An Ghaeilge ‘imeallach’ ar stáisiúin raidió agus í ann go minic ar mhaithe leis an ‘ceol agus craic’ – taighde nua

Beagán sa bhreis ar thrí uair an chloig d’ábhar Gaeilge a chraolann na stáisiúin raidió neamhspleácha ar an meán in aghaidh na seachtaine

An Ghaeilge ‘imeallach’ ar stáisiúin raidió agus í ann go minic ar mhaithe leis an ‘ceol agus craic’ – taighde nua

Tríocha bliain ó chuaigh na stáisiúin raidió neamhspleácha i mbun craoltóireachta go dleathach, tá an Ghaeilge fós “ina teanga imeallach” ar na stáisiúin sin go léir, seachas na stáisiúin lán-Ghaeilge.

Sin an príomhthátal atá le baint as saothar taighde nua a dhéanann anailís ar chás na teanga ar 57 stáisiún raidió neamhspleách ar fud na tíre.

De réir an taighde a sheolfar inniu, beagán sa bhreis ar thrí uair an chloig d’ábhar Gaeilge a chraolann na stáisiúin ar an meán in aghaidh na seachtaine, athchraoltaí san áireamh.

Deir údair na tuarascála nua ‘Taighde ar úsáid na Gaeilge ar an raidió (Céim a Dó)’ go bhfuil an Ghaeilge brúite go himeall sceideal na stáisiún “in ainneoin na reachtaíochta a leagann dualgas ar gach stáisiún an Ghaeilge a bheith mar chuid den sceideal.

Deir na húdair, an Dr John Walsh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, an Dr Rosemary Day, Coláiste Mhuire gan Smál, Ollscoil Luimnigh agus an Dr Philip Fogarty, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh,  gur fíorbheagán Gaeilge “ar an mórchuid” a chraoltar ar na stáisiúin agus gur iondúil gur déanach san oíche “lasmuigh de bhuaicamanta craolta” a chraoltar pé Gaeilge a chuirtear ar fáil.

Deirtear gur “cúis bhuartha” é seo mar gurb ionann é agus “imeallú na teanga go dtí na hamanta is lú a mbíonn daoine ag éisteacht”.

Is iad na stáisiúin tráchtála a bhíonn dírithe ar an óige is mó atá ag craoladh i nGaeilge ach naisc ghairide i nGaeilge idir amhráin is mó a bhíonn i gceist ina gcás siúd.

De réir an taighde, seachas RTÉ, ní chraolann aon stáisiún seirbhís nuachta laethúil i nGaeilge.

Maítear go bhfuil an chuma ar go leor den ábhar Gaeilge a chraolann na stáisiúin “go bhfuil sé mar aidhm aige teagmháil shóisialta a chothú leis an nGaeilge (“Bainimis spraoi as an Ghaeilge!”) nó go mbaineann sé le steiréitíopaí cultúrtha (ceol traidisiúnta)”.

Maíonn na húdair go dtugann teideal na gcláracha Gaeilge leid dúinn maidir leis an ábhar a shamhlaítear leis an teanga agus luaitear teidil mar Ceol agus Caint, Craic agus Ceol, Craic an Lae agus Aon Chraic?.

“Tugann siad seo le fios go mbreathnaítear ar chláracha/giotaí Gaeilge mar ábhar éadrom agus mar shiamsaíocht,” a mhaítear.

Deirtear go gcruthaíonn tromlach na stáisiún a n-ábhar Gaeilge féin ach go bhfuil roinnt mhaith stáisiún pobail ann nach gcraolann d’ábhar Gaeilge ach athchraoltaí ó Raidió na Life amháin.

Tá amhras ar údair an taighde go bhfuil an cur chuige seo ag teacht salach ar aidhmeanna na reachtaíochta agus le haidhmeanna agus éiteas na stáisiún féin.

Deirtear go bhfuil an reachtaíocht sa réimse seo “lag agus neamhbheacht” ó thaobh dhualgais na stáisiún i leith na Gaeilge.

“Ní leagann sí síos spriocanna nó céatadáin chinnte faoin aschur Gaeilge faoi mar a dhéanann sí, mar shampla, i gcás na bhforálacha mionsonraithe faoi nuacht agus cúrsaí reatha.

“Ina áit sin, caithfidh an coiste cuí de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann, an Coiste um Dheonú Conartha, ‘aird’ a thabhairt ar an nGaeilge nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh aige faoi cheadúnas a bhronnadh. Fágann sé seo go bhfuil seans ann nach mbeidh ach fíorbheagán Gaeilge
á thairiscint ag na stáisiúin nuair a chuireann siad isteach ar cheadúnas agus go nglacfaidh an tÚdarás Craolacháin leis sin nuair a bhíonn an conradh á phlé.” De bharr easpa acmhainní, a deirtear, ní bhíonn monatóireacht fheidhmeannas an Údaráis Craolacháin ar aschur na stáisiún “an-ghrinn” agus ní léir “go dtugann sí tús áite d’úsáid na Gaeilge ar an aer”.

Níl an scéal mórán níos fearr in RTÉ ná mar atá sna stáisiúin tráchtála, a deirtear.

“Seachas feasacháin nuachta i nGaeilge, níl in aschur RTÉ Radio One ach ábhar athphacáistithe ó RTÉ Raidió na Gaeltachta,” a deirtear.

Deir na húdair go dteastaíonn tuilleadh taighde faoin ábhar seo ach gurb é a dtuairim “choinníollach” ná go dtuigtear do na stáisiúin gurb é an t-aon dualgas atá orthu ná “méid íosta Gaeilge” a chraoladh seachas an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga labhartha.

Dírítear an t-ábhar Gaeilge ar na stáisiúin ar éisteoirí “a bhfuil cur amach fulangach acu ar an teanga ó laethanta na scoile” seachas “ar chainteoirí líofa, gníomhacha Gaeilge”.

Is ionann an cur chuige sin, a deirtear, agus léiriú ar “dinimic shóisialta níos leithne a thugann aitheantas siombalach don Ghaeilge seachas í a chur chun cinn go gníomhach mar theanga labhartha”.

Seachas na stáisiúin óige is ag stáisiúin Spin atá an líon uaireanta Gaeilge is airde. Naoi n-uaire atá i gceist ar Spin Southwest, nó 5.3% dá sceideal agus ceithre uair go leith in aghaidh na seachtaine a bhíonn ar Spin 103.8, nó 2.7% dá sceideal. Is é Wired FM i Luimneach atá chun tosaigh san earnáil pobail agus cúig uair go leith, nó 11.5% dá sceideal, i nGaeilge acu.

Fuarthas amach sa chéad chuid den taighde, a foilsíodh anuraidh, go raibh líon beag stáisiún ann nach raibh ag craoladh aon Ghaeilge in aon chor ina gcuid sceideal ach de réir an taighde nua bíonn Gaeilge éigin anois ar na stáisiúin go léir. Níl aon chlár Gaeilge ná clár dátheangach ar leith ag ceithre stáisiún tráchtála (98FM, C103, Cork’s 96FM agus Q102) agus ní chraolann siad “ach giotaí beaga i nGaeilge nó go dátheangach trí nó ceithre bhabhta sa lá”.

Maireann na giotaí seo idir 60 agus 90 soicind ar an meán, rud a fhágann go mbíonn níos lú ná leathuair an chloig Gaeilge le cloisteáil in aghaidh na seachtaine ar na stáisiúin sin. Giotaí beaga Gaeilge is mó a chraoltar ar Today FM freisin agus ní chraoltar ar an stáisiún sin cláracha iomlána Gaeilge ach ar feadh dhá uair an chloig ar laethanta saoire bainc.

Molann údair ‘Taighde ar úsáid na Gaeilge ar an raidió (Céim a Dó)’ go neartófaí na forálacha cuí san Acht Craolacháin 2009 ionas gur féidir leis an Údarás Craolacháin “polasaí Gaeilge níos réamhghníomhaí a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm i gcomhpháirt leis na stáisiúin raidió”.

Moltar leis go mbunódh an tÚdarás Craolacháin a Choiste Comhairleach Gaeilge an athuair, go bhfostóidís Oifigeach Forbartha Gaeilge arís agus go gcuirfí an Ghaeilge san áireamh i ngach athbhreithniú rialta a dhéanann an tÚdarás Craolacháin ar stáisiúin raidió.

Ba chóir, a deirtear, do na heagraíochtaí Gaeilge dul ag stocaireacht “go réamhghníomhach le lucht déanta dlíthe agus leis an rialtóir chun soláthar Gaeilge níos fearr a bhaint amach ar na meáin trí chéile”.

“Brú ón bpobal, faoi stiúir ag gníomhairí teanga, ba chúis le bunú RTÉ Raidió na Gaeltachta i 1972, Raidió na Life i 1993 agus TG4 i 1996.

“Iarraimid ar na heagraíochtaí Gaeilge cuí ceannasaíocht a léiriú agus a bheith réamhghníomhach ina gcuid stocaireachta chun níos mó cláracha Gaeilge a fháil,” a deirtear.

Cuireann na húdaráis fáilte roimh ghealltanas an BAI go bhfoilseoidh siad  Plean Gnímh don Ghaeilge roimh dheireadh na bliana seo.

Fág freagra ar 'An Ghaeilge ‘imeallach’ ar stáisiúin raidió agus í ann go minic ar mhaithe leis an ‘ceol agus craic’ – taighde nua'