É a aistriú nó gan é a aistriú – sin í an cheist (i gcead do Liam Shakespeare)

FRIOTAL: Tá a leithéid de rud ann agus ‘ró-aistriúchán’, a deir ár gcolúnaí

Cartún Antain
Léaráid: Tuairisc.ie/CÓS

Ar léigh tú riamh dráma le Liam Shakespeare? Ar bhain tú síntiús ar líne amach leis an nuachtán mórchlú Tráthscéal Éireann? An maith leat braon 7Suas a chur i do ghloine Sólás an Deiscirt nó an mbeadh sé sin rómhilis ar fad duit? Ná ceap gur ag rámhailleach atá mé: níl i gceist sa méid thuas ach leaganacha Gaeilge de William Shakespeare, The Irish Times, 7Up agus Southern Comfort. Ní mise a chum ná a cheap iad – cluinim iad i gcomhrá daoine agus chím a leithéid i gcló, thall is abhus. Is samplaí iad de ghalar a dtugaimse ‘ró-aistriúchán’ air.

Is baolach, má dhéantar ainm a aistriú go Gaeilge, go gcuirfear ó aithne é. Déan cuardach Google ar Tráthscéal Éireann agus feicfidh tú go mbíonn The Irish Times scríofa idir lúibíní ina dhiaidh de ghnáth, ionann agus a rá go bhfuil faitíos ar an scríbhneoir nach n-aithneodh an léitheoir cén nuachtán atá i gceist. B’fhusa, shílfeá, The Irish Times a scríobh an chéad lá riamh. (Dar ndóigh, tá daoine ann a dhéanann ‘cuardach Gúgail’, ach ní léir dom go bhfuil an Ghaeilge pioc níos saibhre ná níos sábháilte de thairbhe an traslitrithe sin ar ainm tráchtála.)

Má tá blas na háiféise ar ‘Liam Shakespeare’ cuimhnímis go bhfuil díograiseoirí ann a rachadh céim níos faide agus ‘Liam Ó Croithshleá’ a thabhairt ar an fhile. An fhírinne choíche, is le greann is mó a dhéantar a leithéid d’aistriúchán focal ar fhocal ar ainmneacha gallda. Bhí Myles na gCopaleen ina mháistir air: ‘Cléireach Bhinn an Tí’ a thug sé ar Clarke Gable, cuir i gcás. Ach ní cúrsaí grinn ar fad atá ann. Is le fonn magaidh a thugann poblachtaigh ‘Ian Óg Páislig’ ar Ian Paisley Junior, ach d’fhéadfaí a mhaíomh gur leagan lándlisteanach de réir dhúchas na Gaeilge é sin. Is deacair éalú ón pholaitíocht sna cúrsaí seo: san intreoir le An Sloinnteoir Gaeilge agus an tAinmneoir, thrácht Micheál A. Ó Murchú ar shloinnte atá coitianta in Éirinn agus nár gaelaíodh riamh: ‘Níor leasc leis an gaill riamh ár sloinnte a ghalldú: nach mithid dúinne an comhar a dhíol?’

Comhairle atá ina lán téacsleabhair aistriúcháin gan ‘téarmaí cultúrtha’ a aistriú, macasamhail zeitgeist na Gearmáinise nó savoir faire na Fraincise. An míniú is coitianta air sin ná gur coincheapa iad a bhaineann le cultúr faoi leith agus nach féidir iad a aistriú. Ní fheadar: ní bheadh ‘spiorad na linne’ agus ‘fios gnó’ i bhfad ón cheart, bíodh is nach bhfuil siad díreach chomh galánta. Déanaimse amach nach bhfuil an dara rogha ag lucht na Gaeilge ach téarmaí cultúrtha Béarla a aistriú, ar eagla ár mbáite.

Glacaimis sampla a bhí ar Tuairisc.ie le gairid: garden centre Unionists, i.e. Aontachtaithe arbh fhearr leo cuairt a thabhairt ar B&Q ná dul chomh fada le stáisiún vótaíochta. Dá scríobhfaí ‘Aontachtaithe ionad garraíodóireachta’ ní thuigfeadh an léitheoir é gan é a aistriú siar go Béarla. Ní fiú an saothar é nuair nach bhfuil i gceist dáiríre ach ‘Aontachtaithe na patuaire’.

– Tá Antain Mac Lochlainn ina eagarthóir ar an suíomh áiseanna Gaeilge www.aistear.ie.

Fág freagra ar 'É a aistriú nó gan é a aistriú – sin í an cheist (i gcead do Liam Shakespeare)'

  • philip

    Aililiú, Alleluia agus הַלְּלוּיָהּ

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    …is cuimhne liom nuair a bhí mé óg agus muid ag ól an 7suas! B’fhearr liom sú trátaí a ól na laetha seo..

  • criostóir ó maonaigh

    Aontaím le Antain Mac Lochlainn, scríobh Liam Ó Rinn an rud céanna ina leabhar PEANN AGUS PÁR a foilsíodh ins na 1930adaí i dtaobh aistriúcháin ó theanga go teanga.

  • Darragh Ó Náraigh

    Fengshui nó gaoth-uisce?