€1.72 milliún d’airgead Gaeltachta fágtha gan chaitheamh ag Roinn

Níor caitheadh €1.72 a cuireadh ar leataobh anuraidh do scéimeanna Gaeltachta agus don phleanáil teanga

€1.72 milliún d’airgead Gaeltachta fágtha gan chaitheamh ag Roinn

Níor chaith Roinn na Gaeltachta €1.72 milliún a cuireadh ar leataobh dóibh anuraidh le caitheamh ar scéimeanna Gaeltachta agus ar an bpleanáil teanga.

Deirtear i dtuarascáil nua de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste gur ‘shábháil’ Roinn na Gaeltachta €1.145 milliún i gcomparáid leis an méid a cuireadh ar leataobh do scéimeanna Gaeltachta sna meastacháin.

Tharla sé sin, a deirtear, mar gheall ar “roinnt tograí caipitil nach raibh dul chun cinn á dhéanamh ina leith chomh tapa agus a síleadh a bheadh i dtús aimsire”.

Chomh maith leis sin níor caitheadh €575,000 den mhaoiniú €3.2 milliún a cuireadh ar leataobh sna meastacháin anuraidh don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge.

Tharla sin, a deirtear sa tuarascáil, mar nár deineadh oiread dul chun cinn is a bhíothas ag súil leis maidir le tús a chur le feidhmiú pleananna teanga.

Chaith an Roinn €1.858 milliún níos mó ar na hoileáin anuraidh ná mar a bhí curtha ar leataobh dóibh sna meastacháin.

B’amhlaidh an scéal, a deirtear i dtuarascáil nua de chuid an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste, mar gur cheannaigh an Roinn Aerfort na Mine i gConamara thar ceann an stáit.

€2.75 milliún a caitheadh ar an aerfort a cheannach ón iarsheanadóir agus fear gnó Pádraig Ó Céidigh.

Fuarthas cead airgead do cheannach Aerfort na Mine a aistriú chistí eile go dtí cistí na n-oileán.

San iomlán chaith an Roinn €861,000 níos lú nár mar a cuireadh ar leataobh dóibh le caitheamh ar chúrsaí Gaeilge, Gaeltachta agus na n-oileán.

€56.222 milliún a cuireadh ar leataobh sna meastacháin don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin in 2019 agus €55.361 milliún a caitheadh.

Níor caitheadh €5.6 milliún den €340 milliún a cuireadh ar leataobh don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta in 2019.

Chuir an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €2.2 milliún ar ais sa státchiste ag deireadh 2019 agus fuair siad cead €3.4 milliún a thabhairt chun cinn in 2020.

Fág freagra ar '€1.72 milliún d’airgead Gaeltachta fágtha gan chaitheamh ag Roinn'