Dúshláin mhóra le sárú ag Stormont – an bhfuil siad in ann ag an ngnó?

Tá imní ar a lán in Stormont nach mbeidh siad in acmhainn íoc as na pleananna a fógraíodh mí Eanáir

Dúshláin mhóra le sárú ag Stormont – an bhfuil siad in ann ag an ngnó?

‘Ré nua, cur chuige nua’. Ba é sin teideal uaillmhianach an treoirphlean do Stormont athnuaite a d’fhógair an dá rialtas dhá mhí ó shin. Ní raibh an dara rogha ag na páirtithe ach glacadh leis an dúshlán agus filleadh ar an obair.

Is léir gur faoiseamh do na polaiteoirí é a bheith ar ais sa teach ar an gcnoc, saor ón síorcháineadh faoin bhfolús a mhair trí bliana.

Chuir an pobal fáilte mhór roimh na tosaíochtaí a leagadh amach i bplean na rialtas. Ina measc bhí réiteach, ar an toirt, ar stailc na n-altraí, rud a rinneadh cé go raibh sé sách deacair an costas a sheasamh. Ar an liosta freisin bhí ceansú na liostaí feithimh le haghaidh cúram leighis, réiteach ar agóid thionsclaíoch na múinteoirí , méadú ar líon na bpóilíní, scoil leighis a bhunú in Ollscoil Mhic Aoidh i nDoire agus ceapadh Coimisinéirí Teanga. Beartais chostasacha iad go léir.

Níorbh fhada gur léir nach mbeadh rialtas na Breataine chomh fial agus a mheas na páirtithe a bhí riachtanach. Ní raibh an buiséad dearbhaithe ná aontaithe faoin am ar fhógair Státrúnaí an ama, Julian Smith agus an Tánaiste, Simon Coveney an plean athnuachana. D’fhógair an tAire Airgeadais, Conor Murphy ó Shinn Féin, ar a chéad lá i mbun a ghnóthaí nár leor an buiséad a bhí á thairiscint ag rialtas na Breataine. Bhí sé thar a bheith easnamhach, dar leis.

Tá sé ag margáil le hoifig an Státchiste ó shin, ag iarraidh airgead breise a fháil. Tuigtear go mbeidh méadú ar an mbuiséad i gcomhréir le caiteachas poiblí nua i dtuaisceart Shasana ach tá an tAire Murphy meáite de nach leor sin. Deir sé go bhfuil gá le beagnach £700 milliún sa bhreis chun an córas poiblí a choinneáil ag imeacht, gan trácht ar an gcostas a bheadh ar bheartais úra.

Ní raibh amharc ar bith ar airgead breise go fóill. Teastaíonn ó na Tóraithe go ndéanfaidh Stormont athruithe is cosúil. Diúltaíonn an DUP agus Sinn Féin as éadan do tháillí uisce agus do mhéadú ar tháillí ollscoile, dhá chéim a bhfuil dúil mhór ag na Caomhaigh iontu, is cosúil. Níl leide ar bith faighte go fóill conas a thabharfadh Stormont faoi na pleananna dúshlánacha atá ar an gclár oibre mura scaoileann Whitehall an glas ar an sparán.

Fógróidh Seansailéir nua an Státchiste, Rishi Sunak, a bhuiséad an tseachtain seo chugainn. Cúpla seachtain ina dhiaidh sin a fhógróidh Conor Murphy buiséad Stormont. Tá imní ar a lán in Stormont nach mbeidh siad in acmhainn íoc as na pleananna a fógraíodh mí Eanáir. Ní dea-thuar é.

Bhí go leor sa treoirphlean New Decade, New Approach faoi chur chuige nua. Go bunúsach bhain sé sin leis an mífheidhmiúlacht, a bhí de dhlúth agus d’inneach in Stormont roimh an titim in 2017, a sheachaint feasta. Bheadh airí freagrach agus cuntasach as a n-iompar féin agus as riaradh a ranna. Bheadh oscailteacht i réim, a dúradh, ach tá cuid de na meáin ag gearán cheana féin nach n-insítear dóibh faoi sheisiúin eolais.

De réir an phlean, bhunófaí painéal chun na moltaí a bheidh i dtuarascáil an bhinse ar chonspóid an RHI, scannal na scéime fuinnimh inathnuaite, a chur i bhfeidhm. Foilseofar an tuarascáil sin tráthnóna Aoine na seachtaine seo chugainn, deireadh seachtaine a mbeidh Airí thall i Meiriceá. Tá suim mhór ag an bpobal san scéal ach daoine sách soiniciúil faoi cén éifeacht a bheidh aige ar Stormont.

Thar aon ní eile theastaigh ón bpobal – agus ón dá rialtas – go bhfeidhmeodh an Feidhmeannas athbhunaithe ar bhonn páirtnéireachta agus go mbeadh deireadh le roinnt na creiche idir an dá mhórpháirtí, an DUP agus Sinn Féin. Beifear ag faire go géar féachaint cé mar a chaithfidh an dá mhórpháirtí leis na mionpháirtithe an geábh seo. Idir 2007 agus 2017 caitheadh go suarach leis na páirtithe beaga agus níorbh iontas ar bith é gur fhág siad an chomhaireacht le dul sa bhfreasúra. Ba ghearr an t-achar a mhair Feidhmeannas an DUP agus Sinn Féin ina dhiaidh sin.

Sa mhullach ar na deacrachtaí airgid in Stormont, an caidreamh corrach idir páirtithe agus an claonadh chun rúndachta sna príomhpháirtithe ní mór don Fheidhmeannas a dhul i ngleic leis an mBreatimeacht tráth a bhfuil imní mhór ann faoi rún Boris Johnson agus a rialtas.

Tá cruinniú le Michael Gove iarrtha ag an gCéad-Aire agus an LeasChéad-Aire, Arlene Foster agus Michelle O’Neill. Cé nach n-aontaíonn siad faoi imeacht as an Aontas Eorpach, tá siad aontaithe, a deir siad, go dteastaíonn an margadh is fearr do Thuaisceart Éireann. Níorbh údar dóchais d’éinne abhus a raibh le rá ag Gove faoi ‘these islands’ agus prótacal na hÉireann.

Tá dúshláin mhóra le sárú ag Stormont. An bhfuil siad in ann ag an ngnó? Beidh an pobal ag éileamh freagraí gan mórán eile moille.

Fág freagra ar 'Dúshláin mhóra le sárú ag Stormont – an bhfuil siad in ann ag an ngnó?'