É sách deacair ag imreoirí óga Uíbh Fhailí gan Gaillimh a bheith rompu

Deir lucht CLG na Gaillimhe go bhfuil a gcuid iománaithe óga faoi mhíbhuntáiste ceal deis iomaíochta i gcraobh chúige ach ní haon iontas nach bhfuil mórán fáilte ag muintir Chúige Laighean rompu

É sách deacair ag imreoirí óga Uíbh Fhailí gan Gaillimh a bheith rompu

Sean Loftus. Pictiúr: INPHO/James Crombie

Agus rún curtha chun cinn ag Bord Chontae na Gaillimhe ag iarraidh go mbeadh foirne iomána uile an chontae ag imirt san aon chúige amháin, tá plé náisiúnta á dhéanamh faoi ar chóir iománaithe faoi aois na Gaillimhe a chur isteach i gCraobh Laighean.

Sular glacadh le rún Chumann Liam Uí Mhaoilíosa, is idir Bord Chontae na Gaillimhe agus Comhairle Laighean amháin a bhí an t-aighneas maidir leis an socrú nach dtabharfaí cead d’fhoirne mionúir agus faoi 21 an chontae imirt i gcraobh an chúige.

Cé go bhfuil Craobh Mhionúir na hÉireann buaite faoi thrí ag Gaillimh ó thosaigh na sinsir ag imirt i gCraobh Laighean, deir lucht CLG na Gaillimhe go bhfuil foirne faoi aois an chontae faoi mhíbhuntáiste mar nach dtugtar dóthain cluichí do na fir óga chun go ndéanfaidís forbairt ar na scileanna.

Is iomaí duine a thug tacaíocht do chás na nGaillimheach le tamall anuas. Ar ndóigh, tá a lán d’iar-imreoirí na Gaillimhe féin tar éis cás a gcontae a chur chun cinn ach tá tacaíocht faighte acu ó dhaoine eile chomh maith, Brian Cody ina measc. Dúirt Cody gurbh fhearr leis féin go bhfanfaidís i gCraobh Laighean.

Ar ndóigh, níor chuir teacht na nGaillimheach go dtí an cúige isteach mórán ar rath na gCat i gcomórtas na sinsear. Níor bhuaigh Gaillimh ar Chill Chainnigh ach aon uair amháin i gCraobh Laighean, cluiche ceannais 2011.

Is iad na foirne eile sa chúige, go háirithe Loch Garman agus Uíbh Fhailí is láidre atá ag cur i gcoinne áit a thabhairt d’fhoirne faoi aois na Gaillimhe. Duine a bhreathnódh ar thorthaí na gcluichí, thuigfeadh sé a gcás. Ní bheadh ann ach slat a bhaint chun iad féin a bhualadh.

Ó thosaigh Gaillimh ag imirt i gCraobh Shinsir Laighean in 2009, chinn ar Loch Garman agus ar Uíbh Fhailí cluiche ceannais an chúige a bhaint amach, gaisce atá déanta cúig huaire ag Gaillimh. Dá dtabharfaidís cuireadh do na Gaillimhigh teacht isteach sa chomórtais faoi aois, níl aon amhras ach go mbeadh sé níos deacra orthu féin na cluichí ceannais sna comórtais sin a bhaint amach freisin.

I gCraobh Mhionúir na hÉireann, caithfidh tú dul chomh fada siar le 1986, nuair a bhuaigh Uíbh Fhailí ar Ghaillimh i gcluiche leathcheannais na hÉireann, le teacht ar an uair dheireanach gur bhuaigh foireann as Cúige Laighean, seachas Cill Chainnigh, ar na Gaillimhigh.

Ó shin, tá cluichí imeartha ag foireann mhionúir na Gaillimhe in aghaidh Laoise, Loch Garman (faoi thrí), Baile Átha Cliath agus Uíbh Fhailí (faoi dhó). Ar an meán, bhí bua ocht bpointe acu sna cluichí sin.

Is ionann an scéal sa Chraobh Faoi 21 agus is iad Loch Garman, in 2014, an t-aon fhoireann, seachas na Cait, ar éirigh leo Gaillimh a shárú le beagnach 25 bliain.

Forbairt agus forás na n-imreoirí óga atá á gcur chun cinn ag muintir na Gaillimhe mar chúis gur cheart cuireadh a thabhairt d’fhoirne faoi aois an chontae imirt sna comórtais i gCúige Laighean, ach d’fhéadfadh cuireadh mar sin drochthionchar a bheith aige ar leithéidí Loch Garman agus Uíbh Fhailí.

Dá bhfaigheadh Gaillimh an ceann is fearr ar Uíbh Fhailí i gcluiche leathcheannais Laighean sa Chraobh Shinsir, bheadh deis eile ag Uíbh Fhailí sa chomórtas cáilithe. Ach i gCraobh na Mionúr agus sa Chraobh faoi 21, aon fhoireann a sháraítear i gcluiche leathcheannais an chúige bíonn deireadh lena bhfeachtas.

Is cinnte go mbeidh an cás sin á déanamh ag toscairí na gcontaetha sin mí Feabhra seo chugainn ag an gcomhdháil

Fág freagra ar 'É sách deacair ag imreoirí óga Uíbh Fhailí gan Gaillimh a bheith rompu'