€325,000 á thairiscint chun taighde a dhéanamh faoin nGaeilge sa tseirbhís phoiblí

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta inniu go bhfuil tairiscintí á lorg ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid de phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge

€325,000 á thairiscint chun taighde a dhéanamh faoin nGaeilge sa tseirbhís phoiblí

Tá €325,000 á chur ar fáil ag an Rialtas chun taighde bliana a dhéanamh faoi phlean náisiúnta earcaíochta don Ghaeilge.

Tá tairiscintí á lorg ó ghrúpaí a mbeadh suim acu taighde a dhéanamh faoi staid na Gaeilge sa státchóras, taighde a bheidh mar chuid den phlean gur Gaeilgeoirí a bheidh i 20% d’earcaithe nua na seirbhíse poiblí faoin mbliain 2030.

An Coiste Comhairleach um Sheirbhísí Gaeilge, atá bunaithe faoin reachtaíocht teanga nua, atá  freagrach as an bPlean Náisiúnta um Sheirbhísí Gaeilge a ullmhú.

Tá go dtí an 19 Meitheamh 2024 ag an gcoiste nua chun an plean a ullmhú.

Mar chuid den phlean níor mhór d’Aire Stáit na Gaeltachta spriocdháta a leagan síos chomh maith faoina gcuirfear gach seirbhís phoiblí sa Ghaeltacht agus don Ghaeltacht ar fáil i nGaeilge. Caithfear spriocdháta eile a leagan síos faoina mbeidh gach oifigeach poiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag obair trí mheán na Gaeilge.

Déanfaidh pé dream a n-éireoidh leo an conradh bliana €325,000 a fháil taighde faoi na laigí sa soláthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus déanfaidh siad moltaí faoi conas na bearnaí sa soláthar sin a líonadh.

Beidh orthu taighde agus moltaí a dhéanamh chomh maith a chabhróidh lena chinntiú gurb í an Ghaeilge teanga oibre oifigí an stáit sa Ghaeltacht. Beidh taighde le déanamh chomh maith faoi líon na ndaoine san earnáil phoiblí a bhfuil Gaeilge acu. Déanfar moltaí freisin maidir le hearcú daoine le Gaeilge.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, go raibh sé an-sásta an Iarraidh ar Thairiscint a fhógairt.

“Beidh torthaí an taighde a bheidh á choimisiúnú mar thoradh ar an bpróiseas seo lárnach d’obair an Choiste Chomhairligh agus iad ag forbairt an Phlean Náisiúnta.

“Go deimhin, is mór an cuidiú a bheidh ann dúinn uile chomh maith agus muid ag obair i dtreo bealaí straitéiseacha a aithint chun feabhas a chur ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí poiblí a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge trí chéile, ach go háirithe i Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta. Tréaslaím le díograis an Choiste agus iad ag tabhairt faoina gcuid oibre go dtí seo agus guím gach rath ar an bpróiseas tairisceana.”

Foilsíodh an Iarraidh ar Thairiscint ar an ardán etenders.gov.ie agus ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. An 30 Meán Fómhair an sprioc do thairiscintí.

Fág freagra ar '€325,000 á thairiscint chun taighde a dhéanamh faoin nGaeilge sa tseirbhís phoiblí'

  • Billings/Bilie --Dónall Mór

    ***************************************************************************************
    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
    ***************************************************************************************

    325,000 Euro eile le caitheamh in am seo na géirchéime agus an freagra ar eolas againn cheana féin !!!
    Scríobh litir sa Ghaeilge go dtí an tseirbhís phoiblí nó cuir glaoigh gutháin orthu agus gheobhfar freagra sa teanga is ansa leo.

    Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.

    B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.

    Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Acht Teanga’ a chur i bhfeidhm sna Sé Chontae gan a thuilleadh moille.

    Sa Deisceart fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.

    Labhair í agus mairfidh sí .
    Fógra sa Ghaeilge Comhartha don todhchaí

    Is mise le dóchas agus súil amach ag faire na bhfógraí

    Dónall Mór Mac Billings
    Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí

    An Ghaeltacht,
    Príosún Phort Laoise
    Bloc E

    Cnag ar seo le bhur dtoil :-
    *************************************************************************************
    http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
    *************************************************************************************