí nua faoi bhráid Choiste Oireachtais na Gaeilge, go bhfuil freastal “easnamhach agus thar a bheith míchothrom” déanta ag an HSE ar phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta maidir leis an bhfógraíocht le linn na paindéime.

Dúirt de Spáinn gur léiriú é leithscéal an HSE nach raibh dualgas orthu ábhar breise i nGaeilge a chur amach ar an ngá neartú a dhéanamh ar an mbille atá le leasú a dhéanamh ar Acht na dTeangacha.

“Ní hiad an FSS amháin a fhágann an Ghaeilge ar lár ach tarlaíonn sé an t-am ar fad ag ranna agus comhlachtaí stáit eile.”

Den €1,007,000 a chaith an HSE ar fhógraí raidió maidir leis an bpaindéim ó mhí an Mhárta, níor caitheadh ach 0.56% ar fhógraíocht i nGaeilge.

Thug an HSE le fios go raibh deich bhfógra raidió Béarla cruthaithe acu suas go dtí deireadh Mheán Fómhair ach nár aistríodh ach aon cheann amháin acu go Gaeilge.

Níor craoladh an fógra Gaeilge ar stáisiún raidió náisiúnta ar bith agus is ar stáisiúin raidió pobail amháin, amhail Raidió na Life, a craoladh é.

€5,600 ar fad a caitheadh ar fhógraíocht raidió i nGaeilge i gcomparáid leis €1,001,400 a caitheadh ar fhógraí Béarla.

Dúirt an HSE go raibh fiosrúcháin déanta acu maidir leis na fógraí raidió a craoladh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ach “cuireadh in iúl dúinn nach bhfuil a gcuid ama craolta ar fáil ar bhun tráchtála do lucht fógraíochta a íocann táille”.

Is ar fhógraíocht ar TG4 a caitheadh an €39,000 a chaith an HSE ar fhógraíocht teilifíse Gaeilge.

Chruthaigh an HSE naoi bhfógra teilifíse i mBéarla maidir le Covid-19 agus aistríodh seacht gcinn acu go Gaeilge. Craoladh iad ar 46 stáisiúin, ach is ar TG4 amháin a craoladh na fógraí Gaeilge.

2.8% den airgead a caitheadh ar fhógraí teilifíse a caitheadh ar chinn Ghaeilge. €1,394,000 a caitheadh ar fhógraí Béarla a craoladh.

Níor chaith an HSE ar fhógraí Gaeilge pingin ar bith den thart ar €135,000 a caitheadh ar fhógraíocht ar na meáin shóisialta.

Ábhar as Gaeilge a bhí i 3.8% de na postálacha a chuir an HSE amach ar na meáin shóisialta.

As an 1,159 giolc a cuireadh amach ar Twitter idir mí an Mhárta agus deireadh mhí Mheán Fómhair, bhí 51 acu i nGaeilge – 4.4%.

Seacht dteachtaireacht (3.3%) a bhí i nGaeilge as an 210 a foilsíodh ar Facebook agus ní raibh ceann amháin féin den 145 postáil a chuir an HSE amach ar Instagram i nGaeilge.

“Ba é cuspóir na meán atá íoctha ag FSS, lena n-áirítear Teilifís agus Raidió, le linn ráig COVID-19 ná an oiread agus is féidir den daonra a chur ar an eolas, maidir le teachtaireachtaí sláinte phoiblí atá ríthábhachtach agus a bhíonn ag síor-athrú,” a dúirt an HSE.

“Is é ár ndualgas freisin luach maith ar airgead a chinntiú agus cistí poiblí á n-úsáid nuair a bhíonn cumarsáid á húsáid chun sláinte an phobail a chosaint. Agus muid ag roghnú cainéil chun an méid seo a bhaint amach, glacann muid le comhairle ó ghníomhaireachtaí meáin faoi na cainéil a úsáideann grúpaí éagsúla den phobal, agus na costais a ghabhann leo.”

Maidir le suíomh idirlín an HSE féin, deir siad go bhfuil 67 leathanach d’ábhar bhaineann le coróinvíreas aistrithe go Gaeilge acu. Rinneadh 8,856 amharc leathanaigh ar an ábhar as Gaeilge ó foilsíodh é. Rinneadh 26.2 milliún amharc leathanaigh ar an ábhar as Béarla faoin gcoróinvíreas ó foilsíodh é.

 

Fág freagra ar '€44,600 den €2.5m a chaith an HSE ar fhógraíocht na paindéime a caitheadh ar ábhar Gaeilge'

  • Mícheál Ó Doibhilín

    Bhí suíomh idirlín an FSS i mBéarla amháin go dtí gur rinne an Coimisinéir Teanga leo. Is ó shoin a aistríidh go Gaeilge é, de réir freagra a bhfuaireas òn gCoimisinéir.
    Is náireach ar fad an scéal é seo.o

  • Pádraig

    Náireach!