Dúshláin mhóra le sárú ag Phil Hogan agus coimisinéirí nua-ainmnithe na hEorpa

Beidh baint lárnach ag an gCoimisinéir Trádála nua leis an idirbheartaíocht idir Aontas na hEorpa agus an Bhreatain tar éis an Bhreatimeachta

Dúshláin mhóra le sárú ag Phil Hogan agus coimisinéirí nua-ainmnithe na hEorpa

Phil Hogan. Pictiúr: Sasko Lazarov/RollingNews.ie

Tá sé deimhnithe ag Uachtarán Choimisiún an hEorpa inniu go bhfuil ionadaí na hÉireann ar an gCoimisiún Phil Hogan le ceapadh ina Choimisinéir Trádála. Beidh baint lárnach aige leis an idirbheartaíocht trádála idir Aontas na hEorpa agus an Bhreatain tar éis imeacht na Breataine ón Aontas.

Bhí Hogan, a bhí ina Choimisinéir Talmhaíochta go dtí seo, ar dhuine den seachtar agus fiche coimisinéir ar cuireadh a n-ainmneacha faoi bhráid Chomhairle na hEorpa inniu. Is iad na coimisinéirí nua a bheidh freagrach as go leor beartas de chuid an Aontais as seo go ceann roinnt blianta.

Ní beag na dúshláin a bheidh le sárú acu idir an buiséad nua, beartais le dul i ngleic leis an athrú aeráide agus, thar aon ní eile sna cúig bliana seo romhainn, an idirbheartaíocht ar na conarthaí trádála tar éis an Bhreatimeachta.

Ba údar mhisnigh, dá réir sin, a bhí ann nuair a sceitheadh Dé Sathairn go raibh sé socraithe an ról mar Choimisinéir Trádála a thabhairt do Phil Hogan, an té a bhí ainmnithe ag rialtas na hÉireann. Bíonn cur agus cúiteamh i gcónaí faoi na rólanna a thabharfar do na Coimisinéirí éagsúla agus ó bhain Éire ballraíocht amach san Aontas bhí rólanna tábhachtacha ag Coimisinéirí na tíre seo. Go deimhin, bhí ról tábhachtach ag Hogan i ndáileadh sciar mór de bhuiséid an Aontais le blianta anuas ina phost mar choimisinéir talmhaíochta.

Lean an mhargáintíocht agus an stocaireacht faoi bhallraíocht an Choimisiúin i rith an deireadh seachtaine. Cé gur ag feidhmiú thar ceann an Aontais Eorpaigh ar bhonn neamhspleách a bhíonn Coimisinéirí, ní haon rún é go mbíonn luí ar leith acu le riachtanais a dtíortha dúchais. Is treise dúchas ná oiliúint tar éis an tsaoil agus le leanacht leis na seanfhocla, is fearr cara sa gcúirt ná punt sa sparán!

Más leide ar bith an méid atá ráite go dtí seo ag Phil Hogan faoi chás na Breataine agus go háirithe a thionchar ar Éirinn is beag foighid a bheidh aige le moilleadóireacht agus doicheall roimh an idirbheartaíocht. Tá sé de cháil air freisin nach aon ribín réidh é agus é i mbun eadrascáin. A leithéid a bheidh ag teastáil le cur in aghaidh aon chlaonadh a bheadh ar chomhghleacaithe Eorpacha géilleadh d’éilimh na Breataine.

Tá sé i gceist go dtiocfaidh an Coimisiún nua i mbun oibre ar an 1 Samhain. Idir seo agus sin tá siad le ceistiú ag na feisirí i bParlaimint na hEorpa. Cuirfear chuile dhuine acu faoi agallamh a mhairfidh trí huaire an chloig. Uaireanta athraítear na pearsana nó na rólanna de bharr na n-agallamh sin. Tá sé de chumhacht ag an bParlaimint diúltú do na coimisinéirí mar ghrúpa. I bhfírinne ní tharlaíonn sin mar nach molfaí iad murach gur tuigeadh go mbeadh glacadh leo. Cuirfidh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg na coimisinéirí nua faoi mhion nuair a bheidh glactha ag Parlaimint na hEorpa leo.

Fág freagra ar 'Dúshláin mhóra le sárú ag Phil Hogan agus coimisinéirí nua-ainmnithe na hEorpa'