€200,000 bronnta ar Fhoras na Gaeilge do ‘Focail Eile’

Tá an maoiniú á chur ar fáil ag an gCoimisiún Eorpach faoin gclár An Eoraip Chruthaitheach le haird a dhíriú ar an litríocht i dteangacha mionlaigh na hEorpa

Cuinn
Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidheamannach Fhoras na Gaeilge. Pictiúr: Seán Ó Mainnín

Tá €200,000 faighte ag Foras na Gaeilge ón gCoimisiún Eorpach le comhthionscadal mór liteartha dar teideal ‘Focail Eile’ a éascú. Tá sé mar aidhm ag ‘Focail Eile’ aird a dhíriú ar an litríocht i dteangacha mionlaigh ar fud na hEorpa.

Tá an maoiniú á chur ar fáil faoin gclár ‘An Eoraip Chruthaitheach’ a chuireann an chruthaíocht agus an nuálaíocht chun cinn san Aontas Eorpach. Táthar ag súil go gcruthóidh an tionscadal líonra de shochrúcháin chruthaitheacha do scríbhneoirí i dteangacha mionlaigh agus go gcuifear an comhoibriú cultúrtha chun cinn i dtíortha ina labhraítear na teangacha sin.

Cuirfear tacaíocht ar fáil do shaothair sna bunteangacha mionlaigh agus d’aistriúcháin ó mhórteangacha go na mionteangacha sin.

Dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidheamannach Fhoras na Gaeilge, go dtabharfaidh ‘Focail Eile’ deis do chuid de scríbhneoirí na Gaeilge aithne agus eolas a chur ar scríbhneoirí atá ag saothrú i mionteangacha eile.

“Tá léitheoireacht agus soláthar abhar léitheoireachta ríthábhachtach do mhionteangacha le cur le cumas litearthachta a ndaoine óga agus le lón anama a chur ar fáil do lucht a labhartha. Is deis iontach é an tionscnamh Focail Eile le lucht mionteangacha san Eoraip a chur ag obair ar scáth a chéile agus le lucht léitheoireachta níos leithne a chur ar fáil dár gcuid scríbhneoirí,” a dúirt sé.

Tá maoiniú suntasach faighte ag eagraíochtaí eile don tionscadal sa Spáinn, sa tSloibhéin, sa Macadóin agus sa tSualainn. Chuir 476 iarratas ar fad isteach ar an maoiniú agus faomhadh 64 acu sin. D’éirigh le Foras na Gaeilge deontas den uasmhéid a fháil.

Seolfar suíomh gréasáin ‘Focail Eile’ i mí Iúil na bliana seo.