€1,000,000 sa bhreis ag teastáil chun feabhas a chur ar sheirbhísí dáileacháin leabhar Gaeilge – Foras na Gaeilge

Dá gcuirfí maoiniú breise ar fáil d’fhéadfaí cúigear breise a fhostú agus forbairtí shuntasacha eile a dhéanamh ar chóras dáileacháin na leabhar Gaeilge, a deir an Foras

€1,000,000 sa bhreis ag teastáil chun feabhas a chur ar sheirbhísí dáileacháin leabhar Gaeilge – Foras na Gaeilge

Deir Foras na Gaeilge go bhfuil €1,000,000 eile ag teastáil chun feabhas a chur ar an tseirbhís dáileacháin leabhar a chuireann an eagraíocht ar fáil. Méadú 100% a bheadh ansin ar an mbuiséad atá acu faoi láthair don earnáil foilsitheoireachta trí chéile.

Agus ionadaithe ón bhForas os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna inné chun plé a dhéanamh ar obair ÁIS, comhlacht dáileacháin an Fhorais, dúradh nach bhfuil sé d’acmhainn ag Foras na Gaeilge aon fhorbairt shuntasach a dhéanamh ar a chuid seirbhísí i láthair na huaire ceal acmhainní.

Tugadh le fios nach bhfuil ach ceathrar ag obair go lánaimseartha ag ÁIS faoi láthair agus go dteastódh cúigear fostaithe nua chun leigheas a fháil ar na fadhbanna a bhaineann leis an gcóras.

Dúirt an Foras go bhféadfaí infheistíocht bhreise a úsáid chun oifigeach margaíochta, oifigeach teicneolaíochta agus triúr oifigeach díolacháin a fhostú chun seirbhís níos cuimsithí a chur ar fáil.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Seán Ó Coinn, go mbeadh thart ar €1 milliún breise ag teastáil chun na forbairtí a bhí ar intinn ag an bhForas a chur i gcrích.

Thart ar €1 milliún sa bhliain a chuireann an Rialtas ar fáil don bhForas do Scéim na Foilsitheoireachta (Clár na Leabhar Gaeilge).

Dúirt Ó Coinn go raibh an t-éileamh ar mhaoiniú breise curtha in iúl acu d’Aire na Gaeltachta, Catherine Martin.

“Nuair a bhuail muid leis an Aire Martin ní ba luaithe i mbliana, chuir muid faoina bráid na ciorruithe a bhí déanta ar Chlár na Leabhar Gaeilge ag dul siar go dtí 2008 – ag pointe amháin, bhí os cionn €1.8m de bhuiséad ag Clár na Leabhar Gaeilge – agus [dúramar] gur mhaith linn a bheith ar ais, ar a laghad, ag an leibhéal sin. Dar linn, is gá dúinn dul os a chionn sin nuair a chuirtear, cur i gcás boilsciú san áireamh,” a dúirt Ó Coinn.

Agus earnálacha foilsitheoireachta agus léitheoireachta na Gaeilge á bplé ag Coiste Gaeilge an Oireachtais le bliain anuas, is minic a cáineadh ÁIS maidir le cúrsaí teicneolaíochta agus an easpa teagmhála a dúradh bhí acu le siopaí leabhar.

Ag an gcruinniú i dTeach Laighean inné, aithníodh go raibh obair le déanamh chun an tseirbhís a fheabhsú ach cuireadh an milleán ar easpa acmhainní.

D’aithin an Foras go raibh dúshláin le sárú maidir le cúrsaí foirne, cúrsaí teicneolaíochta agus cúrsaí margaíochta.

Dúirt Ó Coinn go raibh “feabhsuithe móra gur féidir linn a dhéanamh agus gur mhaith linn a dhéanamh” ach dúirt sé freisin nach raibh cúrsaí “chomh holc agus a cuireadh in iúl” ag cuid de na cruinnithe eile.

Dúirt sé go raibh ardú tagtha le blianta beaga anuas ar líon na leabhar a bhíonn á ndíol ag ÁIS, líon na siopaí a mbíonn siad ag plé leo agus teacht isteach na heagraíochta.

Dúradh go ndáileann ÁIS thart ar 200,000 leabhar go bliantúil ar 260 siopa leabhar agus gur tháinig méadú beagnach 20% ar dhíolachán idir 2015-2021 – ó €900,000 go dtí €1.1m.

Bhí ionaduithe ó Chló Iar-Chonnacht agus na siopaí leabhar Hodges Figgis agus Kenny’s i measc na ndreamanna a cháin cur chuige ÁIS ó thaobh na teicneolaíochta de. Dúradh nach raibh suíomh idirlín fiú ag an eagraíocht agus nach bhféadfaí leabhair a ordú ach trí ríomhphost nó ar an teileafón.

D’admhaigh an Foras gur gá suíomh gréasáin ÁIS a fhorbairt leis an gcóras reatha orduithe a uasghrádú.

Ba é cruinniú an lae inné an ceann deireanach ag Coiste Gaeilge an Oireachtais ina sraith cruinnithe faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus léitheoireachta. Ar na grúpaí a d’fhreastail ar na cruinnithe bhí Foras na Gaeilge, ÁIS, foilsitheoirí, scríbhneoirí, lucht na siopaí leabhar agus lucht na leabharlann. Tá sé i gceist ag an gCoiste tuarascáil ar an ábhar a réiteach agus a fhoilsiú roimh an Nollaig.

Fág freagra ar '€1,000,000 sa bhreis ag teastáil chun feabhas a chur ar sheirbhísí dáileacháin leabhar Gaeilge – Foras na Gaeilge'