Dúshlán na n-eagraíochtaí Gaeilge tugtha i dTithe an Oireachtais maidir le himeallú na teanga sna meáin

Dúradh ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge go bhfuil sé in am ag na heagraíochtaí Gaeilge agus pobal na teanga gothaí na troda a chur orthu féin arís mar a deineadh aimsir na bhfeachtas ar son RnaG agus TnaG agus Theilifís na Gaeilge

Dúshlán na n-eagraíochtaí Gaeilge tugtha i dTithe an Oireachtais maidir le himeallú na teanga sna meáin

Ní thiocfaidh aon fheabhas ar chás na Gaeilge ar na meáin chraolta náisiúnta Bhéarla gan feachtas láidir agus ceannasaíocht ó na heagraíochtaí teanga agus pobal na Gaeilge.

B’in an teachtaireacht shoiléir a tugadh ag cruinniú de Chomhchoiste Oireachtais na Gaeilge, Gaeltachta agus na nOileán an tseachtain seo, mar ar pléadh taighde nua a léiríonn a imeallaithe is atá an Ghaeilge ar stáisiúin raidió na tíre.

Ag cruinniú na seachtaine seo i dTithe an Oireachtais, thagair beirt d’údair an taighde sin, an Dr John Walsh agus an Dr Rosemary Day, don ghá le feachtas poiblí ar mhaithe le feabhas a chur ar chás na Gaeilge ar RTÉ agus ar stáisiúin eile.

Dúirt údair na tuarascála taighde go raibh sé in am anois ag na heagraíochtaí Gaeilge agus pobal na teanga gothaí na troda a chur orthu arís mar a deineadh aimsir na bhfeachtas ar son Raidió na Gaeltachta agus Theilifís na Gaeilge.

Dúirt an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann Gaillimh, gurb amhlaidh go raibh “titim leanúnach” tagtha ar sholáthar na Gaeilge ar RTÉ agus ar sheirbhísí eile ó bunaíodh RnaG agus TG4.

“Tá na forálacha seo san acht [An tAcht Craolacháin 2009] in ainm is a chinntiú go bhfanfaidh an Ghaeilge i gcluasa agus i súile an phobail go ginearálta, ná beidh sí imeallaithe isteach i sainseirbhísí speisialta, go mbeidh láithreacht, go mbeidh áit aici fós i ngnáthsheirbhísí na tíre go mbíonn an chuid is mó den phobal ag éisteacht leo, agus bímis macánta faoi, níl mórán de lucht éisteachta ná lucht féachana ag Raidió na Gaeltachta nó TG4, dá fheabhas iad,” arsa an Dr John Walsh.

Dúirt an Dr Walsh, sochtheangeolaí agus saineolaí ar an reachtaíocht chumarsáide go mbeadh sé “riachtanach” go mbeadh na heagraíochtaí Gaeilge “airdeallach” faoin gceist seo go háirithe agus an oiread sin de chlaochlú ag teacht ar na meáin “laistigh den réabhlóid dhigiteach”.

“Caithfidh lucht na Gaelainne a bheith páirteach sa díospóireacht sin. Tá athruithe móra ag teacht,” a dúirt sé.

Dúirt an Dr Rosemary Day, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh, go  gcaithfeadh na heagraíochtaí teanga níos mó “ceannasaíocht a thabhairt” mar a rinneadar le linn na bhfeachtas ar son Raidió na Gaeltachta agus TG4. Mura ndéanfaí amhlaidh bheadh an baol ann go bhfágfaí an Ghaeilge ar an imeall sna meáin agus go bhfágfaí “ar lár” í nuair a thiocfaidh reachtaíocht nua isteach do na meáin dhigiteacha.

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Oireachtais, an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly, gur ar mhaithe le “normalú” a dhéanamh ar an nGaeilge sa saol poiblí a tugadh isteach an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge ach gur léiriú eile é cás na Gaeilge sna meáin náisiúnta Bhéarla gur a mhalairt atá ag tarlú agus gurb amhlaidh gur “imeallú” atá á dhéanamh ar an teanga.

De réir an taighde leis an Dr John Walsh, an Dr Rosemary agus an Dr Philip Fogarty, beagán sa bhreis ar thrí uair an chloig d’ábhar Gaeilge a chraolann na stáisiúin raidió áitiúla ar an meán in aghaidh na seachtaine, athchraoltaí san áireamh.

De réir na tuarascála taighde, níl an scéal mórán níos fearr in RTÉ ná mar atá sna stáisiúin tráchtála.

“Seachas feasacháin nuachta i nGaeilge, níl in aschur RTÉ Radio One ach ábhar athphacáistithe ó RTÉ Raidió na Gaeltachta,” a deirtear i ‘Taighde ar úsáid na Gaeilge ar an raidió (Céim a Dó)’

Ba chóir, a deirtear, do na heagraíochtaí Gaeilge dul ag stocaireacht “go réamhghníomhach le lucht déanta dlíthe agus leis an rialtóir chun soláthar Gaeilge níos fearr a bhaint amach ar na meáin trí chéile”.

“Brú ón bpobal, faoi stiúir ag gníomhairí teanga, ba chúis le bunú RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1972, Raidió na Life i 1993 agus TG4 i 1996. 

“Iarraimid ar na heagraíochtaí Gaeilge cuí ceannasaíocht a léiriú agus a bheith réamhghníomhach ina gcuid stocaireachta chun níos mó cláracha Gaeilge a fháil,” a deirtear.

Fág freagra ar 'Dúshlán na n-eagraíochtaí Gaeilge tugtha i dTithe an Oireachtais maidir le himeallú na teanga sna meáin'

  • Sibéal

    Tá an bheirt saineolaí acadúil ag moladh gurb iad “na heagraíochtaí Gaeilge” a chaithfidh an éagóir eile seo in aghaidh na Gaeilge a throid?
    Cén fáth?
    Níl an Broadcasting Authority sásta a dhéanamh cinnte de go bhfuil na coinníolacha ceadúnais maidir le Gaeilge de á comhlíonadh ag na stáisiúin phríobháideacha tráchtácla raidió.
    An Coimisinéar Teanga is cirte a ba chóir an éagóir eile seo a throid leis an Broadcasting Authority. Scríobhaimís chuig oifig an choimisinéara Teanga.

    D’fhéadfadh RTÉ cláracha nuachta a dhíol leis na stáisiúin raidió phríobhàideacha tráchtála chun go mbeadh an coinníol faoi chláracha i nGaeilge á comhlíonadh ag an earnáil príobháideach raidió.